Déithe daoibh agus fáilte chuig an tríú chuid dár sraith sé chuid ar Réada agus Iarsmaí. An tseachtain seo caite, roinn muid scéal libh ar na Trí Luachanna den Tuatha Dé Danann. An tseachtain seo, feicfimid ar rud nua, bhuel, uirlis nua, a raibh tábhacht speisialta aige anseo in Éirinn ar feadh aoiseanna. Dar ndóigh, is í an uirlis seo an chláirseach.
Inár sraith ar Laochra, labhair muid faoin Dagda agus a thóiríocht le haghaidh Uaithne. Ach, níor labhair muid mórán faoin gcumas a bhí ag an gcláirseach seo. Mar is eol daoibh, is é an Dagda an t-aon duine ar b’fhéidir leis an chláirseach seo a sheinnt. Ghlaofadh sé ar shaghasanna éagsúla cheoil, agus d’athrófaí giúmar iad siúd ar chuala an cheol seo. Deirtear gur úsáid an Dagda an chláirseach seo chun ord a chur ar na séasúr. Ós rud é gur éirigh le na Fomhóraigh agus iad ag iarraidh an chruit a chomieád ón Dagda, seans nach bheadh brí le ham a thuilleadh. Chomh maith le seo, chuirfí stop le na séasúr, nó tharlóidh siad go léir ag an am céanna.
Ní hé an Dagda an t-aon cláirseoir sa Tuatha Dé Danann. Bhí an-chuid gaiscígh ar thuill a máistreacht thar an uirlis seo. Dar ndóigh, ba fhéidir le Lugh Lámhfhada é a sheinnt go foirfe. Chomh maith le hOgma, ach ní aon iontas é sin agus an méid scil atá i gceist. Chomh maith le sin, sheinn Caer Iobharmheith, bean ar thug cuairt ar Aengus an Mac Óg ina bhrionglóidí. Chan sí agus sheinn sí an chruit dó, agus fiú ina bhrionglóidí, thit sé ina chodladh agus chuaigh sí as amharc.
Is í Cana Cludhmor cruthaitheoir na cláirsí. Deir cúpla foinse gurb ise Bandia an Cheoil agus na Filíochta. Oíche amháin, bhí argóint aici lena fear, agus chuaigh sí ar shiúlóid cois farraige, chun a hintinn a bhailiú. Agus í ag siúl, chuala sí ceol álainn ag teacht ón bhfarraige. Mhaolaigh an cheol a stuaim agus shuígh sí ar an ngainneamh lena scíth a ligint. Chodail sí ansin agus nuair a dhúisigh sí, fós mhothaigh sí an cheol ina cnámha. Chuaigh sí sa tóir ar an bhfoinse agus thainig sí air. Luígh míol mór marbh ar an ngainneamh agus a gcorp ag meath. Chuaigh an ghaoth ag rince tríd a gcuid easnacha, ag taraingt ar na bhfeitheoige fágtha, ar nós sreanganna. Ó seo, spreagadh Cana. Dhear sí agus thóg sí an chláirseach, agus is ise a ghaoimid buíochas léi don uirlis iontach seo.
Chomh maith le seo, chonaic muid an chruit i scéal ag ceann dár imeachtaí. Ag Scéalta an tSamhraidh 2021, roinn Rachel Nic Aoidh an scéal, “An Rí le Cluasa an Asail.” Sa scéal seo, roinntear rúin an Rí Labhraidh Loingseach le crann. Níos déanaí, leagtar an chrann seo agus déantar cláirseach as. Nuair a sheinntear an chruit seo, chanann sé “tá cluasa asail ag an Rí, tá cluasa asail ag an Rí”. Tugann seo cúnamh don Labhraidh Loingseach glacadh lena éagsúlachtaí agus le bogadh thar a chuid náire.
Ó na scéalta seo, feicimid is minic go sheasann an Chláirseach mar deireadh le coimhlint. Chuir a chuid cheoil na scabhtaí Fomhórach, chomh maith le Aengus Mac Óg, ceann de na Tuatha Dé Danann ina chodladh. Mhaolaigh sé Cana Cludhmhor agus thug sé cúnamh di bogadh thar an argóint a bhí aici lena fear. Agus chabhraigh sé le Labhraidh Loingseach glacadh lena éagsúlachtaí. Is léir gur siombal le luach mór air í a chláirseach, chomh maith leis an gceol ar sheinn sé.