Déithe daoibh agus fáilte chuig an cúigiú chuid dár sraith sé chuig ar Réada agus Iarsmaí. An tseachtain seo caite, labhair muid faoi Crainnte na hÉireann. Inniu labhróimid faoi réada atá speisialta i leith Éire. Is í seo an Mheadar. Is éard is Meadar ná cupán nó cruach le ceithre hanla uirthi. Míneoidh ár scéal inniu conas ar chruthaíodh an réada seo.
I ndiadh riail na Tuatha Dé Danann in Éirinn, shocraigh na Gael anseo. In Éirinn, bhí cúig cúige. Cúige Laighean, Cúige Mumhan, Cúige Uladh, Cúige Connacht, agus an Mhí. Mar a fheiceann sibh, tá nasc soiléir idir na focla cúig agus cúige. Bhí Rí nó Banrí ag gach Cúige. Chomh maith le seo, rialaigh Ardbhanrí nó Ardrí Éire uilig.
I rith riail na nGael, deirtear gur bhuail siad le na Rómhánaigh. Nuair a chonaic Tuathal, Ardrí na hÉireann, na Rómhánaigh, agus iad ag ól ó cruachanna le hanla acu, chuaigh sé chuig a ghabha agus d’ordaigh sé go gcuthfódh a ghabha cruach le hanla chomh maith.
“Gabha” arsa Tuathal.
“Is ea, mo Rí,” d’fhreagair an Gabha.
“Ar fhaca tú na cruachanna a bhí ag na Rómhánaigh leo agus iad ar chuairt?”
“Is cinnte gur conaic. Is gléasanna aisteacha iad, nach ea?”
“Tá cheann uaim.”
“Agus chruthóidh mé cheann duit. Cruach níos fearr ná na cupán atá acu. Agus, chomh maith le sin, b’fhéidir leat an méid meá a ól uaidh is a dteastaíonn uait.”
Anois, thaitin sin go mór le Tuathal. An méid meá is ar theastaigh uaidh. Ba rud mór le rá é sin. Thaitin meá go mór le Tuathal.
“Tús leat, mar sin,” arsa Tuathal, agus d’fhág sé lena fhallaing ag eitilt taobh thiar dó.
Níorbh fhada go dtí go chuireadh féasta ar fáil i dTeamhair. Theastaigh meá go mór ó dTuathal agus fiú gur bfhéidir leis é a ól an bealach céanna mar a d’ól sé dá shaol roimhe seo, ba mhian leis feiceáil conas a raibh ag éirí lena ghaba. Roimh tús an fhéasta, ghlaoigh sé ar a ghaba. Tháinig an gabha agus sheas sé ar thaobh dheis an rí, agus é ag ithe.
“Conas atá mo chruach ag teacht le chéile?” cheistigh an Rí.
“Deá-nuacht, mo Rí. Tá sé agam liom anois, díreach…. Anseo,” arsa an gabha, ag tógáil amach an chruach chun é a thabhairt don Rí.
Ach, bhí fadhb le seo. Beir an gabha hanla na cruaiche agus mar sin, níorbh fhéidir leis an rí é a bhaint uaidh.
“Céard é seo? Conas ar chóir dom é a bhaint uait ós rud é go bhfuil ach hanla amháin air. Chruthaigh tú mícheart é!”
“Ach na Rómhánaigh-”
“Ní Rómhánaigh muid! Tá gabha eile uaim, táim críochnaithe leat.”
D’fhostaigh Ardrí Tuathal dara gabha agus dúirt sé léi gur theastaigh cruach uaidh le dhá hanlaí air. Dúirt sí leis nach mbeadh fadhb ar bith aici le seo.
Níorbh fhada gur tháinig an dara gabha ar ais chuige le cruach nua, feabhsaithe. Sheas sí ar thaobh dheis an Rí.
“An bhfuil an chruach agat?” cheistigh Tuathal.
“Tá.”
