Déithe Daoibh, is mise Rachel Nic Aoidh agus fáilte chuig an tríu cuid dar sraith sé chuid ar Bheatha agus Bás. An tseachtain seo, beimid ag caint faoi Lugh Lamhfháda agus a bhás anabaí.
Is é Lugh Lámhfhada ceann de na déithe is iomráití i Miotioseolaíocht na hÉireann. Mar bhall den Tuatha Dé Danann, bhí aithne ar Lugh mar laoch, ceardaí, rí agus tuilleadh eile. Is mac é le Cian de na Tuatha Dé Danann, agus Eithlin, iníon de Balor Drochshúil, dena bhFomhóraigh.
Is féidir Lugh a nascadh le go leor daoine éagsúla i Miotaseolaíocht na hÉireann. Is mac altrama é den dia farraige, Manannán Mac Lir. Chomh maith le sin, creidtear gurb eisean athair Chú Chulainn.
Tá iomaí turais a rinne Lugh a labhraítear faoi fós inniu. Ceann acu ar cheann de na chéad scéalta ar labhair muid faoi, Teacht Lugh ar Theamhair. Agus é ina ghasúr, thaistil Lugh go Teamhair le dul isteach i gcúirt Ardrí Nuada de na Tuatha Dé Danann. Stopadh ag an doras é, agus fiafraíodh cén scil a bhí aige, le teacht isteach i dTeamhair. Dúirt sé le na coimeádaithe dorais níl scil amháin aige, ach go leor. Mhaígh sé gur shiúinéir, curadh, gabha, draoi agus tuilleadh eile a bhí ann. Diúltaíodh é, mar dúirt lucht an dorais go raibh duine éigin acu do ghach ceann de na scileanna sin. Mar sin dúirt Lugh leo an t-Ardrí a fhiafraigh an bhfuil aon duine aige a bhfuil na scileanna go léir acu, agus dá mbeadh, d’fhágfadh sé. Dar ndóigh, ní raibh agus mar sin ligeadh dó teacht tríd. Bhí an t-Ardrí chomh tógtha sin le scileanna Lugh, gur lig sé dó dul isteach ina chúirt mar Phríomh-Ollamh na hÉireann.
Le linn an Dara Chatha Mag Tuireadh i gcoinne na bhFomhórach, mharaigh Balor an t-Ardí Nuada. Thug Lugh aghaidh ar Bhalor, agus d’úsáid Balor a shúil nimhiúil ar mharaigh aon duine a bhféachann isteach ann. Mar sin féin, scaoil Lugh sleá isteach ina shúil agus amach cúl a chinn, ag marú a sheanathair láithreach.
Tar éis seo, d’aimsigh Lugh Bhres, iar-Rí leath-Fhomhórach na Tuatha Dé Danann, buailte agus eagla air. Bheir Bres ar feadh a shaol, agus réitigh Lugh é a spáráil, ach ina mhalairt sin, bhí ar Bhres a rúin faoin dtalamh a roinnt le na Tuatha Dé Danann, lena n-áirítear cathain a threabhadh, a shíol agus a bhaint. Ag deireadh an chogaidh, sheas Lugh mar Ardrí na hÉireann agus rialaigh sé ar feadh blianta fada.
I bhfad tar éis a rialú thar Éirinn, bhuail Lugh lena chríoch. Fuair sé amach go raibh a bhean, Buach, mór le Cermait, mac an Dagda. Tar éis dó foghlaim faoi seo, mharaigh Lugh Chermait. Mhionnaigh an triúr mac Cermait: Mac Gréine, MacCécht, agus MacCoill díoltas ar an t-Ardrí. Tar éis dóibh Lugh a ghabháil, báthadh é i loch, agus mar sin tugadh Loch Lugborta ar an áit sin. Bhí Lugh i gceannas ar feadh 40 bhliain, agus ba é seo tús an deiridh do na Tuatha Dé Danann.
Bhí Lugh mar dia ina raibh baint aige leis an gCeartas. Feicimid é seo ina bhua thar na Fomhóraigh, chomh maith leis an gcaoi ar chaith sé le Mhic Tuireann. Bhí sé cliste go leor le fios a bheith aige gan na fir sin ar mharaigh a athair a mharú é féin, toisc go mbeadh air fíneáil fola a íoc. Ach, gan amhras mharaigh sé an fear ar luígh lena bhean chéile. B’fhéidir go ndearna sé amhlaidh as díograis?
Cé gur mharaíodh é, ní bhfuair Lugh bás i ndáiríre. Bhí sé ina chónaí san Alltar. D’fhill sé sa Rúraíocht tamall ina dhiaidh sin. Is anseo ar ghinn sé Cú Chulainn. Nuair a ghortaíodh Cú Chulainn le linn na gcathanna, thug Lugh cuireadh dó filleadh ar an Alltar agus sheas sé ina áit san Áth.
Níl aon duine cinnte cad a tharla do Lugh tar éis an Rúraíocht. Ach creideann cuid go bhfuil sé fós ag fánaíocht san Alltar, ag fearadh agus ag fanacht le cuidiú le laoch eile in am a riachtanais.
Ba é seo ár scéal ar Lugh Lámhfhada. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.
Commenti