top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a Cúig: Ainmhithe, Clár a Ceathair: Ba


Déithe daoibh. Is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an ceathrú cuid dár sraith cúig cuid ar Ainmhithe. An tseachtain seo caite, labhair muid faoi capaill. Inniu, chasfaimid ar Bha.


Mar a roinneamar cheanna, roimh úsáid páipéar agus uimhreacha ar scáileán, b’iad bá an príomh córas airgid in Éirinn. Is cinnte gur bhain an-tábhacht le na hainmhithe seo. Thairg siad bainne agus ba féidir a bhfeoil a ithe nuair a bhásaigh siad. Chomh maith le sin, is féidir a gcraiceann a úsáid chun éadaí a dhéanamh. Sna scéalta ina bhfuil páirt lárnach ag ba iontu, is léir go bhfuil cuma cinniúna timpeall orthu.


Ó thaobh na Tuatha Dé Danann de, tá gaol láidir idir ba agus Boann, Bandia Abhann na Bóinne. Is minic gur tháinig sí den abhainn i bhfoirm bhó báine. Thaistil sí ar thalamh feirmeoireachta agus is iondúil gur lean ba bána le chluasa dearga í. Má’s rud é gur fhan siad ar thalamh faoi leith, deirtear go dtiocfadh ádh mór ar úinéir na tálún sin. Bhí air an úinéir meas mór a léiriú do na beithígh seo nó tiocfadh mí-ádh ar a muintir.


Feictear téama na cinnúna go soiléir trí na ba a fheictear sa Rúraíocht. Agus Cú Chulainn ag cosaint an átha, déanann an Mórríghan ionsú air faoi thrí. Tiontaíonn sí i bhfoirm mac tíre, ag cur tús le táinrith bó ar Chú Chulainn. Tiontaíonn sí i bhfoirm bhó chomh maith ansin, ag dul sa táinrith. Chomh maith le sin, nuair a bhuaileann Cú Chulainn léi níos déanaí, is ag blígh bó a bhfuil sí. Ólann sé trí sup den bainne seo, ag cur beannacht uirthi le ghach sup. Ní thuigeann sé trí é seo a dhéanamh, go bhfuil sé ag déanamh biseach ar bhandia ar ionsaigh é.


I scéal Deirdre an Bhróin, agus í ag fás aníos, bhí brionglóid ag Deirdre. Sa bhrionglóid seo, chonaic sí an fear a thiteadh sí i ngrá leis. Chuir Leabharcham ceist uirthi cur síos a dhéanamh ar chuma an fhir. D’fhéach Deirdre taobh amuigh den fhuinneog ansin agus chonaic sí bó marbh ar an dtalamh agus préachán ag ithe uaithi.


Dúirt sí “bhí gruaig chomh dubh le préacháin, craiceann chomh bán le bó, agus leicne chomh dearg le fuil aige.”


Uaidh seo, thuig Leabharcham go raibh sí ag labhairt faoin gaiscíoch Naoise. Gan an cur síos seo, ní bheadh a fhios ag Deirdre cé hé an fear agus ní tharlódh na rudaí tragóideacha a tharla. Ach seo muid anois.


Luaigh mé ba bána le chluasa dearga cheanna féin. Anois, níl a fhios agam fúibh ach níl beithíoch den shaghas seo feicthe agam go dtí seo. Deirtear go dtagann an saghas bó seo ón Alltar. Tá scéal ann, sa Scéaltaíocht Stairiúil, faoi Mongán. Ba é Mongán mac leis an mbanríon Uladh agus Manannán Mac Lir. Roimh rugadh Mongán, thug Rí Uladh, Fiachra Finn cuairt ar Lochlann. Faraor, faoin am seo, bhí Rí Lochlann breoite agus b’é feoil bó bhán le chluasa dearga an t-aon rud a chuireadh biseach air. Tar éis an-chuid tóraíocht, rinne Fiachra Finn beart le sheanbhean. Don bheart seo, thug an seanbhean an t-aon bó a bhí aici dó. Gheall Fiachra Finn go dtabharfadh Rí Lochlann ceithre bó den shaghas céanna ar ais di nuair a tháinig biseach air. An an ndrochuair, níor lean Rí Lochlann an aontas seo agus cuireadh tús le cogadh idir Ulaidh agus Lochlann ansin nuair a theastaigh díoltas ón seanbhean.


