Déithe daoibh agus fáilte chuig an chéad chuid dár sraith sé-chuid ar Laochra. Mar is eol de chuid daoibh, aoiseanna ó shin, chónaigh cine déithe in Éirinn agus na Tuatha Dé Danann is ainm dóibh. Rialaigh na gaiscígh cliste, spéiriúla seo éire ar feadh tamaill, agus bhí trí déithe le stadas Seaimpíní na hÉireann. Glaotar na Déithe na Oilteachta orthu chomh maith. Is iad, an Dagda, Lúgh Lámhfhada, agus Ogma. Inniu, breathnóimid ar an Dagda agus ceann dá scéalta eipiciúil.
Tar éis a mbua thar na Fir Bolg, socraigh na Tuatha Dé Danann i gcompard in Éirinn. Faraor, níor mhair an compord seo. Tháinig na Fomhórach, cine olc de foghlaí mara agus chuir siad cáin ar na áititheoirí nua d’Éireann. Thacaigh an t-Ardrí, Bres, na cáin seo agus nuair a d’fhoghlaim sé faoi a ghaol le na Fomhóraigh, d’fheall sé na Tuatha dé Danann agus d’éiligh Nuada a cheart bheith ina Ardrí. I ndiaidh brath Bres, bhriseadh cogadh amach idir na Fomhóraigh agus na Tuatha Dé Danann. Glaotar an Dara Chath Maigh Tuireadh ar an gcogadh seo.
I measc na gaiscíoch, sheas an Dagda Ollathair, dia na draíochta. Is é deá-dia an brí atá lena ainm mar go raibh bua aige le gach rud a rinne sé. Nuair a chuir Lugh ceist air céard a dhéanfadh sé sa chath, dúirt sé go ndéanadh sé obair gach gaiscíoch ar a haonar.
Troid an Dagda i measc na Tuatha Dé Danann, ag úsáid cleith, ceann dá déantáin draíochta. Le ceann amháin, mháródh sé naoi bhfir, agus leis an ceann eile, chuireadh sé beocht ar ais i duine. Sna hoíche, nuair tháinig deireadh leis an dtroid don lae, chuireadh an Dagda a chleith chun taobh agus tógadh sé suas a chláirseach draíochta, Uaithne. Is eisean an t-aon duine ar bhféidir leis an chláirseach seo a sheinnt. Dá mba rud é gur chuir duine ar bith lámh leis, ní thiocfadh fuaim ar bith uaithi. Go hiondúl, sheinn an Dagda an chláirseach seo agus iad ag troid chun iad a spreagadh agus dearmad a dhéanamh ar a gcuid eagla. I rith na hoíche sheinn sé foinn chomh milis le mil agus a chomhgaiscígh ag fáil a láidreacht ar ais.
Oíche amháin, agus deireadh ag teacht leis an gcogadh, leis an dá taobh ag fulaingt caillteanais móra, sheinn an Dagda a chláirseach. D’eitil na fuaimeanna álainn uaithi ar an ngaoth go dtí gur shroich siad cluasa de trí scabhtaí Fomhórach. Ní gaiscígh chumhachtach a bhí ionta ach bhí scéalta cloiste acu faoin Dagda. Chuala gach duine trácht ar an bhfear le cumas draíochta, chomh maith le tothlú gan ríochan. Mar sin, chinn siad plean a chur le chéile.
An lá dar gcionn, agus an troid ag leanúint, le mná agus fir leagtha ar an dá taobh, troid an Dagda go fíochmhar lena chleith iontach. Bhí a fhios ag na scabhtaí go mbeadh campa an Dagda folamh ag an t-am seo. Mar sin, shleamhnaigh na scabhtaí isteach sa campa agus ghoid siad Cláirseach Dagda. Chomh luath is a chur siad lámh leis an gcláirseach, d’éalaigh siad chomh sciobtha is a ligfeadh a gcuid cosa stumpáilte. Thóg siad a gcampa féin i gcaisleáin fágtha agus chinn siad fanacht ansin go dtí gur tháinig deireadh leis an gcoimhlint. Gan a chláirseach bhí a fhios acu nach mbeadh an Dagda in ann na gaiscígh a spreagadh a thuilleadh. Tiocfaidh deireadh leis an gcath seo go luath, cheap siad.
