Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine, agus fáilte chuig an dara chuid dár sraith sé-chuid ar Bheatha agus Bás. An tseachtain seo caite labhraíomar faoi Bás Oisín Lámhláidir. An tseachtain seo, chasamuid ar Bhás na Clainne Lir. Is í seo ceann de na trí thragóid de finnscéalta na hÉireann.
Fadó, fadó, i Ré na Tuatha Dé Danann, throid Muintir an tSolais i gcoinne na bhFomhórach. Bhuadar sa Dara Chath Maigh Tuireadh. Throid an triúr Dia na hOilteachta sa Chath seo. Faraor, gortaíodh an Dagda go dona. Deirtear gur éirigh leis seasamh ina Ardrí ar feadh daichead bhliain tar éis an dochar ciniúnach seo ach deir daoine eile gur mharaíodh é díreach ansin sa chath.
In aon chaoi, bhásaigh an Dagda agus theastaigh Ardrí nua óna Tuatha Dé Danann. Thit an rogha idir Lir agus Bodh Dearg, mac leis an Dagda. Sheas Bodh Dearg amach agus bhuaigh sé muinín na Rítheacha Chúige eile. Níor thacaigh Lir leis an rogha seo agus d’fhill sé abhaile go Sídhe Fionnachaidh.
Nuair ar thit breoiteacht ar Bhean Lir, bhásaigh sí agus bhriseadh croí Lir. D’éirigh sé aonarach agus searbh. Anois, bhí triúr iníon ag Bodh Dearg. Aobh, Aoife, agus Ailbhe. Mar chúiteamh dá theip an t-Ardríogacht a bhaint amach, thairg Bodh Dearg ceann dá iníon do Lir mar bhean dó. Thug Lir faoi deara gur chéim é seo chun síochán a chinntiú eatarthu agus d’aontaigh sé le Bodh Dearg. Bhuail siad lena chéile i Rath an Ardrí.
“Cé a theastaíonn uait mar bhean?” arsa Bodh Dearg.
“Ní fhéadfaidh mé phiocadh,” d’fhreagair Lir. “Ach gheallfaidh mé a bheith leis an iníon is sine.”
Sheas Aobh agus phósadh an beirt le chéile. Nuair a d’fhill Lir agus Aobh ar Sídhe Fionnachaidh, tharla rud éigin nach raibh Lir ag brath air. Thit siad i ngrá. D’iompar Aobh beirt pháiste dóibh agus rugadh Fionnuala agus Aodh. Tar éis cúpla bliain, d’éirigh Aobh torthach arís agus rugadh Fiachra agus Conn. Chónaigh an seisear dóibh i sonas i Sídhe Fionnachaidh agus d’fhás clann Lir agus Aobh ina bpáistí láidre agus spéiriúla.
Faroar, tháining tinneas ar Aobh agus bhásaigh sí. Bhí croí Lir briste arís ach ar a laghad bhí a pháistí aige le ghrá a thabhairt dó. Ach fós, thug Bodh Dearg go raibh máthair ag teastáil óna páistí agus thairg sé go bpósadh Lir Aoife. Thit Aoife i ngrá le Lir an chéad uair ar chas sí súil air agus bhí sí an-tógtha leis fiú ag an am sin. D’aontaigh Lir go raibh máthair ag teastáil óna pháistí agus phós sé Aoife. Tháinig díomá ar Aoife nuair ar thuig sí nach mbeadh an ghrá céanna ag Lir di is a raibh aige d’Aobh ariamh. Fiú le sin, dhírigh Lir a ghrá ar fad ar a chlann. Tháinig éad ar Aoife. Theastaigh Lir uaithi di féin.
Lá amháin, thug sí cuireadh do na páistí teacht léi chuig Loch Dairbhreach. Bhí píosa draíochta foghlamntha ag Fionnuala agus thuar sí go dtarlódh rud éigin olc ag an loch sin ach chuaigh sí lena deartháireaca ar aon nós. Spreag Aoife iad le dul ag snámh sa loch agus nuair a chonaic sí go raibh an ceathrar dóibh ann, chuir sí a slat draíochta leo. Thiontaigh na páistí ina healaí áille ag snámh ar an uisce. Mar gheall ar an bhfuil draíochtúil a sruth tríd a bhféitheacha, choimeád Clann Lir a nguth, a nglór, agus a teanga. D’fhéad siad a n-intinn a smachtú agus a gcuid focail a úsáid.
“Céard atá déanta agat dúinn?” arsa Fionnuala.
“A pháistí. Cuirim an mhallacht seo oraibh go bhfanfaidh sibh sa foirm seo. Ní feidir le do chuid draíochta, nó mo chuid draíochta, nó draíocht duine ar bith eile fiú é sin a athrú. Ní shé go dtí go gcathain sibh trí oiread cead bhliain anseo ar Loch Dairbhreach, ansin trí oiread céad bhliain i Sruth na Maoile, idir Éire agus Albain, agus trí oiread céad bhliain ar Irrus Domnan agus Inis Glóra in Iarthar na hÉireann, go mbeidh fiú deis agaibh tiontú ar ais i bhur gcoirp féin. Ní go dtí go bpósann Fear an Tuaiscirt le Bean an Deiscirt go gcríochnóidh an mhallacht seo.”
Le sin, d’fhág Aoife. Mhionnaigh Fionnuala nach éireoidh le hAoife sa scéim seo agus chuaigh na páistí i ngleic leis an gcinniúnt a bhí amach rompu.
Shroich Aoife Dún an Ardrí agus bhuail sí le Bodh Dearg. I ndiaidh pósadh Aobh le Lir, shaothraigh Bodh Dearg caidreamh iontach lena ngarpháistí.
