Déithe Daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine, agus fáilte chuig an ceathrú cuid dár sraith sé-chuid ar Bheatha agus Bás. An tseachtain seo caite, labhair muid faoi bás Lugh. An tseachtain seo, chasamaid ar a mhac, Cú Chulainn, ceann de na laochra is dochreidte agus is fuilbháite le chos a chur ar thalamh Éireann.
Tagann scéal Chú Chulainn ón Rúraíocht, go háirithe i leith scéal na Tána. Tagann an sraith seo i ndiaidh cúlú na Tuatha Dé Danann. Is iad na Cúigí na sárchumhachtaí in Éirinn faoin am seo. Riallaigh Banríon Medb Cúige Chonnacht lena fear Aillel i Rath Cruachan. Ba mac le Ross Ruadh, Rí Laighean é Aillel. Ach b’iníon í Medb le Eochaid, Ardrí na hÉireann. B’iad an bheirt seo ceann de na príomhtiománaí den Táin. Thíos sa Thuaidh, sheas Conchubhar Mac Nessa mar Rí Uladh agus shuígh sé in Eamhain Mhacha. Deichtre is ainm dá dheirfiúr. Is í seo máthair Chú Chulainn.
Tar éis bua Chú Chulainn Bearna an Tuaiscirt a chonsaint, d’fhill Medb ar Rath Cruachan, an deargbhuile uirthi. Sheas Cú Chulainn ina bealach don uair deireanach. Le sin, chuaigh sí ag bailiú comhghuaillithe, le cúis áirithe ina hintinn. Labhair sí le Lugaid Mac Cú Roí, Erc Mac Cairbre, agus le hiníonacha Calatin. I rith an chogaidh seo, mharaigh Cú Chulainn Cú Roí, Cairbre, agus Calatin. Is cinnte an rud é gur theastaigh díoltas óna bpáistí.
Ba draoithe cumhachtacha iad Iníonacha Calatin. Bhí an triúr acu míchumtha óna rugadh iad agus trí shúile le roinnt eatarthu. Chuaigh siad thar fud an domhain ag leathnú a gcuid scileanna. Tar éis dóibh bualadh le Banríon Medb chaith siad a súile ar Eamhain Mhacha lena ndíoltas a bhaint amach ar dhúnmharfóir a hathrach.
Sheas siad lasmuigh den dún agus chruthaigh siad saighdiúirí de ghais agus duillí darach. Lena ndraíocht, chum siad ceol an chogaidh. Shuígh Cú Chulainn aníos ina leaba agus shínigh sé dá chlaíomh. Chonaic Geanann Mac Cathbad é ag éirí le troid agus ghreamaigh sé é sa leaba.
“Níl ann ach asarlaíocht agus cleasaíocht!” arsa Geanann.
“Tá m’fhir ag fáil báis amuigh ansin!” d’fhreagair Cú Chulainn.
“Tá dul amu ort, a chara. Níl ann amach ansin ach Iníonacha Calatin ag iarraidh tú a mhealladh chun do bhás,” mhínigh Geanann.
Tháinig Cathbad, Arddraoi Conchubhar Mac Nessa chuig Cú Chulainn le na saoithe eile leis an rud chéanna a athrá. Faoi dheireadh, shocraigh siad an Cú. An oíche dar gcionn, d’fhill na iníonacha ar Eamhain Mhacha. Thosaigh an ceol arís agus níor bhféidir le Cahtbad fiú Cú Chulainn a stopadh le fearadh amach ar an láthair taobh amuigh den dún. Chonaic Cú Chulainn Gradh Mac Lir ag seasamh ar an má. Chomh maith le sin, chuala sé ceol na cláirsí mic Mangur ag seinnt ceol na sí. Uaidh seo, thuig sé nach mharfadh a neart ná a mhisneach i bhfad. Thiontaigh duine de na iníonacha Calatin ina préachán agus d’eitil sí thar an dteach ina raibh Cú Chulainn, ag caitheamh masla ar a ainm.
