Ogma
Déithe daoibh agus fáilte chuig an tríú chuid dár tsraith sé chuid ar Laochra. Inniu, chríochnóimid suas le Déithe na hOilteacha. Mar is eol daoibh, go dtí seo labhair muid faoi an Dagda agus Lugh Lámhfhada, ach tá cuid eile lena scéalta nár roinn muid libh go fóill. Tá ról fíorthábhachtach ag ár tríú Laoch, Ogma le scéalta seo.
Tar éis an chéad cath de Maigh Tuireadh, tháinig na Fomhórach agus chuir siad cáin ar na Tuatha Dé Danann. Faoi riail Bhreis, d’íoc siad an cáin seo. Ach theastaigh tuilleadh ó na Fomhórach. Mar sin, chuir siad an Dagda agus Ogma ag obair. Bhí ar an Dagda Rathanna a thógáil ar a aonar gach lá. Chomh maith le seo, gach lá, ghoid Cridenbel, fear a bhí dall, ach fós glic mar mada rua, an mhórchuid dá dhinnéar. Ba bheag nár bhásaigh an Dagda den ocras.
Scéal cosúil a bhí ag Ogma. In áit rathanna a thógáil, bhí ar adhmad tine a iompar ar fud na háite. Níor thugadh sos ar bith dó agus ba bheag nar mharaigh an t-ocras é freisin. Ach níor chuir an míchothú seo stad lena chuid láidreacht, mar a fheictear nuair a shroich Lugh Teamhair. Bhí ionadh ar Nuada, Ardrí na hÉireann, na scilleanna ar fad a bhí ag Lugh, ach ní raibh Ogma chomh cinnte céanna. Sheas Ogma mar laochra Nuada, i ndiaidh feall Bhreis. Mar ceann de na Déithe is láidre, chuir sé dúshlán faoi Lugh. Phioc Ogma leac, ar a dtógadh sé ochtó damhraí le bogadh de ghnáth, agus chaith sé an leac thar teorainn Teamhair. Chuir Lugh a lámh leis ansin, agus chaith sé an leac ar ais chuig an áit inar sheas sé i dTeamhair. Nuair a chonaic sé láidreacht Lugh, chomh maith lena scilleanna agus lena eagna cinn, sheas sé chun taobh. As sin amach, throid Ogma mar laoch Lugh.
Nuair a tháinig an cath le na bhFomhórach, gheall Ogma chun troid in aghaidh aon trian den arm Fomhórach agus chun deireadh a chur le ceann de na Ríotha Fomhórach. Agus, mar a gheall sé, throid se i gcoinne aon trian de na Fomhórach, agus bhuaigh sé. Thóg sé Orna, cliabh Tethra. Faoin am seo, chan claimhte gach ní a rinne siad, nó a rinneadh leo, maith nó olc. Chomh maith le sin, throid sé in aghaidh Indeach, Rí Fomhórach, agus bhuaigh sé. Ach faraor, thit an dá gaiscigh mar gheall ar an dtroid seo. Mar is eol dúinn, bhí leor neart ag Ogma dul ar tóraíochta le Dagda agus Lugh. Ach i ndiaidh sin, níl mórán eolais ar chéard a tharla dó.
Seans gur aithnigh tú ainm Ogma, nó aithnigh tú gur bhfuaimíonn a ainm cosúil le Ogham. Bhuel, ní chomhtharlú é seo. Is Ogma ar chruthaigh an tráchtas seo. An chéad uair ar úsáid sé Ogham, is rábhadh a bhí ann. D’fhoghlaim sé gur theastaigh ó na Sídhe bean Lugh a fhuadaigh agus a thógáil ar ais chuig an Alltar. Anois, bhí ceithre bhean ag Lugh, ag am amháin nó ag am eile, mar sin, nílimid go hiomlán cinnte cén bhean a bhí ann, ach seans go bhfoghlamóimid amach anseo. Ar aon nós, thóg píosa beithe agus ghearr sé seacht snoí den litir “b” san adhmad. Leis an teachtaireacht seo, dúirt Ogma le Lugh, go mbeadh beithe ag teastáil uaidh agus óna bhean chun í a chosaint ó na Sí.
Sin é scéal Ogma, agus an mhórchuid den eolas atá againn air. Seans go dtiocfaidh sé ar ais, chomh maith le Lugh agus Dagda. Ach an seachtain seo chugainn, bogfaimid ar aghaidh ó na déithe go dtí na Gael, an ghrúpa ar ghabh Éire ó na Tuatha Dé Danann. Bígí Linn!