top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a hAon: Laochra, Clár a Cúig: Oisín MacFionn



Déithe daoibh agus failte go dtí an cúigiú cuid dár sraith ar Laochra na hÉireann. An tseachtain seo caite labhair muid faoi Fionn Mac Cumhaill, agus inniu féachfaimid ar a mhac, Oisín. Anois, deirfinn go bhfuil trácht cloiste agaibh ar Oisín, go háirithe a eachtraíocht go Tír na nÓg le Niamh Chinn Ór, ach dóibh siúd nach bhfuil sé cliste acu, éistigí le m’fhocla anois.


Tar éis scéal grá Fionn agus Sadhbh, tháinig Oisín. Faoin am seo, chuaigh Fionn ag troid, agus bhí Sadbh athraithe ar ais ina fia. Nuair a rugadh Oisín, b’fia é freisin. Thug Sadhbh aire d’Oisín ach nuair a tháinig Fionn trasna ar Oisín arís, bhí sé ar a aonar. Ba bheag nár mharaigh a chú, Bran, é, ach scread Oisín amach gan é a mharú. Dúirt Fionn l’Oisín chun léimt tríd a chosa. Lean Oisín an ordú agus nuair a tháinig Bran ina dhiaidh, dún Fionn a ghlúine agus mharaigh sé í. Thosaigh Fionn ag gol ar an spota ansin, mar go raibh grá mór aige dá chú.


Anois, bhí Fionn agus Oisín le chéile arís, le Oisín fós i gcorp Fia. Ach, bhí fuil speisialta ag Oisín agus Fionn. Muirne is ainm do mháthair Fionn agus seanmháthair Oisín, agus bhí sí in ann tiontú ó bean go fia go héasca. Mar sin, labhair Fionn le Oisín, agu mhúin se dó conas é féin a tiontú ar ais ina bhfear arís. Ar an dtríú iarracht, d’éirigh le hOisín agus chonaic Fionn buachaill óg os a chomhair amach. A mhac a bhí ann.


D’fhás Oisín aníos agus d’fhás sé ina gaiscíoch láidir. Bhí sé mar cheann de na gaiscíoch is fearr de na Fianna. Chomh maith le sin, is file aláinn a bhí ann. Chum sé véarsaí agus prós go héasca. Fear dathúil a bhí ann freisin, agus tar éis é seo ar fad a chloisteáil, níl aon dabht ar chén fáth gur tháinig Niamh Chinn Óir sa tóir air.


Lá amháin, i ndiaidh cath uafásach, d’fhreastal na gaiscígh a bhí fágtha thar na sléibhte i gCill Áirne, le Oisín ag chun tosaigh orthu, in aice lena athair, Fionn. As an gceochán thar Loch Léin, tháinig Niamh Chinn Óir ar chapall bán, ag druidim thar an uisce. Labhair Niamh le Fionn, Taoiseach na Fianna, agus thuig Fionn go raibh míshonas uirthi.


“Cén fáth a bhfuil míshonas ar do chroí? Céard a tharla de d’fhear chéile?” arsa seisean.


“Ní raibh fear agam go dtí seo. Níor theastaigh fear uaim go dtí gur chuala mé trácht ar Oisín Lámhláidir. Eisean atá uaim, agus mothaíonn mo chroí trom gan é.”


Nuair a chuala Oisín na focla seo, thit sé i ngrá le Niamh ar an dtort.


“Céard a theastaíonn uait, a stór?” arsa Oisín.


“Teastaíonn uaim go dtiocfadh tu ar ais liom abhaile. Is as Tír na nÓg dom, áit nach dtagann aois ar duine ar bith ann,” arsa Niamh.


Bhí grá láidir ag Oisín do Niamh, ach bhí a mhuintir ar fad in Éirinn. A athair Fionn, a chairde sa Fianna, agus Éire í féin. An áit ar spreag a chuid dánta agus a scéalta.Na gleannta glasa agus na lochanna gorma. Níor éirigh leis cine a dhéanamh go dtí gur chuir Niamh faoi gheasa é.


Is draíocht chumhachtach í geise. Is nasc dobhriste é a chuireadh ar ghaiscígh, de ghnáth chun a chuid ónóra a choimeád nó mar sin de. D’úsáid Niamh a chuid draíocht ar Oisín agus níorbh fhéidir le Oisín an gheis a bhriseadh.


Chuaigh Oisín le Niamh agus ar an mbealach thar an Aigéan Atlantach, stop siad chun iníon Rí na nÓg a thartháil ó Fomhar Builleach. Fathach a bhí ann, agus troid Oisín ina gcoinne ar feadh trí lá agus trí oíche go dtí gur bhuaigh sé. D’imigh an tríúr acu ansin chuig Tír na nÓg. Thug Rí na nÓg fáilte mór roimh Oisín. Cheiliúraigh siad ar feadh deich lá agus deich oíche, tar éis pósadh Oisín agus Niamh. D’fhan Oisín le Niamh agus bhí tríúr páiste acu. Beirt buachaill, Oscar agus Fionn, agus cailín amháin, Los na mBan.


Tar éis tamaill, theastaigh uaidh Oisín filleadh abhaile. Mhothaigh Tír na nÓg ar nós Neamh, nó an Alltar, an áit ina chónaíonn na Sí. Bhí áthas ar gach duine ann, ní raibh ocras ar bith. B’fhéidir leo dul ag fiach, agus ag imirt iomáint. Mhúin Oisín fillíocht agus fidhchill dá pháistí. Ach, fós, ghlaoigh Éire amach dó agus thuig sé nach raibh rogha eile aige ach dul abhaile.


Ní raibh Niamh ag iarraidh go bhfágadh sé Tír na nÓg ach bhí a fhios aici nach bheadh sé i gceart má’s rud é gur choimead sí é ann. Mar chuid dá draíocht, bhí Niamh in ann an todhchaí a thuaradh, mar sin thug sí rábhadh d’Oisín faoi thrí.


“Ná sheas den capall, nó ní thiocfaidh tú ar ais chugam.”

“Ná sheas den capall, nó ní thiocfaidh tú ar ais chugam.”

“Ná sheas den capall, nó ní thiocfaidh tú ar ais chugam.”


Chuaigh Oisín ar an gcapall bán agus d’fhill sé ar Éirinn. Thuriling sé i nGleann na Smól agus tháinig sé trasna ar cúpla fir ag streachailt le cloch ollmhór. Bhuel, is trí chéad fir a bhí ann i ndáiríre. Chuir Oisín a lámh leis agus chaith sé an cloch as an bhealach. Nuair a chaith sé an cloch, bhris an seac agus thit Oisín den capall. Ar an dtort, tiontaigh sé ina sheanfhear, dall agus lag. Leis an gcapall imithe anois, thug na fir aire dó agus d’fhoglaim Oisín nach trí bliain a bhí sé imithe le haghaidh, ach trí céad bliain. Faoin am seo, bhí na Fianna ar fad imithe, agus fuair Oisín bás ar a aonar, gan clann ná muintir, i dtír nár aithnigh sé.


Sin é scéal Oisín, agus nach scéal brónach atá ann. An seachtain seo chugainn rachaimid ar aghaidh agus chríochnóimid an sraith seo lenár Laochra deireanach. Bígí Linn!


6 views0 comments

Recent Posts

See All

Comments


bottom of page