Déithe daoibh. Is mise Oisín Ó Dubhsláine agus fáilte chuid an dara chuid dár sraith cúig chuid ar Ainmhithe. An tseachtain seo caite roinneamar scéal libh ar Ealaí. Anois, chasfaimid ár súil ar Thairbh.
Is iondúil gur shiombaillí iad Tairbh le haghaidh torthúlacht. Go háirithe tórthúlacht fhirinscneach. Is ainmhí láidir agus cumhachtach í an Tarbh. Chomh maith le sin, is beag seans a bheadh agat stop a chur le Tarbh nuair a fhaigheann sé a chos faoi féin.
Tá scéal ann faoin gCailleach agus tarbh a bhí aici. Tugtar “An Tarbh Fíochmhar” air. Deirtear go raibh sé chomh cumhachtach agus chomh torthúil sin, má chuala bó a bhúir, go mbeadh sí torthach roimh deireadh na bliana. Lá amháin, threoraigh an Chailleach sealbháin bó i dToin na Péice, i nDoire-Imleach. Chuala an Tarbh Fíochmhar bó ag géimneach agus chuaigh sé sa tóir uirthi. Lean an Cailleach Bhéara é go géar. Threabh an Tarbh Fíochmhar trí abhann. Nuair a shroich sé an bruach ar an dtaobh eile, léim an Chailleach agus thuirling sí in aici leis. Chuir sí a lámh leis agus ar an dtort, tiontaíodh é go chloch. Deirtear go bhfuil na iarsmaí den chloch seo fós le feiceáil i Mainin.
An scéal is meallacaí ó thaobh na dtarbh de ná scéal na Tána. In am na Rúraíochta, b’iad tairbh agus ba an t-airgead rathúil. Dar ndóigh, cuireadh an-chuid luach ar ór agus airgid agus miotail lómhara. Ach b’iad na beitheacha seo na rudaí is tábhachtaí sa tír. Léirigh siad cumhacht a máistrí.
Faoin am seo, roinneadh an tír i gcúig ríochtaí. B’iad seo na cúigí atá againn inniu, Uladh, Connacht, Laighean, agus Mumhan, chomh maith leis an Mí. Ba é Bodb Dearg Rí Mumhan agus ba é Ochtne Rí Connacht. Bhí beirt muicí acu. Rucht ó Chúige Mumhan agus Friuch ó Chúige Connacht. Ba muicithe cumasacha iad an beirt muicí seo. D’éirigh siad le chéile ach faraor, mar a tharlaíonn le beirt a bhíonn ar chomhcéim lena cheile, chuir muintir na hÉireann iad in iomaíocht lena chéile. I gcónaí, chuir na daoine timpeall orthu, cé hé an fear is cumasaí? Cé aige a bhfuil an draíocht is láidre?
Is minic gur chuaigh an dá ríocht seo ar chuairt ar a chéile. D’fhan siad ar mheas darach agus cnó feá le titim. Ós rud é gur thit siad i gCúige Mumhan ar dtús, is ansin ar chuaigh siad agus a mhalairt. An bhliain seo, thit an meas seo i gCúige Connacht. Thug Rucht cuairt ar Friuch. D’éirigh Friuch bréan den chúlchaint timpeall orthu agus chuir sé ba Rucht faoi gheasa nach éireoidh siad sa bhliain rompu. D’fhill Rucht abhaile agus don bhliain, ba bha tanaí agus caol a bhí aige. An bhliain dar gcionn, chuir sé an gheis céanna ar bha Fhriuch. Bhí an muintir timpeall orthu mishásta le seo mar go raibh siad fós ar chomhcéim lena chéile. Agus is cinnte nach raibh Bodh Dearg ná Ochtne sásta leo chomh maith, agus iad ag cur isteach ar a gcuid bó. Mar sin, cuireadh an bheirt muicí den cheantar. Ní raibh failte rompu ansin a thuilleadh.
Le sin, chaith Friuch agus Rucht blianta ag troid in aghaidh a chéile. Don chéad dhá bhliain, d’fhan siad i bhfoirm féich dubha ag gearán ar a chéile. Chaith siad dha bhliain eile sa Suir agus ansin sa Sionnain i bhfoirm ollphéisteanna. Bhain siad plaic as a chéile agus iad ag greadadh san uisce. Dhá bhliain eile mar fhia fireanna i gcónaí i beanna a chéile. Beirt púca ag baineadh geit as a chéile. Go dtí gur chasadar ina bpéisteanna. Thit Rucht in abhann na gCroinne i gCuailgne agus d’ól bó ar bhain le Dara Mac Fiachna é. Thit Friuch sa thobar fíoruisce i nGarad. D’ól bó Medb é ansin. Uaidh seo, tháinig na tairbh Donn Cuailgne agus Finnbhennach. Faraor, is léir nach raibh Finnbhennach sásta le bhean a bheith mar úinéir aige mar gur bhog sé ó ghort Medb go ghort Aillel. I ndáiríre, is leis an ngníomh sin a chuireadh tús leis an Táin.
Oíche amháin, luígh Medb lena fear Aillel. Labhair siad le chéile agus chuir Aillel as do Mhedb trí a bheith ag maíomh gurb ise an ball ámharach dá bpósadh. Chuir Medb stop lena bhfocail ar an spota agus tar éis díospóireacht théite tharraing siad amach na seirbhísigh. D’ordaigh siad leo gach earra a bhí acu a bhaint amach agus a chomhaireamh. Bhíodar beagnach ar chomhcéim lena chéile, ach ní raibh rud ar bith ag Medb le chur i gcomórtas le Finnbhennach ar sheas i ngort Aillel. Mar sin, sheol sí seirbhísigh ag lorg Tarbh den saghas seo agus ar deireadh chuala sí an nuacht faoin Donn Cuailgne.
Theip ar Mhedb teacht ar shocrú le Dara Mac Fiachna agus tosaíodh an Táin. Tar éis cogadh fada lán le chaibidil loinneacha, d’éirigh le Medb an Donn a bhaint amach agus a tharraingt abhaile léi. Faroar, nuair a chuala Finnbhennach búir an Donn, bhris sé dá timpeallú. Chuaigh Finnbhennach agus an Donn in adharca a chéile agus Bríciú Neamhtheanga nó Nimhtheanga mar réiteoir ar an dtroid. I rith an gcoimhlint, d’ionsaigh na tairbh a chéile agus níor éirigh le Bríciú léimt as an mbealach in am. B’shin ar tháinig sé ar a dheireadh. Lean an cath seo ar aghaidh, an dá tairbh ag baint banda dá chéile.
Rith Cormac Conn Loingeas a shleá i gcoinne drom an Donn faoi trí ag maslú an tarbh. Tar éis an sciolladh béil seo, chuir an Donn Cuailgne a adharca i bhFinnbhennach, ag cur deireadh lena shaol. Chonaic forsaí Medb an Donn ag teacht thar cnoic an maidin dár gcionn, corp Finnbhennach ar a adharca aige.
Scaip Donn Cuailgne píosaí de chorp Finnbhennach ar fud na tíre ar a bhealach abhaile. Nuair ar éirigh leis Cuailgne a shroicheadh, deirtear gur phléasc a chroí ar bharr Sliabh Bhreagh. Níl se le fios ós rud é gur tharla seo de bharr a chrostas á mhúchadh faoi dheireadh nó go raibh a chroí briste tar éis feiscint an dámaiste a rinneadh d’áit dúchais.
B’shin é ár scéal ar Thairbh. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad sceal eile.
Comments