top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a Sé: Mná na hÉireann, Clár a Dó: Macha


Déithe daoibh. Is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an dara clár dár staith ar Mhná na hÉireann. An tseachtain seo caite, chaitheamar súil ar Bhanríon Medb, duine de na Banríon is cumhachtaí i bhfinnscéalta Éireann. Inniu, chasfaimid ar Bhandia eile. Ba í sin Macha.


Is bandia fíorthábhachtach í Macha mar go dtagann sí ar ais i seanchais na hÉireann arís is arís eile. Feictear í mar bhall de muintir Pharthalón, de muintir Neimhidh, de na Tuatha Dé Danann, mar Bhean na Sí, agus mar Bhanríon.


Ba iad Muintir Pharthalón an dara dream le teacht ar Éirinn. Shocraigh siad i dTamhlacht ach faraor, mharaigh plá gach duine dóibh. B’shin is cúis le hainm iomlán Tamhlacht. Tamhlacht Muintir Pharthalón. Bhí Macha, Macha nic Parthalón leo ach maraíodh í chomh maith le gach duine eile.


Tháinig an tríú dream ansin, Muintir Neimhidh, chuig Éirinn. Bhí Macha pósta le Neimheadh. Nuair a shocraigh siad, an uair seo i dTuaisceart na tíre, rinne Macha mánna na hÉireann a ghlanadh don fheirmeoireacht. Tar éis an stangadh sin a fhulaingt, bhásaigh Macha ansin ar an má. Deirtear go raibh aisling aici ansin, gur thuar sí gráin na Tána agus gur bhásaigh sí ansin de bharr croí bhriste. Glaotar Ard Mhacha ar an áit ina gcuireadh a corp agus glaodh Magh Macha ar an má inar bhásaigh sí.


Tar éis muintir Neimhidh, tháinig na Fir Bolg. Forghabháil na Tuatha Dé Danann an tír uathu. Tharla seo tar éis an Chéad Cath Maigh Tuireadh. Throid na Tuatha Dé Danann i gcoinne na Fir Bolg agus an Mórríghan ina measc. Throid Macha lena deirfiúracha, Badb agus Mórrígu. Chomh maith le sin, d’úsáid an Bhandia Triarach seo a cuid draíochta chun báisteach, fuil agus tine a chaitheamh anuas ar na Fir Bolg i dTeamhair, chomh maith le dlúthcheo a ardu eatarthu. Sa Dara Cath Maigh Tuireadh, mharaigh Balor Drochsúil Macha agus í ag troid taobh lena fear Nuada Airgeadlámh. Liostaíodh í mar chuid de na draoithe tar éis a bás.


Nuair a tháinig Macha ar ais don cheathrú uair, is mar bhean sí ar tháinig sí. Ní mar réamhtheachtaire an bháis ach díreach mar bhean draíochta. D’fhág sí an Alltar agus bhuail sí le Crunnchu. Bhásaigh bean Chrunnchu agus bhí sé ar a aonar. Tháinig Macha chuige agus thug sí gach rath dó. Thit an bheirt acu i ngrá agus d’fhan Macha leis ar choinníoll amháin. Ba é sin, nach ndéarfadh sé le duine ar bith go raibh sí ag fanacht leis.


Lá amháin, agus Macha torrach lena gcúpla, bhí féile a chaitheamh ag Rí Uladh. D’fhreastal Crunnchu ar an bhféile seo.


“Anois, ná habair le duine ar bith go bhfuil mé ag fanacht anseo,” mheabhraigh Macha dó.


“Ní dhéarfaidh mé focal fút,” arsa seisean, ag croitheadh a lámh léi.


D’fhág sé agus nuair a shroich sé na féile, d’ól sé. Chonaic sé carbad na rí á tiomáint timpeall na háite.


“Nach iad sin na capaill is tapaidh dá bhfaca tú ariamh?” arsa fear amháin leis.


“Ní hiad. Is féidir le mo bhean iad a scoitheadh gan stró,” arsa Crunnchu.


Thit ciúnas iomlán ar an bhféile ansin. Bhí Crunnchu díreach tar éis an rí a mhaslú agus níor thuig sé fiú céard a bhí déanta aige. Ghabh muintir Uladh é ansin agus sheol siad teachtaireacht chuig Macha. Chnag an gasúr óg seo ar dhoras Macha.


