top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a Trí: Scéalta Scanrúla, Clár a Cúig: Slua na Marbh


Déithe daoibh agus fáilte chuig an cúigíu chuid dár sraith cúig cuid de Scéalta Scanrúla. Is í seo a gclár deireanach den sraith seo, agus inniu, labhróimid faoi na neacha is scéiniúil agus is fuarchroíoch le chos a chur ar thalamh Éireannach. Is iad seo Slua na Marbh.


Níl mórán eolas ar cé atá mar bhall den ghrúpa seo. Tagann siad go hÉireann ón Iarthar. Feictear iad mar scáth de dhaoine. Deirtear go mbíonn cumadh mar fhiacha dubha móra. Déantar a sciathán de deatach deannachúil agus tá gríobhanna chragánacha acu dá gcuid cosa agus lámha.


Deirtear gur tháinig na chéad ball de as na Daoine Maithe. Deirtear gur truaillíodh agus casadh iad, agus b’shin an fáth go bhfuil siad olc anois. Chuaigh na drochsióga seo ag fiach le haghaidh daoine agus chas agus truailligh siad na daoine sin, ag meádú a n-arm.


Is í Oíche Shamhna deireadh leis an mbliain ceilteach. Faoin am seo, bíonn na teorainn idir an domhan seo agus an Altar ina stad is tanaí. Deirtear go dtrasnaíonn an t-arm seo an teorainn sin, ag lorg creach nua. Má dtagann siad ort, deirtear go d’fhullaingeofá cinniúnt níos measa ná bás a fháil. In áit d’anam ag eitilt go Teach Donn, nó chuig an Altar, nó chibe a chreideann tú, cuireann siad iallach ort dul leo. Ní féidir an t-arm seo a fhágáil ariamh agus beidh ort dul ag fiach leo don tsíoraíocht. Ní bhíonn na ball den ghrúpa trochailte seo claonta in aon chorr, tógfaidh siad éinne a thrasnaíonn a mbeallach.


Tá cúpla bealach chun an ghrúpa seo a sheachaint. Seans gur thug tú faoi dheara nár dhúirt mé a n-aimn arís sa físeáin seo. An chúis le sin ná go dtagann siad tar éis dóibh siúd a mbíonn an mí-ádh nó an amadántaíocht orthu a n-ainm a rá faoi naoi. Mar sin, is drochsmaoineamh é chun ainm an ghrúpa seo a rá faoi naoi. Ná habair a n-ainm faoi naoi.


Ní hé sin an t-aon bhealach a dtagann siad ar a gcreach. Deirtear go mealltar iad go dtí dóibh siúd ata croí lán le sonas acu, go háirithe ós rud é go bhfuil siad lena searc. Deirtear go mbíonn blas níos milis ar na daoine sin. Faraor, deirtear go bhfuil siad chomh meallaithe céanna go dtí dóibh siúd a bhfuil croí bhriste acu. Deirtear go nglaíonn an éadóchasacht thostach amach óna gcroí agus go léasann na créatúir seo trasna an spéir ina lorg. Ceaptar gurb í seo an chinniúnt atá acu siúd a bhfaigheann bas de chroí bhriste. Mar sin, is meánionad atá á lorg againn amach anseo, an a bheith ró-shásta nó ró-bhrónach.


Is féidir an bhuíon seo a sheachaint trí bhealaí eile. Mar shampla, ós rud é go bhfuil tórramh nó tinneas sa bhaile, ba chóir na fuinneoga lastiar den teach a fheistigh go daingean. Chomh maith le seo, níor chóir duit dul amach leat féin nuair a éiríonn an lá dorcha. Dar ndóigh, ní féidir é seo a sheachaint i gcónaí, mar sin, má fheiceann tú bailiúcháin n-éan móra dubha sa spéir, ba chóir duit rith ar luas lasrach agus gan stad go dtí go shroicheann tú do bhaile. Is féidir do sholas a mhúchadh agus téigh i bhfolach in aice le darach nó caorthann ach beidh fós seans ann go dtiocfaidh siad ort.


Anois, uaireanta bíonn mí-ádh ar dhaoine agus bualann siad leis an t-arm seo ar aon nós. Tá ach bealach amháin an chinniúnt uafásach a sheachaint. Is é sin, chun duine éigin eile a ainmniú i d’áit. Deirtear go n-oibríonn an gníomh seo mar fhianaise go bhfuil muid go léir chomh dona lena chéile.


Déirigh linn teacht ar chuntais teagmhála a bhí ag duine éigin leis an mbuíon seo.


Deiridís fadó nár chóir duine a chur in uaigh nár theastaigh uathu. Fadó, i bPort Láirge, fuair seanfhear bás. Nuair a bhí sé beo, dúirt sé i gcónaí nár theastaigh uaidh a bheith curtha i reilig ar leith. B’í an reilig seo an cheann is giorra dá áit chónaithe ach fós, níor theastaigh uaidh a bheith curtha ann. Mar a dhúirt mé, faoi dheireadh, ag deireadh a shaol, fuair an seanfhear bás. Ní raibh muintir ar bith fágtha aige agus shocraigh na comharsana é a chur sa reilig is giorra.


Oíche amháin, tamaill ina dhiaidh, bhí fear eile amach ag siúl, ghlaoimid Pat air don scéal. Bhí Pat amuigh ag siúl san oíche. Shiúil sé síos bóthar ar scair dhá reilig óna chéile. Gan rabhadh, tháinig stoirm ó thaobh an reilig inar chuireadh an seanfhear. D’eitil sé thar Pat, agus chonaic sé na mílte éin déanta de deatach agus néal doinnine feargach. Chuir Pat a lámha lena chloigeann agus thit sé ar a nglúinne. Trí shúile leathdúnta, chonaic sé an stoirm ag bogadh i dtreo an reilig eile. Nuair a tháinig an stoirm leis an reilig seo, scaip sé amach chomh tobann is ar tháinig sé le cheile.


Nuair a cheistigh Pat a chuid comharsan faoin stoirm, dúradar nár fhaca siad scamall ná neal ar bith. Ach dúirt siad leo go raibh a fhios acu go díreach céard a bhí inti.


Feicimid mar sin, go rinne an t-arm seo deá-ghníomh tríd an seanfhear a chur sa reilig ceart. Ach, seans go ndearna siad seo díreach mar nach rabhadar in ann é a bhaint dóibh féin mar go raibh se march cheanna. Níl a fhios againn céard a spreagann an ghrúpa seo, agus mar sin, is é mo chomhairle daoibh, ná fan amach uatha.


1 view0 comments

Comments


bottom of page