Déithe Daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an chéad clár dár sraith ar Scéalta Scanrúla. Thosaigh muid sraith den ainm céanna an bhliain seo caite, mar sin, is leanúint ar aghaidh de shin í an tsraith seo. Inniu labhróidh mé libh faoin bPúca.
An Píobaire agus an Púca
Píobaire ann i nDún Mór i gContae Gaillimhe agus é ag siúl abhaile. Ní raibh amhráin ar bith ar eolas aige seachas “An Cleasaí Dubh”. Thosaigh sé á sheinnt nuair a tháinig Púca aniar aduaidh air. Streachail siad ar feadh soicind agus chaith an púca an píobaire ar a dhroim.
D’iarr an Púca air amhrán darbh ainm “An tSeanbhean” a sheinnt. Dúirt an píobaire nach raibh sé ar eolas aige. Dúirt an púca leis chun tosaigh ag seinnt agus go dtabharfadh sé na nótaí dó. Rinne amhlaidh.
Rug an Píobaire ar a adharca agus thosaigh an Púca ag rith go dtí gur shroich siad Cruachan Aighli. Bhí ar an bPíobaire teacht anseo dála an scéil. Ghoid sé gé ón draoi áitiúil agus mar phíonós bhí air Cruachan Aighli a dhreapadh. Tháinig siad ar fhéasta i dTeach na Mná Sí. Chonaic siad cailleacha thart timpeall an mbord.
Chuir siad fáilte ar Phúca na Samhna. Dúirt an Púca go raibh an Píobaire is fearr in Éirinn leis. Osclaíodh doras ar thaobh na halla agus amach leis an gé ar ghoid an Píobaire.
“B’shin an gé ar ghoid mé. Ach d’ith mé agus mo mháthair gach pháirt den ghé sin. Seachas eitleog, ar thug mé don bhean rua.”
“Is ise a dúirt leis an draoi gur ghoid tú é.”
D’iarr siad air amhráin sheinnt dóibh, agus sheinn sé don oíche. Nuair a chríochnaigh an coísir, thug gach cailleach píosa óir dó. Bhí sé chomh saibhir le tiarna anois. Chuaigh sé le fágáil nuair a thug an ghé píopaí nua dó. Chaith an púca é ar an mbóthar as ar bhain sé é agus dúirt sé leis go raibh ciall agus ceol anois foghlamtha aige.
D’fhill sé abhaile agus thug sé an t-airgead dá mháthair.An lá dar gcionn, chuaigh sé chuig an draoi ach níor chreid an draoi é.Sheinn sé le na píobaí nua ach is fuaim na ngéanna ar tháinig uaidh. Nuair ar sheinn sé lena sheanphíobaí, chuimhnigh sé gach amhráin ar thug an Púca dó. Bhí an-rath air as sin amach.
Púca na Cille Dara
Fada ó shin, chónaigh tiarna i dteach mórMar is iondúil do thiarnaí le tithe móra, níor ghlan sé é é féin, ach d’fhostaigh sé foireann de sheirbhísigh.Páistí a bhí iontu.Ach san am sin, is minic ar chuaigh an tiarna ag tasiteal agus bhí na pástií fágtha sa theach mór gan mhaoirseacht. Ba áit scanrúil a bhí an i rith na hoíche, le fuaimeanna aisteacha ag teacht ó ghach cúinne dorcha sa theach.
D’fhan na páistí le chéile sa chistin oíche amháin agus roinn siad scéalta lena gcéile.Chuala siad cnag glórmhar ar an ndoras agus ba bheag nár léim siad as a gcraiceann. Rith siad amach den Teach agus chuig a leapacha.Ach rinne siad dearmad ar Ruairí bocht ar thit ina chodladh.
Tháinig púca isteach i bhfoirm ghabhair. Dhúisigh Ruairí agus chonaic sé cosa an ghabhair. Chuir an gabhar pota mór d’uisce thar an tine. D’fhiuch sé an t-uisce agus nígh sé na gréithe. Chuir sé achan rud san áit chóir agus ghlan sé an t-úrlár. Le sin, d’fhág sé.
An mhaidin dar gcionn, labhair Ruairí le na páistí eile agus dúirt céard ar chonaic sé. Chuaigh na páistí le dul ag obair, nuair ar labhair Cáitlín.
“Cén fáth a nglanfadh muid an teach má ta an púca sin chun teacht ar aon nós agus í a ghlanadh.”
D’aontaigh na páistí eile agus ní dhearna siad pioc oibre.
