top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a Sé: Mná na hÉireann, Clár a hAon: Banríon Medb


Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an chéad clár dár sraith ar Mhná na hÉireann. Sa sraith seo breathnóimid ar na Bhandéithe ar rialaigh agus a adhradh anseo fadó. An tseachtain seo roinnfimid scéal libh faoin mbanríon is cáiliúil le shuígh in Éirinn. Is í sin, Banríon Medb.


Tagann scéalta Medb ón Rúraíocht. Is ise tiománaí na Tána agus is í seo an scéal is cúis le sin.


Oíche amháin, luígh Medb agus a fear Aillel ina leaba, ag labhairt lena chéile nuair a dhúirt Aillel rud éigin aisteach.


“Nach ea go mbíonn ban mhaith pósta le fear maith,” arsa seisean.


“Is é go mbíonn,” d’fhreagair sí. “Céard is cúis leis an ráiteas?”


“Bhuel, bhíothas díreach ag smaoineamh go bhfuil cúrsaí i bhfad níos fearr duit anois ná mar a bhí roimh ar phósamar.”


“An ea?”


“Bhuel, cinnte. Roimh ar tháinig mé go Cruachan, bhí ach bean ag na daoine anseo mar bhanríon. Tháinig creachadóirí lá agus oíche agus mar bhean, shuígh tú ar do lámha, ag déanamh faic chun do dhaoine a chosaint.”


“An dtuigeann tú cé lena bhfuil tú ag labhairt? Is mise Medb de Chruachan. Is é Rí na hÉireann, Eochaidh Feidlech mac Finn, mac Fionnonman, mac Finnen, mac Fingall, mac Roth, mac Rigéon, mac Blathacht, mac Beothacht, mac Ena Agnech, mac Oengus Turbech, m’athair. Bhí seisiúr iníon aige, Deirbriú, Eithne, Éle, Clothru, Muguin, agus Medb, agus ba í mise an ceann is áille. Is mise an ceann is uaisle agus tugadh na ceiúadh is mó domsa. Is mise an iníon is flaithiúla le bhronntanais a thabhairt. Agus is cinnte nach ionann mé ná mo dheirfiúracha i gcúrsaí cogaíochta, imris, ná comhraic.


Thug m’athair Cruachan dom agus is mise an Bhanríon ar na daoine seo. Tá míle is cúig céad saighdiúirí tuarastail, mic loingeas fostaithe agam. Agus an méid céanna fir shaorchlannda. Ags b’dhin díreach chun an rath a chosaint.


Cuireadh an-chuid ceiliúr pósta orm. Tháinig fir ar nós do dheartháireacha Rí Laighean, Finn Mac Ross Ruadh, agus Rí Teamhair, Cairbre Mac Niafra sa tóir orm. Dhiúltaigh mé iad, sa bhealach céanna inar dhiúltaigh mé Rí Ulaidh, Conchobar Mac Nessa. Bhí bronntanas pósta uaim nár fhéadfadh an-chuid fear a shásamh. Is éard a bhí uaim ná fear gan suarachas, gan éad, agus gan claidhreacht.


Ní fhéadfainn a bheith le fear suarach mar is duine fláithiúil mé agus ní bheadh sé ceart ná cóir go mbéinn níos flaithiúla ná m’fhear. Ní fhéadfainn a bheith le fear éadmhar mar is minic a bhím le fear agus fear eile ina scáth. Agus is cinnte nach bhféadfainn a bheith le fear cladhartha agus é faoi cheilt taobh thiar dom i rith catha.


B’shin is cúis leat a bheith foirfe dom Aillel. Is fear flaithiúil, muiníneach, misniúil tú. Agus b’shin an chúis ar thug mé an choibhche is deise duit. Thug mé feisteis a shásfadh dosaen fir duit, chomh maith le charbad fiú seachtar cumhal faoi trí. Bhronn mé leithead d’aghaidh in ór dearg ort chomh maith le meáchain do lámh chlé i cré-umha bán. Is fear spleách ar shaibhreas mná tú.”


