Déithe Daoibh. Is mise Rachel Nic Aoidh agus fáilte chuid an cúigí cuid dár straith sé chuid ar Bheatha agus Bás. An tseachtain seo caite, labhair muid faoi Bhás Chú Chulainn. An tseachtain seo, beimid ag caint faoi Miach agus an tábhacht ar bhain lena bhás.
Ba mac le Dian Cécht é Miach, ball de na Tuatha Dé Danann. Aithnítear Miach mar Athair na Luibheanna Leighis agus Caomhnóir na Luibhliachta.
Nuair a chaill Nuada, ceannaire na Tuatha Dé Danann a lámh i gcath, chaill sé a ríchathaoir leis. Dúradh nach bhféadfadh duine le neamhfhoirfeachtaí fisiciúla orthu rialú. Ní fhéadfadh Dian Cécht, Dia an Chneasaithe, ach lámh phróistéiteach airgid a fheistiú dó. Bhí Miach diongbháilte Nuada a leigheas go hiomlán ionas go bhféadfadh sé ceannaireacht an Tuatha De Danann a fháil ar ais.
D’aimsigh Miach lámh scoite Nuada, adhlactha faoin dtalamh, agus bhain sé an lámh airgid. Le haghaidh trí lá, choimead sé a lámh le stumpa Nuada. Le haghaidh trí lá eile, choimeád sé é lena chliabhrach. Don trí lá deireanach, chaith sé coigeal na mban sí ina gcoinne, i gcónaí ag canadh an ghealtacht seo:
Féitheog le bhFéitheog
Néar le Néaróg;
Alt go hAlt
Tar éis trí lá agus oíche, bhí Nuada foirfe agus reidh lena ríchathaoir a bhaint ar ais. Bhí Dian Cécht míshásta, áfach. Bhí Miach tar eis aird a bhaint óna a athair agus léirigh sé go raibh sé mar chneasaí níos fearr ná é. Tháinig an deargbhuile air. Rinne sé iarracht a mhac a mharú ceithre huaire sular éirigh leis sa deireadh. An chéad uair, níor bhuail sé ach a chraiceann, agus chneasaigh Miach é féin. An dara huair, bhris sé cloigeann Miach ach arís, ach chneasaigh sé an dochar. Sháigh sé Miach i ngach áit, óna stéig go dtí a inchinn, gan éifeacht Ní raibh sé ach an buille deireanach dá inchinn, nuair a ghearr sé ina dhá leath é, gur éirigh leis a mhac a mharú.
Cuireadh Miach sa talamh, agus uaidh seo, d’fhás 365 planda leighis óna uaigh, ceann do ghach lá den bhliain, agus ceann do ghach tinneas a d’fhéadfadh a bheith ag duine. Creidtear go bhfuil cuid dá n-anam ag na plandaí a fhásann ó uaigh duine, agus mar sin ba phlandaí leighis an domhain an rud a d’fhás as uaigh Miach.
Bhailigh Airmed, deirfiúr Miach, na luibheanna seo go léir agus d’eagraigh sí iad go léir, ag scrúdú cén tinnis ar throid siad. Ach nuair ar thánig Dian Cécht uirthi i mbun na hoibre seo, scaip sé iad go léir. Creidtear gurb é sin an fáth nach bhfuil na cógais againn ar ghach tinneas sa lá atá inniu ann.
Fuair Miach bás trí ghníomhas maith a dhéanamh do Nuada, agus maraíodh é in ainneoin. Ach ní bhfuair a n-anam bás lena chorp. Is léir a fhíornádúr fiú nuair a fuair sé bás. Ní raibh uaidh ach cuidiú leis na daoine tinn a chneasú. Chabhraigh sé le Nuada, chuidigh sé le go leor déithe eile le linn a shaol, agus sa deireadh, lean sé air ag déanamh seo tar éis a bhás.
Tá sé ar eolas go raibh na Tuatha Dé Danann neamhbhásmhar agus creidtear nach bhfuair siad bás i ndáiríre, ach ina ionad sin chúlaigh siad isteach san Alltar nuair a bhfuair a gcorp bás. B’fhéidir in ionad dul ar ais chuig an Alltar, roghnaigh Miach a oidhreacht a chur ar aghaidh trí na luibheanna leighis.
Ba é sin ár scéal ar Bhás Miach, bígí an tseachtain seo chugainn dár scéal deireanach.
Comments