“Agus cá bhfuil na páistí?” arsa Bhodh Dearg.
“Níl siad liom,” arsa Aoife.
“Bheul, cén chúis le sin?”
“Níl muinín ag Lir ionat a thuilleadh. Níor mhaith leis go gcathfadh na páistí tuilleadh am leat amach anseo.”
Chuir an ráiteas seo an deargbhuile ar Bhodh Dearg. Níor sheol sé teachtaireacht ar bith chuig Lir. In áit sin, d’fhan sé.
Go luath, chuaigh Lir sa tóir ar a pháistí, agus ar a bhean. Shroich sé Teach Bhodh Dearg agus ba bheag nar bhain an t-Ardrí a chloigin dó.
“Cá bhfuil na páistí?” arsa Bhodh Dearg. “Ná habair gur fhág tú sa bhaile ar a n-aonar iad.”
“Céard atá á rá agat? Níl na páistí liom in aon chorr. Tá siad le Aoife. Nach bhfuil siad anseo?” arsa Lir.
“Tá Aoife anseo,” arsa Bhodh Dearg.
“Agus na páistí?”
Chroch Bodh Dearg a cheann, ag tabhairt faoi deara céard a bhí déanta ag Aoife.
An oíche sin, bhuail Bodh Dearg lena iníon.
“A Aoife, a stór,” arsa eisean.
“Céard é, m’athair?”
“Ná bac le diamhracht na ceiste seo, ach céard é an chinniúnt is measa gur féidir le duine a thabhairt faoi? I do bharúil.”
“Bhuel, dom féin, níor mhaith liom a riamh a bheith mar cheann de na eithiar, mallaithe gan chos a chur ar an dtalamh.”
“Agus is mar sin a chaithfidh tú an chuid eile de do shaol,” arsa Bodh Dearg.
Chuir Bodh Dearg a slat draíochta le Aoife ansin agus tiontaíodh í ina eithiar. Deirtear go bhfuil sí teantaithe san aer fós inniu agus go mbeidh sí ann don tsíoraíocht.
Tar éis chuardach fada, tháinig Lir ar a chuid páiste, anois i bhfoirm ealaí. D’fhan sé leo ag Loch Dairbhreach don trí chéad bliain. Cuimhnigh, is mar bhall den Tuatha Dé Danann iad an teaghlach seo. Níor tháinig aois orthu. Ach ar deireadh na trí chéad bliain, bhí ar na ealaí bogadh ar aghaidh.
D’fhan siad ar Sruth na Maoile. Ní áit síochánta í an sruth seo ar chorr ar bith. Cathadh na healaí timpeall go minic. Nuair a scaradh iad de bharr stoirme, réitigh siad bailiú lena chéile ar Chloch na Rón. Anseo, reodh a chosa leis an gcloch agus iad ag ligint a scíth. Ba trí chéad bhliain phianmhar agus míshocair ar chaith Clann Lir anseo.
Faoi dheireadh, d’éirigh leo bogadh ar aghaidh chuig Irrus Domnann agus Inis Glóra, in aice le Chontae Mhaigh Eo. Nuair a d’eitil siad thar a sheanáit cónaithe, Sídhe Fionnachaidh, chonaic siad dún scriosta agus folamh. Bhí na Tuatha Dé Danann ar fad tar éis cúlú chuig an Alltar. Ní raibh muintir fágtha acu san áit seo. D’fhan siad in Inis Glóra agus chan siad ansin, ag casadh cheol na dTuath Dé Danann lena nglór. Chuala muintir na hÉireann faoi na healaí iontacha seo agus tháinig siad ó ghach cúinne den tír leo a fheiscint.
Agus an naoi gcéad ag teacht chun deireadh, bhí Lairgean Mac Colman, Rí Chonnacht tar éis Deoch Nic Finghin tar eis phósadh. Phós Fear an Thuaiscirt le Bhean an Deiscirt. Theastaigh na healaí áille seo ó Deoch agus chuaigh Lairgean sa tóir orthu di. Agus a bpianbhreith ar tí críochnú, tháinig Lairgean ar Chlann Lir. Rug sé ar an gceathrar dóibh, beirt i ngach lámh, le intinn iad a thabhairt ar ais leis. Ach nuair a chuir sé lámh leo, thiontaigh na seanpháistí ar an dtoirt. D’fhás siad ina sheandaoine agus baineadh geit as Lairgean.
Agus Clann Lir ar tí bás a fháil, réitigh siad canadh. Chan siad i gciorcal faoina Tuatha Dé Danann agus na scéalta eipiciúla a bhí acu. Sa deireadh, cuireadh iad in uaigh amháin, le Conn agus Fiachra taobh le Fionnuala, agus Aodh in aice lena ceann. Deirtear gur chonaic na daoine timpeall orthu ceithre eala ag eitilt óna gcorp ina soicind deireanach, agus gur chuadar as radharc le splanc.
Feicimid mar sin, go raibh saol cruálach agus dian ag Clann Lir. Ach d’fhan siad lena chéile. Ní scaradar ariamh, fiú nuair a bhí a muintir ar fad imithe. Agus ina nóiméid deireanach, chan siad ar son muintir na hÉireann, fiú gur stráinséirí iad. D’fhág siad na daoine nua seo le tabhartas deireanach as son na Tuatha Dé Danann.
Chomh maith le sin, ní sin le rá gur bhásaigh Clann Lir. Mar a dhúirt mé cheanna, bhí siad mar bhall dena Tuatha Dé Danann, mar sin, gach seans gur fhág siad a gcoirp fisiciúla agus d’fhill a n-anamacha ar an Alltar, le bheith le Lir agus Aodh arís.
Is í seo ár scéal ar Bhásanna na Clainne Lir. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.
Commenti