An scéal is tábhachtaí lena mbaineann bó na Scéal Ghlas Gaibhneann. I Ré na Tuatha Dé Danann, chuir na Fomhóraigh na Tuatha Dé Danann faoi chos. Bhí orthu cáin a íocadh dóibh agus chaith na Fomhóraigh go dona le laochra ar nós an Dagda agus Ogma. Faoin am seo, bhí bó ann dairbh ainm Glas Gaibhneann. Ba bhó draíochta í an bhó seo. B’fhéidir léi bainne a thairgeadh ag am ar bith gan stad. Deirtear más rud é gur chuala duine ar bith an bhó seo ag géimneach bheadh sí uathu agus dhéanfadh siad a seacht ndícheall an bhó a ghoideadh. Ba é Balor Drochsúl, Rí na bhFomhórach ceann de na daoine seo. Thug Cian aire don bhó seo. Bhí beirt deartháir ag Cian. Goibhniú, an gabha, agus Samhthainn. Lá amháin, d’fhág Cian Glas Gaibhneann le Samhthainn. Chuaigh sé chuig an teallach le Goibhniú mar go raibh claíomh nua uaidh.


Sheas Samhthainn taobh amuigh den dteallach ag coimeád súil ar Ghlas Gaibhneann. Agus Goibhniú ag obair, tháinig Balor Drochsúl chuig Samhthainn i bhfoirm ghasúr óg le ghruaig rua aige.


“Hey, hey, tusa!” arsa Balor.


“Is ea?” arsa Samhthainn. “Céard ata uait?”


“Bhuel, agus mé ag siúil, chuala mé na fir taobh istigh ag labhairt faoina gclaíomh nua. Dúirt siad go raibh siad chun an chruach ar fad a bhí acu a úsáid.”


“Ach is liomsa an chruach sin!”


“Níor luaigh siad d’ainm. Measaim gur chuma leo,” arsa Balor.


“Arragh. Fan anseo leis a mbó. Ní bheidh mé ach nóiméad.”


Rith Samhthainn isteadh sa theallach agus chomh luath is ar cheangal sé súil le Chian, bhí a fhios ag Cian go raibh Glas Gaibhneann imithe. D’fhág Cian an teallach agus ní raibh Glas Gaibhneann le feiceáil. Bhí Balor imithe léi.


Chuaigh Cian sa tóir ar an mbeirt acu agus chonaic se go raibh siad sa Túr Gloine ar Thoraigh. Labhair Cian leis an draoi Birog, agus gheall sí cabhair leis. D’ardaigh sí gaoth láidir agus d’eitil an bheirt acu chuig Toraigh. Ghléas Birog Cian in éadaí ban agus ghlaoigh sí amach nuair ar shroich siad an Túr Gloine. Dúirt sí le na mná ann gur bhanríon í Cian agus go raibh dídean uaithi. Chomh luath is ar oscail na dorais, chuir Birog an dá mná déag a bhí ann faoi gheasa. Thit na mná ina chodladh. Chuaigh Cian chuig barr an túir agus bhuail sé le Eithne. B’í Eithne iníon Balor. Theanntaigh sé í sa Túr mar go raibh tairngreacht ann gurb é garmhac Balor an t-aon duine ar bhféidir leis Balor a mharú. Mar sin, ní raibh cead ag Eithne mac a bheith aici.


Ach ba bhean draíochta í Eithne. Gach oíche nuair a chodail sí, chonaic sí Cian agus thit sí i ngrá leis. Nuair a chonaic sí é ag seasamh ar barr na staighre, thuig sí gur chinniúnt a bhí ann. D’fhan Cian léi chomh fhada agus gur féidir leis ach faoi dheireadh, d’ardaigh Birog an ghaoth arís agus d’eitil Cian abhaile léi. Naoi mí ina dhiaidh sin, bhí mac ag Eithne. Chuala Balor faoi seo agus tháining sé chun an gasúr seo a mharú.


Chlúdaigh Eithne a mac le héadach agus ghreamaigh sí an t-éadach le biorán. Thóg Balor an leanbh uaithi agus nuair ar rug sé greim air, bhog an biorán agus d’oscail an éadach. Thit an leanbh isteach sa farraige agus mheas Balor agus Eithne gur bhásaigh sé ansin. Ach, tháining dia na farraige, Manannán Mac Lir agus bhailigh sé an leanbh. Thug sé an leanbh do Bhirog ar thug go Cian é. Agus b’shin a rugadh Lugh Lámhfhada, an laochra is chumhachtaí in Éirinn. Faroar, níl sé le fios céar a tharla don Ghlas Gaibhneann.


B’shin iad ár scéalta ar bha na hÉireann. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár scéal deireanach.


2 views0 comments

Recent Posts

See All

Commentaires


bottom of page