An oíche sin, tháinig an púca agus arís, ghlan sé gach chuid den teach. Lean seo ar feadh seachtain go dtí gur éirigh an chrógacht i Ruairí agus d’fhan sé don phúca. Tháinig an Púa isteach mar is gnáth agus thosaigh sé ag glanadh Roimh dó fágáil, stop Ruairí é.
“Cén fáth a ghlanann tú an teach seo gach oíche nuair atá seirbhísigh ag an tiarna?”
Chas an Púca air.
“Táim faoi gheasa. Chuir sinseanfhear do thiarna mé chun oibre ar an dTeach ionas go mbeadh sé glan i gcónaí mar phíonós orm.”
“Agus céard a tharlaíonn nuair atá an áit glanta agat?”
“Is gá dom seasamh taobh amuigh go dtí éirí na gréine. Bíonn sé go breá i rith an tSamhraidh ach na laethanta gheimhridh seo nuair atá an aimsir cruálach agus na oíche fhada, bíonn sé i bhfad níos pianmhara.”
Le sin, d’fhág an Púca.
Chaith Ruairí an lá dar gcionn agus an lá i ndiaidh sin arís ag cur chóta le chéile don phúca agus an oíche sin, d’fhill an púca arís. An uair seo, chuir Ruairí é féin in iúl sular thosaigh an Púca ag obair.
“Tá bronntanas agam duit.”
Le sin, chuir Ruairí an cóta timpeall air.
“Go raibh maith agat a mhic, is álainn an chóta í seo.”
Le sin, d’oscail an Púca an doras.
“Nach bhfuil tú chun an teach a ghlanadh?”
“Ní ghlanfaidh. De réir mo phíonós, ní bheadh mé faoi gheasa nuair a bhronnfadh íocaíocht dom ar son mo chuid oibre. Míle buíochas arís, a mhic.”
Le sin, d’fhág an Púca don uair deireanach agus bhí Ruairí bocht fágtha leis an teach salach a ghlanadh.
An Púca Práine
Bhí fear ina chónaí i Rath sa Fráin. Ba fhear aonarach é, agus bhí áthas eir nuair a bhí sé ar a aonar.Fear cliste a bhí ann, agus fear spioradálta. Bhí sé an-tógtha leis an nádúr agus bhí nasc láidir aige leis. Rinne daoine comparáid idir é agus seilide, sásta ina phoigheacháin. Mar sin, nuair a bhásaigh an fear sin, thiontaigh sé ina Phúca, ach i bhfoim tseilide.
D’fhan sé sa Rath go fóill. Deirtear ós rud é go raibh an-tuirse ar dhuine nó más rud é go raibh siad an-aosta agus iad ag teacht abhaile go rachadh siad chuig an rath seo. Ghlaofadh siad amach a ainm agus thiontóidh sé ina chapall ach le ceann seilide air go fóill. Rachadh an duine aosta nó an duine tuirseach sa diallait air agus thabharfadh sé iad abhaile i gcaochadh den tsúil.
Ach, ní raibh sé ró-chliste iarracht a dhéanamh mí-úsáid a bhaint as chineáltas an tseilide. Ní shé sin le rá nach ndearna amhlaidh ariamh. Lá amháin, bhí gasúr ag teacht abhaile agus é ró-leithsciúl síul níos faide, chinn sé dul chuig Rath an Fhráine. Rinne amhlaidh agus ghlaoigh sé ainm an Phúca ós ard.
Scrúdaigh an púca go mion é ach lig sé an gasúr ar a dhroim cibé scéal. Chuaigh siad ag marcaíocht agus thug an Púca an gasúr abhaile. Chuaigh siad tríd sceacha agus thar carraigeacha go han-sciobtha ar fad agus fágadh an gasúr le slisbhuillí agus ballbhrúanna ar fuad a chorp. Chaith an Púca é ar an dtalamh in aice leis an doras.
D’oscail deartháireacha an ghasúir an doras agus chonaic siad é ar an dtalamh. Ba bheag nár thit siad ina laige. Cheap an gasúr go raibh se imithe ar feadh uair a chloig, ach i ndáiríre bhí sé ar dhroim an Phúca ar feadh seachtain. Le sin, d’fhás an gasúr ina fhear agus níor roinn sé ainm an Phúca le éinne riamh i ndiaidh sin, ionas nach bhainfeadh siad féin mí-úsáid as a chineáltas.
Conclúid
Mar sin, feiceann muid gur saghas fórsa ilnádúrtha é an Púca. Is féidir leis ádh a thabhairt duit, nó, má dhéanann tú iarracht borb a bhualadh air, chaithfidh sé mallacht ort. Is é sin ár scéal ar an bPúca. Bígí linn i gceann coicíse, dár gcéad scéal eile.
Comments