Iontas na hiontais, bhí an cheart acu. Tháinig deireadh leis an gcoimhlint an lá sin. Throid Lugh Lámhfhada in aghaidh a sheanathair, Balor den Drochsúil, agus d’éirigh leis. Chas draíocht Balor i gcoinne na Fomhóraigh agus theip orthu. Chonaic na scabhtaí a chairde ag fáil bás agus d’oscail siad a gcampa dóibh siúd ar mhair in aghaidh na Tuatha Dé Danann.
D’fhill na Tuatha Dé Danann abhaile ach nuair a chuir siad ceist ar an nDagda cúpla tunes a sheinnt, thuig sé go raibh a chláirseach in easnamh.
“Ah, goideadh mo chláirseach! Ós rud é go bhfuil sé i lámha na fomhóraigh, níl cúis ceiliúradh againn! Tá a chuid draíochta i bhfad ró-chumhachtach! Cé a thiocfidh liom chun é a fháil ar ais?”
Láithreach, chonaic sé dhá lámh san aer. Lugh Lámhfhada agus Ogma, an beirt seampín eile. Thuig an Dagda gur uimhir cumhactach í trí mar sin bhí sé sásta agus bhí áthas air go thiocfadh siad leis ar a thuairisc. Trí píosa réadóireacht, d’aimsigh sé a chláirseach agus chuiagh an triúr dóibh sa tóir dó. Shroich siad an caisleán agus tháinig siad ar na trí scabhtaí leis an chuid eile den t-arm Fomhórach, ina chodladh sa phríomhhalla. Chonaic siad an chláirseach ag crochadh ar an mballa.
Gan bealach an halla a trasnú, shínigh sé a lámh amach agus d’eitil Uaithne chuige. Ag mothú iomlán arís, chas an Dagda le fágáil, ach bhuail Ogma a lámh leis.
“Ní cheapaim go mbeidh muid ag fágáil díreach anois, a chara.”
Chas an Dagda ar ais agus chonaic sé na gaiscígh ar a chosa lena gcuid airm ina lámha acu.
“Ar mhiste leat an chláirseach sin a sheinnt, a chara?” arsa Lugh.
Chuir an Dagda a chuid méara lena sreanganna agus chas sé Ceol an Gliodair. Thosaigh na Fomhóraigh ag gáire agus ag damhsa. Bog na Fomhóraigh ar nós grúpa leaids ar oíche amach ag béic le haghaidh tuilleadh deochanna. Ach nuair a tháinig deireadh leis an amhráin, phioc siad a gcuid uirlis ar ais suas ón dtalamh, réidh le troid arís.
“B’fhéidir amhráin eile an uair seo?” arsa Ogma.
Tharraing an Dagda ar na sreanganna arís, an uair seo ag seinnt Ceol an Bhrón. Cuireadh an cath i gcuimhne na Fomhóraigh. Chonaic siad a Rí leagtha ag Lugh agus a gcuid compánaigh leagtha ag a draíocht. Luígh siad ar an dtalamh ag caoineadh is ag gol. Faraor, tháinig críoch leis an t-amhrán agus anois bhí na gaiscígh ar buille.
Roimh ar oscail Lugh ná Ogma a mbéil, sheinn an Dagda a amhrán deireanach dóibh. Sheinn sé Ceol an Chodladh agus líonadh an halla le buille de miotal ag titim ar an dtalamh, agus lean na Fomhóraigh ina dhiadh. Chodail siad go sámh agus d’fhill na déithe abhaile, chun leanúint leis an gceiliúradh. De réir tuairisc, níor ghoideadh cláirseach an Dagda arís.
Comments