“Céard atá uait, a bhuachaill?” cheistigh sí.


“A chara. Tá d’fhear chéile tar éis Rí Uladh a mhaslú agus bainfidh an Rí a cheann de muna bhfuasclaíonn tú a chuid onóra.”


“Céard is gá dom a dhéanamh?”


“Bhuel, dúirt sé gur fhéad tú capaill na rí a scoitheadh gan stró. Mar sin, ní shásóidh na rí go dtí go bhfeiceann sé seo lena shúila féin.”


Lig Macha an-chuid abairt drochbhéasach uaithi agus chuaigh sí leis an gasúr óg chuig an féile. Ansin, phléadáil sí leis an rí gan í a chuir ag rith go raibh sí trom ar chúpla. Níor éist an rí léi. Mheabhraigh sí le fir Uladh gur iompar bean gach duine dóibh ach níor stop duine ar bith dóibh an rás.


Cuireadh tús leis an rás, agus is ansin ar tháinig tinneas clainne uirthi. Scoith sí na capaill agus nuair ar thrasnaigh sí an líne chríche, thit sí chuig an talamh. Bhreith sí a páistí, Fír agus Fial, agus bhásaigh sí ansin. Agus í ag análú don uair deireanach, chaith sí mallacht ar fir Uladh, go dtiocfadh pianta luí seoil ar ghach fear ar chuala í ina am riachtanais ar feadh naoi nglúin faoi naoi.


An uair deireanach ar chonacthas Macha ná mar Macha Mog Ruadh. Ba í iníon Aodh Ruadh. Faoin am seo, roinneadh ardríocht na hÉireann idir tríur fear. Ba col ceatharacha iad, Aedh Ruadh, Díthorba, agus Cimbaeth. Rialaigh siad ar feadh seacht mbliana agus i ndiaidh sin, chuir siad an chumhacht ar aghaidh chuig an chéad deartháir eile.


Tar éis tamaill, bhásaigh Aedh Ruadh agus nuair ar tháinig a bhabhta arís, sheas Macha ina áit. Ní raibh Díthorba ná Cimbaeth pioc sásta le seo. Níor lig siad di rialaigh mar dhúirt siad nach rabhadar sásta an Ardríocht a roinnt le bhean. Mar sin, thug Macha cuireadh chun comhraic dóibh. Throid an triúr i gcoinne a chéile agus bhuaigh Macha. Mharaigh sí Díthorba agus i ndiaidh sin throid a chúigear mac ina coinne. Bhuaigh sí arís agus theith na gasúir chuig Connacht. Phós Macha Cimbaeth ansin, agus tar éis seacht mbliana, thug sí an Ardríocht ar ais dó. Munar phós sí Cimbaeth, bheadh an ceart aici an Ardríocht a choimeád di féin mar gur shaothraigh sí é trí chath in áit fuil.


I ndiaidh an phósta, chuaigh Macha sa tóir ar chlann mhic Díthorba. Tháinig sí chucu i bhfoirm caillí agus chuir sí iad ó chrích. Ghabh sí iad i ndiaidh sin agus thóg sí iad léi chuig Ard Mhacha. Chuir sí iad ag obair ansin. Ghearr sí teorainn sa thalamh lena bróiste agus thóg clann mhic Díthorba dún ar an dtalamh sin. Ba í an áit seo Eamhain Mhacha. Deirtear go bhfuil nasc ag an bhfocal Eamhain le bróiste, mar is le sin a ghearr Macha an talamh. Deirtear freisin go bhfuil nasc idir an focal Eamhain agus cúpla, mar is ansin, ag Eamhain Mhacha ar bhreith Macha an chúpla, Fír agus Fial.


Deirtear chomh maith gur tháinig Macha isteach i gcorp an Liath Macha roimh bás Chú Chulainn. B’shin is cúis le na deora fola. Bhí sí ag tabhairt rabhadh dó go raibh bás ag druidim leis.


B’shin iad na scéalta timpeall ar an mBandia Macha. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.


0 views0 comments

Recent Posts

See All

Comments


bottom of page