Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an dara chlár dár sraith ar Scéalta Scanrúla a Dó. An tseachtain seo caithfimid súil ar an ridire is scéiniúla in Éirinn, an Dúlachán.
So, cé hé an Dúlachán? Is ridire é ar chaith éadaí dubha. Níl cloigeann aige ar a mhuinéal ach coimeádann sé é ina lámh. Deirtear chomh maith nach bhfuil ceann ag a chapall dubh ach oiread. I lámh amháin, iompraíonn sé lasc déanta de cnámh droma daonna. Sa lámh eile, iompraíonn sé a chloigeann féin, ionas go bhféidir sé é a chur suas go hard sa spéir, le tuilleadh daoine a fheiceáil. Deirtear nach stopann a chuid súile ag bogadh, i gcónaí ag lorg an chéad íobartach eile. Bheadh meangadh uafásach aige ar a aghaidh i gcónaí, ag síneadh ó chluas chuig an gcluas eile.
Is réamhtheachtaire an Bháis é an Dúlachán, ar nós Bean na Sí. Deirtear go n-oibríonn Bean na Sí i nDeisceart na hÉireann, agus go mharcaíonn an Dúlachán sa Tuaisceart. Seans nach fíor é seo mar go dtagann na scéalta atá againn daoibh inniu ó fud na tíre. Nuair a dtagann stad leis an Dúlachán ar a shlí, deirtear gur chomhartha é go bhfuil duine éigin le bás a fháil. Ardaíonn sé a chloigeann go hard sa spéir ag breathnú i ngach dtreo, roimh dó glaoigh amach ainm amháin. Titeann úinéir an ainm sin ar an spota, marbh.
Níor mhaith liomsa an Dúlachán a fhecieáil ariamh ach má thiteann do shúil air, ná bí ag stánadh ró-fhada. Ní thaitníonn sé leis an Dúlachán nuair a fheiceann daoine é ar chorr ar bith. Dhéanfadh sé rogha de dhá rud chugat má bheireann sé ort ag baitn do lán súile as. Uimhir a haon, chaithfeadh sé umar fola i d’aghaidh. Nó, uimhir a dó, chuirfeadh sé dállacht ort trí do chuid súile a lascadh.
Deirtear go bhfuil ach dhá bhealach le héalú ón ridire scéiniúil seo. Bealach amháin ná trí ór a chaitheamh air. De réir dealraimh, tá eagla air roimh ór. Bealach eile, a oibríonn leis an bhformhór de créatúirí osnádúrtha, ná chun abhainn a thrasnú. Tá airíonna draíochta ag aibhneacha agus de bharr seo, ní féidir lenár gcara an Dúlachán é a thrasnú.
Uaireanta feictear an Dúlachán ag taisteal ar chóiste, ar a ghlaotar an Cóiste Bodhar. Cheap mé fein go gcuireadh an t-ainm seo air mar nach féidir é a chloisteáil, ach sna scéalta faoi, cloiseann daoine treathán eachraí ag teacht taobh thiar dóibh. N’fheadar. Tiománann an Dúlachán an Cóiste seo le ceithre chapall in áit a bheith ag marcaíocht ar cheann amháin. Má stopann sé ós do chomhair tarlaíonn rogha de dhá rud. Uimhir a hAon, ós rud é nach bhfuil sé in am duit bás a fháil, chaitear umar fola i d’aghaidh. Uimhir a dó, ós rud é go bhfuil sé in am duit bás a fháil, tógtar isteach sa chóiste tú agus ní fhilleann tú ar Éirinn arís.
Imní Roimh Ór
Oíche amháin, bhí fear i nGaillimh ag siúl abhaile déanach san oíche. Tháinig an Dúlachán aniar aduaidh air. Thuig an fear nach bheadh sé in ann ruth níos tapúla ná an Dúlachán, mar sin chuardaigh sé a chuid póca. Chuardaigh sé agus chuardaigh se go dtí, A-HA, tháinig sé ar a fháinne pósta. An t-aon rud a bhí aige déanta de ór. Chaith sé an fáinne taobh thiar dó agus chuala sé scréach. Nuair a d’iompaigh sé thart, bhí an Dúlachán imithe.
Lorgain Bhuí
Sa Lorgain Bhuí, i gContae Chabháin, chreid muintir na háite gur tháinig Cóiste an Bháis le haghaidh Muintir Uí Mhaoileoin amháin nuair a bhí duine dóibh le bás a fháil. Ní fhaca mac nó nic máthar an cóiste ariamh Ach chuala siad é minic go leor. Oíche amháin, bhí teach tórraimh ag Muintir Uí Mhaoileoin agus chuala gach chluas sa theach an cóiste. Rith siad go léir chuig an bóthar ach fós, ní fhaca siad ach an dorchadas.
Tigh Maodhóg
Fadó, fadó, bhí margadh olla ar siúl i mBaile na Cille. Bhí beirt ag teacht ar ais abhaile go Tigh Maodhóg gear go dtí an Sráidbhaile i gContae Laoise. Oíche stoirmiúil agus dorcha a bhí ann. Is beag gurb fhéad leo nithe ar bith a fheiscint ós a gcomhair amach. Thrasnaigh siad reilig agus chonaic siad solas geal ar rith aníos an spéir. Chuala siad tornáil chrúb na gcapall agus d’éalaigh an bheirt ar a gcapall féin.
Rinne siad cúlfhéachaint agus chonaic siad an cóiste taobh thiar dóibh, ag teacht níos giorra agus níos giorra dóibh. Chonaic siad fiú meagadh uafásach an Dúlacháin. Ach bhí an t-ádh orthu. Thrasnaigh siad an abhann a ritheann ó Lug an Churraigh. Lig an Dúlachán scréach agus stad sé taobh thiar dóibh.
Conclúid
Is é sin ár scéal ar an Dúlachán. Bígí linn i gceann coicíse dár gcéad scéal eile.
Commentaires