“Bheul, tabhair dom é, mar sin, tá tart orm.”
Beir an dara gabha an chruach le dhá lámha agus thug sí don Rí é.
“An bhfuil tú ag magadh liom?” cheistigh an Rí. “Céard é seo?”
“Seo an chruach ar ordaigh tú. Cruach le dhá hanlaí.”
“Agus abair liom, conas ar chóir dom e a thógáil uait, má’s rud é go bhfuil tú ag beir ar an dá hanlaí?”
Roimh ar fhreagair an dara gabha a cheist, chuir Tuathal í chun bóthar. D’fhostaigh sé tríú gabha agus cheap sé “An uair seo, oibreoidh sé”. Chuir Tuathal an tríú gabha chun obair, an uair seo, ar chruach le trí hanlaí.
D’oibrigh an tríú gabha air agus nuair a tháinig féasta eile, ghlaoigh an Rí air chun a chuid oibre a chur i láthair. D’iompar an tríú gabha cruach aisteach chuig an rí agus seas sé ar an dtaobh dheis dó, ach bhí dul amu ar chomh maith. Chuir sé trí hanlaí ar an gcruach, ach bhí air é a iompar le dhá lámha. Chuir sé a dhá lámh leis, ach fós, sheas an tríú hanla ar an dtaobh is giorra dá chorp.
Faoin am seo, bhí Tuathal ar buile. Ní raibh sé sásta ar chorr ar bith, aguc bhí sé an-chantalach. Chaith sé an chuid is mó dá chuid ama ag dul chun stuaice. An t-aon a bhí uaidh ná cupán inmhaíte le ól a chuid meá uaidh. Bhí sé tar éis a bheith ag maíomh go raibh cruach le trí hanlaí air aige, as ab fhéidir leis an méid meá a bhí uaidh a ól. Agus dúirt siad go léir “is an-chuid meá é sin.” Anois, ar a dtríú iarracht, theip air.
Anois, ní amháin gur uimhir ámharach í trí do na Gael, is uimhir bheannaithe a bhí ann. Mar sin, nuair ar theip air don tríú uair, d’imigh Tuathal agus a chleití leis. Ach rinne sé iarracht amháin eile, ag úsáid bealach éalaithe. Athfhostaigh sé an chéad gabha.
“Gabha, tá tasc agam duit. Tá slí ar leith go bhfuil ort leanúint.”
“Go raibh maith agat, mo Rí. Éireoidh liom an uair seo, gealaim duit.”
Le sin, chuir an Ardrí an chéad gabha ag obair agus d’fhan sé ar a chruach.
Ar deireadh thiar thall, tháinig an gabha chuige, le cruach ceithre hanlaí ina lámha aige. D’iompar sé é, lán le meá, le dhá lámha agus thug sé don Ardrí é. Sheas Tuathal ar an dtaobh dheis den gabha agus ghlac sé an chruach uaidh. Ghlac an Rí sup uaidh agus thosaigh sé ag gáire.
“Is é seo an chruach is fearr as ar ól mé ariamh.”
Thug Tuathal an Mheadar dá bhean ansin, ar shuígh ar an dtaobh dheis dó agus ghlac sí sup freisin. Chuaigh an Mheadar timpeall an halla ar fad. Ag leanúint uaidh seo, is traidisiúin é chun sup amháin a thógáil ón mheadar agus é a chuir chun dheis duit. Chomh maith le seo, bhí ar an mheadar bog chun treo na gréine. Má’s rud é nach ndéanadh seo, thiteadh mí-ádh ar an dteach. Ag coimeád lena nósanna fáilteacha, bhí air píosa meá a bheith fágtha sa mheadar roimh ar tháinig sé ar ais chuig an dtús. Bhí scair cothrom ag gach duine ann.
Is é seo tús na meidre. Go raibh maith agaibh as ucht a bheith linn. Bígí linn an tseachtain seo chugainn don scéal deireanach ar Réada agus Iarsma.
Comments