Project Béaloideas:
The Storytelling Setup
- Domh 30 DFómhLocation is TBD30 DFómh 2022, 19:00 – 21:00
- Sath 29 DFómhRua Red29 DFómh 2022, 16:00 – 18:00
An Chéad Imeacht Eile
Scéalta Scanrúla II
Is í Oíche Shamhna Tús na Samhna agus tréimhse de athnuachan. Ar an ócáid scéiniúil seo, tá sé in am dúinn teach le chéile le cúpla scéil a roinnt.
An Samhain seo, teastaíonn uainn cuireadh a thabhairt daoibh teacht chun éisteacht le scéalta draíochta. Téama an imeacht seo ná Scéalta Scanrúla II, mar sin bígí linn le héisteacht le na scéaltaí a chuirfidh uafás oraibh.
Beidh scéalaithe iontacha linn, agus seans go spreagfaidh siad neart smaointe ionaibhse chun scéalta a roinnt ag ár gcéad imeacht eile, ag Grianstad an Gheimhridh.
TICÉID AR FÁIL SAOR IN AISCE
AR 30 Meán Fómhair 2022.
Dáta
30 Deireadh Fómhair
2022
Am
16:30 (Seó na bPáistí)
19:00 (Seó na nDaoine Fásta)
Faoi PB
Céard é Project Béaloideas?
Is meitheal nua í Project Béaloideas a ligeann do sheanchaithe Gaelacha a bhfréamhacha a nochtú, má's anseo in Éirinn nó thar lear a luíonn siad
An sprioc atá againn ná an cultúr Gaelach a spreagadh agus scéalta seanchaithe a chothú le scéalta ó thíortha eile.
Cuir Aithne ar an bhFoireann!
Emily Miller
Príomh-Físeagarthóir
Is ealaínteoir ildisciplíneach agus taighdeoir í Emily ar bhain céim céadonóracha amach i bPéint na Mínealaíona le déanaí ón gColáiste Náisiúnta na hEalaíona agus an Ghréasáin, Baile Átha Cliath. Tá sí ag déanamh taighde ar Sheanchas Págánach Ceilteach agus ról na mban i stair na healaíona in Éirinn, ábhar ar spreag léann Sarah Cecilia Harrison í le breathnú air. Agus í ag fásadh aníos ar fheirm chaorach i gContae Laoise, spreagadh í le meas láidir don Domhan Nádútha.Thar aon rud eile, is cosantóir imshaol í, tagann an fórmhór dá taighde, spreagadh agus dealbha díreach ó Nádúr na hÉireann agus an radharc tíre.Beidh Emily ag cur a cuid oibre i láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ag an bhFéile “Earth Rising” in Deireadh Fómhair 2022.
Oisín Ó Dubhshláine
Creative Director
Is mac léinn chéad bhlian é Oisín, ag déanamh stáidéar ar an Dlí in COBÁC. Tá gaol láidir aige leis an nGaeilge agus taitníonn leis na féilte traidisiúnta a chomóradh i mbealach oscailte agus tarraingteach. Taitníonn leis scéalta a roinnt agus is aoibhinn leis iad a chloisteáil chomh maith. Agus é ag forbairt a chuid scileanna scríofa le scéalta agus san fhilíocht, thosaigh sé an tionscnamh seo chun gaolta a chruthú le daoine, agus chun na scéalta draíochta timpeall orthu a thaispeáint dóibh.