Déithe Daoibh. Is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an séú chuid dár sraith sé-chuid ar Bheatha agus Bás. An tseachtain seo, feicimid ar bhás Áine. Anois, tá cúpla mná darbh ainm Áine i bhfinnscéalta na hÉireann ach ní shí seo an bandia agus ball den Tuatha Dé Danann. In áit na scéalta miotaseolaíochta, tagann an scéal seo ó na scéalta stairiúla. Ba bheanchliabhain le Laoghaire Lorc agus máthair le Labhraidh Loingseach í Áine.
Fadó, fadó, sheas Laoighaire Lorc mar Ardrí na hÉireann. Bhí mac aige darbh ainm Aillel. Pósadh Aillel le hÁine agus bhí mac acu lena chéile. Ar feadh tamaill, bhíodar sásta lena chéile.
Bhí deartháir ag an Ardrí, darbh ainm Cobhthach. Ba eisean Rí Laighean. Fiú gur rí é cheanna, bhí éad ar Cobhthach ar a dheartháir. Ba fear paranóideach é agus chonaic sé gach rud a rinne a dheartháir mar ionsaí ina gcoinne. Chuir Cobhthach dúil chráite san Ardríchathaoir, an méid sin gur thruallaigh an t-ocras sin a chorp. D’éirigh sé ard agus tanaí, gan ach dual ghruaige gréisceach ar a chloiginn. Ní shásaigh rud ar bith é. Mar sin, cuireadh Cobhthach Caol air.
Chuala an t-Ardrí faoi breoiteacht Cobhthach Caol agus tháinig sé ar chuairt. De thaisme, sheas Laoghaire Lorc ar sicín Cobhthach agus mharaigh sé é. Ba ea seo an tarcaisne deireanach a d’fhulaingeoidh Cobhthach mar gheall ar a dheartháir. Tar éis na cuairte, d’iarr Cobhthach Caol ar a sheirbhísigh an scéal a scaipeadh gur bhásaigh sé. Tháinig an t-Ardrí chuige gan mhoill agus nuair a chaith sé é féin ar chorp Cobhthach Caol le dul ag gol, níor aithin sé an sciain i lámh Cobhthach Caol.
Mharaigh Cobhthach Caol a dheartháir Laoghaire Lorc agus a nia, Aillel. Ghearr sé tráma ar mhac Aillel, den mhéad sin na bhféidir leis labhhairt a thuilleadh. Rinne sé balbhán de. Chomh maith le sin, dhíbrigh sé an gasúr óg seo agus mar sin, cuireadh Maol Loingseach air.
Chuardaigh Aine an tír ó bhun go barr le haghaidh leigheas éigin ach níor éirigh léi teacht ar bhiseach an ar bhfadhb, go dtí gur chuaigh an bheirt acu chuig cluiche iomána. D’éirigh Maol Loingseach an-tógtha leis an gcluiche, agus sa deireadh, nuair a bhuadh an cluiche, scread sé leis an lucht féachana agus baineadh siar as na daoine thart air.
“Labhraidh sé” dúirt siad le chéile, agus as sin amach, glaodh Labhraidh Loingseach air.
Anois, de bharr gur féidir leis labhairt arís, bhí sé tuillte de Labhraidh Loingseach seasamh mar Ardrí na hÉireann. Chuir an cumas seo i mbaol é. Mar sin, d’éalaigh sé le hÁine chuig na Fraince. D’fhás Labharaidh Loingseach anseo agus throid in airm Rí na Fraince, ag gnóthú post d’ardchéim dó féin.
Faoi dheireadh, le arm na Fraince agus arm Mumhan in aon leis, d’ionsaigh Labhraidh Loingseach Cúige Laighean agus a sheanuncail. Nuair a bhí Laighean buaite aige, sheol sé teachtaireacht chuig Cobhthach Caol ag tabhairt cuireadh dó suígh i bhféasta leis, chun síochán a shocrú.
Dar ndóigh, mhotaigh Cobhthach Caol airdeallach agus é ag glacadh leis an gcuireadh. Thóg sé a airm ar fad leis agus bhuaileadar le Labhraidh Loingseach ag a dhún aisteach. Roimh an féasta, d’ordaigh Labhraidh Loingseach le harm Mumhan dún iarainn a thógáil. Tógadh gach gné de le iarann. Na ballaí, an dian, fiú na tairne iad féin. Chlúdaigh siad an dún ar fad le hadhmad agus chuir siad gach píosa iarainn faoi rún. Níor aithin Cobhthach Caol ná a arm rud ar bith aisteach faoin dún, ach fós, ní raibh muinín ag Cobhthach Caol ina gharnia.
“Fáilte romhat isteach, m’Ardrí,” arsa Labhraidh Loingseach, ag síneadh a lámh chuig an dún.
“A nia, ní chuirfidh mé duine ná fiú cos isteach sa dún sin roimh a bhfeicim tú ag siúl ann romham,” arsa Cobhthach Caol.
Bhí ionadh ar Labhraidh Loingseach. Níor cheap sé go dtarlóidh seo. Bhí a fhios aige féin nar bhféidir leis duine d’arm féin a chur isteach sa dún.
“Má tá faitíos ort, a hArdrí, rachaidh mé isteach os do chomhair,” arsa Áine.
D’fhéach Labhraidh Loingseach go géar i shúile a mháthair.
“Nach dtuigeann tú céard ab ea sa dún seo?” cheap sé.
Ach chonaic sé gur thuig a mháthair céard a bhí á rá aici.
Le sin, shiúil sí isteach sa dún iarainn. Bhí Cobhthach Caol sásta le sin agus lean sé, chomh maith lena arm iomlán í isteach.
Le crói trom, thug Labhraidh Loingseach an t-ordú d’arm agus dúnadh an t-aon doras don dún. Chasadh an ghlas agus chaith an arm Mumhan tuilleadha dhmad ar an ndún iarainn. Nuair a bhí dóthan adhmaid air, lasadh trí thine é agus cócaráladh gach éinne a bhí istigh ann. Deirtear gur chuala Labhraidh Loingseach a mháthair taobh istigh den dún agus í ag abair leis a dhíoltas a bhaint amach, dó fein agus di, i gcoinne an fear ar mharaigh a sheanathair agus a athair.
D’éirigh le Labhraidh Loingseach ina Ardrí i ndiaidh sin, ach is cinnte nach mbeadh an stadas seo faighte aige gan a mháthair.
Is téama athfhillteach é seo i rith finnscealta na hÉireann, de mná, go háirithe máthracha ag básaigh dá muintir.
Chun súil a chaitheamh ar Chessair agus ar Thailte. Bhásaigh Cessair tar éis na céad daoine a thógáil go hÉireann ar thrí long ar thó sí í féin. Deirtear gurb ise an príomhchúis le mhaireachtáil na ndaoine seo agus gur bhfuair sí bás de chroí bhriste tar éis aire a thabhairt dóibh seo ar feadh an méid sin blianta. Chomh maith le sin, bhásaigh Tailte tar éis dhá má déag a ghlanadh in oíche amháin. Ní sin le rá gur bhain sí an salachar de ach gur bhain sí na crainn de. Déanadh seo, déanadh mánna a ghlanadh ionas gur féidir le sochaí maireachtáil ar an dtalamh sin.
Mar sin, feicimid an riachtanais ar bhain le mná díreach ar son fadmharthain daoine na hÉireann agus na híobairtí a rinneadar ar ár son.
B’shin é ár scéal ar bhás Áine.
Comments