“Is fíor sin go léir, a stór, seachas nach bhfuil mé spleách ortsa ar chorr ar bith. Is fíor gur Rí Laighean agus Rí Teamhair iad mo dheartháireacha ach lig mé dóibh an stadas sin a thógáil de bharr cúrsaí aoise. Ní mar gheall ar chúrsaí fláithiúlachta. Níor chuala mé trácht ar chúige ag brath ar shaibhreas mná roimh ar chuala mé fútsa. B’shin is cúis ar phós me tú agus gur tháinig mé anseo go Cruachan. B’í Máta Muiresc, nic Mágach mo mháthair. Ní bheadh bean níos fearr dom ná iníon Rí Éireann.”’


“Ach fós, a chroí, is mise an ball saibhir den aontas seo.”


Nuair nár aontaigh Aillel léi, chaith Medb na clúdaigh leapa uathu agus d’éirigh sí den leaba. Ghlaoigh sí ar na seirbhísigh agus d’ordaigh siad dóibh gach luach a bhí acu a bhaint amach agus a áireamh. Tógadh amach na buicéid, na coirí, na potaí, na tobair, na scálaí, agus na babhlaí. Ansin na hiarmsaí ór, ar nós fáinní, bráisléad, agus ordnasc. Bhreathnadar ar na feistis a bhí acu, corcra agus gorm agus dubh agus uaine agus buí, ildathach, breacán, paircíneach, agus stríocach. Tógadh na caoirigh agus na reithí ó na páirceanna glasa. Tógadh na capaill is na heacha ón bhféarach agus banrach. Baineadh na mucraí de na gleannta, na coillte, agus na garbhlaigh. Ag gach stad, bhí Medb agus Aillel ar chomhcéim lena chéile.


Ní shé go dtí gur shroicheadar na ba agus na heallaí gur shocraíodh an scéil. B’iad ba na rudaí is tábhachtaí agus is luachmhara sa tír agus faraor, bhí duaistarbh ag Aillel. Finnbhennach is ainm don tarbh agus fiú go rugadh é de bhó Medb, is léir nach raibh se sásta bean a bheith aige mar úinéir mar bhog sé go mag Aillel. Bhí Medb ar buille le seo.


An saibhreas sin ar fad ach gan tuilleadh shaibhreas thar Aillel, is ar nós nach raibh pingin rua aici. Mar sin, ghlaoigh sí ar Mac Roth, teachtaire na tíre agus dúirt sí leis dul ag faire le haghaidh tarbh den shaghas céanna. Tháinig Mac Roth ar ais le scéal faoin Donn Cuailgne. Ba ionann é agus Finnbhennach agus ba leis Daire Mac Fiachna é. D’ordaigh Medb le Mac Roth ansin dul chuig Dara Mac Fiachna i gCuailgne agus tairiscint dó caoga bearach mar mhalairt le haghaidh iasacht den Donn Cuailgne ar feadh bliain. Chomh maith le sin, thairg Medb talamh dó i gCruachan den mhéid céanna a bhí aige i gCuailgne agus carbad gur fiú seachtar cumhal faoi trí. Ar deireadh, gheall Medb comhartha ciona dó.


Rinne Mac Roth mar a dúirt sí agus bhí áthas ar Daire Mac Fiachna glacadh leis an dtairiscint. Faraor, níor mhair an aontas seo i bhfad. An oíche sin, chuala ceannbuitléir Daire na teachtairí ag maíomh munar thug Daire an Donn dóibh, tógfadh fórsaí Medb le lámh láidir é. Nuair a chuala Daire seo, tháining deargbhuile air agus scrios sé an t-aontas. Sheol sé na teachtairí abhaile le lámah folamh.


Anois, cheapfá nach mbeadh Medb sásta le seo ar chorr ar bith agus go mbeadh píonós crua i gceist le haghaidh na teachtairí. Ach bhí sí socair. Nuair ar roinn Mac Roth an scéal ar fad léi, chas sí air agus dúirt sí:


“Gan fadhb. Is fíor an ráiteas ar dhúirt na fir sin. Tógfaidh mé an Donn Cuailgne uaidh le lámh láidir.”


Is is mar sin ar thosagh na Tána.


B’shin é ár scéal ar Bhanríon Medb. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.


0 views0 comments

Recent Posts

See All

Comments


bottom of page