Déithe daoibh. Is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an tríú chlár dár sraith ar Mhná na hÉireann. An tseachtain seo caite, roinneamar scéal an chéad deirfiúir den Mhórríghan, Macha libh. An tseachtain seo, chasfaimid ar Bhadb, an dara bandia cogaíochta.
Éagsúil óna deirfiúr, Macha, is mar bhall den Tuatha Dé Danann amháin í Badb, ní de haon mhuintir eile. Tá go leor brí lena hainm. Ceanglaítear é lena bhfocail: nimhneach, cogúil, baolach, agus marfach. Tá nasc aici le charóga liatha. B’shin is cúis leis an dteideal, Badb Catha a chuirtear uirthi. Deirtear chomh maith go bhfuil míniú eile ag badb gan an cheannlitir, gurb é bean osnádúrtha an ciall atá leis.
Mar a dhúirt mé, tá Badb mar bhall den Tuatha Dé Danann. Is iníon í le hErnmass agus Delbaeth. Mar chuid den Mhórríghan is deirfiúr í le Macha agus Mórrígiú, dar ndóigh. Chomh maith le sin, deirtear go bhfuil an Bandia Triarach seo gaolta le Bandia Triarach eile. Is í seo Bandia Triarach na hÉireann. Déanann Banba, Ériú, agus Fódla suas an chéannacht seo. Is iadsan na bandéithe flaithis agus de réir cúpla foinse, is deirfiúracha iad leis an Mórríghan. Deir an Banshenchas gurb é An Dagda fear Bhadb ach deir an Lebor Gabala Erenn go bhfuil sí pósta le Neit. Tá cúpla foinse eile ann a deir gur deirfiúr í Badb le Nemain agus Be Neit, nó Bean Neit. Seans gur bhandia triarach eile í seo. An focal scóir ar ghaolta Bhadb né gur mháthair í le Ferr Doman agus Fiamain.
Baineann trí tréithe tábhachtacha le Badb. Is iad sin: an foréigean, an bás, agus an thairngreacht.
Sa chéad dul síos, is fórsa gríosaithe í Badb. Is minic a thiocfadh sí mar phréachán thar cath. Ghlaofaidh sí amach agus chuirfí na gaiscígh i gcuthach feirge nó ina staic le faitíos. Seans go bhfuil nasc ag Badb le taom aidréanaileach. Tá seans fiú gurb ise is cúis leis. I gcath sa naoú aois, tháinig Badb Catha agus d’eitil sí thar dhá airm. Roimh deireadh an lae, rine an dá airm spíontóga dá gcéile.
Sa dara dul síos, is Bandia an Bháis í Badb. Tar éis an chéad cath Maigh Tuireadh, scríobh duine de na Fomhóraigh dán fuithi. Dúirt siad go ghabhfadh an Badb Dearg buíochas leo do na comhraic chatha. Glaodh Gairdín Bhadb ar ármhá i ndiaidh an chatha. Tháinig na caróga dubha dá bhféile den mairbh. Chomh maith le sin, is iondúil gur chualathas guth Bhadb i measc na marbhán.
Sa tríú dul síos, bhí bua na tairngreachta ag Badb. Ag deireadh an Dara Chath Maigh Tuireadh bhí aisling aici. D’fhógair sí go mbeadh ré shíochána orthu. Chomh maith le sin, deirtear go raibh aisling aici ar Chríoch an Domhain. Dúirt sí go mbeidh an Samhradh ann gan bláthanna, gur mbeidh gach dlí bréagach agus go mbeidh gach fear ina fhealltóir.
Chomh maith le sin, is ise an Níteoir san Áth. Chonacthas í sa scéal Tógáil Bruidne Dá Dearga ag fógairt go raibh míchinniúnt ag druidim le Conaire Mór. Chonacthas í chomh maith i dTógáil Bruiden Dá Choca ag déanamh an rud chéanna le haghaidh Cormac Conn Loingeas. An dá uair is ag ní charbad a raibh sí. Nuair a chuir sí a lámh san áth, tháining dath dearg air agus an uisce ag tiontú go fuil.
Feictear na tréithe seo go léir i scéal na Tána. D’eitil Badb Catha thar Eamhain Macha, ag spreagadh Cú Chulainn le dul ag troid, ag maslú é. Agus é ag maracaíocht isteadh ina chath deireanach, chonaic Cú Chulainn í ag ní a chathéide de fuil san áth. Ar deireadh, nuair a mhúchadh solas laoich Chú Chulainn, d’eitil Badb agus thuirling sí ar a ghulainn, le fógairt go raibh sé imithe.
Is cinnte gur bhandia scanrúil í Badb. Tá an-chuid draíocht aici bainteach leis an mbás chomh maith leis an bhforéigean agus an thairngreacht. Is cinnte nár chóir í a thrasnú mar sin.
B’shin é ár scéal ar Bhadb. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.
Comentarios