Streachail Cathbad leis a shocrú arís, i gcónaí ag cur i gcuimhne dó go dtiocfadh Conall Cearnach le cabhrú leo go luath. Thóg se na mná ar fad sa dún le Cú Chulainn a shocrú an uair seo, lena gceol féin, ag glanadh a intinn d’aon meabhall. Faoi dheireadh, cuireadh críoch leis an lá agus le cleasanna na n-iníonacha Calatin.
Nuair a chuala Conchubhar céard a bhí ag dul ar aghaidh in Eamhain Mhacha agus céard a bhí á bhfulaingt ag Cú Chulainn, athluaigh sé le Chathbad an tábhacht a bhí ann leis a choimeád in Eamhain Mhacha. Ós rud é gur chuaigh Cú Chulainn le fórsaí na hÉireann a throid ar a aonar, gan chúineamh ón dtuaisceart, thuig Conchubhar go marófar é agus go caillfeadh siad aon seans a bhí acu in aghaidh Medb.
Mar sin, chomhairligh Conchubhar dóibh dul chuig Gleann na Bodhar. Tar éis an-chuid mealladh, d’aontaigh Cú Chulainn frestal ar an áit seo. Níor theastaigh uaidh Eamhain Mhacha a fhágáil in aon chorr mar cheap sé go gceapadh fórsaí an deiscirt go raibh sé ag culú, ag rith uathu ach chuaigh sé ar aon nós. Chuaigh Cathbad, Geanann, Niamh, dlúthchara le Cú Chulainn agus na filí eile in Eamhain Mhacha leis. Ní dheachaigh bean Chú Chulainn, Emer leis, ach chuir sí iallach air gan an ghleann a fhágáil gan cead Niamh. D’aontaigh Cú Chulainn le na téarmaí seo chomh maith.
Shocraigh an bhuíon seo i nGleann na Bodhar. Lean na hiníonacha Calatin iad agus thosaigh siad lena gcleasanna arís. Níor éirigh leo arís agus tháinig frustrachas ar Bhadb Nic Calatin. Thiontaigh sí í féin i bhfoirm bhanseirbhísigh agus isteach léi sa champa. Mheall sí Niamh agus na banseirbhísigh eile amach ón nGleann. Nuair a bhí leor faid eatarthu agus an champa, d’ardaigh an bheirt eile dlúthcheo. Níor bhféidir le na mná eile teacht ar a mbealach ar ais mar sin. Isteach le Badb arís sa champa, an uair seo, i bhfoirm Niamh. Bhuail sí le Cú Chulainn, deora ina súile aici.
“Mo chúín. Tá Dún Dealgáin dóite agus Muirthemne scriosta ag fórsaí na hÉireann. Mo lucht gur theantaigh mé anseo tú.”
“Mo bhrón, go scriosfar m’áit dúchais,” arsa Cú Chulainn.
“Téigh anois, tugaim mo chead duit,” arsa Badb Nic Calatin.
Le sin, dhreap Cú Chulainn a fhallaing timpeall air ach thit an dealg órga de, ag sádh a chos. D’fhág Cú Chulainn an puball agus d’ordaigh sé le Laeg, a charbadóir, le na capaill Liath Macha agus Dubh Sainglend a chuir faoin gcréachta. Chonaic an bhuíon céard a bhí idir lámha aige agus chuaigh Cathbad leis a stopadh.
“Mo mhac, fan lá amháin eile agus féadfaidh mé tú a chosaint ón asarlaíocht go léir atá ag iníonacha Calatin. Geallaim duit.”
“A mháistir, níl cúis liom a chosaint, tá mo shaol ag teacht chun deiridh agus tá mo thír á scriosadh. Thug Niamh a cead dom agus b’shin an t-aon a bhí uaim.”
Fiú nuair a d’fhill Niamh agus dúirt sí leis gurb Badb Nic Calatain ar labhair sé leis, níor éist Cú Chulainn léi. Chinn sé dul ag troid.
Chas sé ar Laeg agus é ag streachailt le na gcapaill. Gach uair ar chuaigh sé leo a chur faoin gcréachta, bhog siad níos faide uaidh. Ní thiocfadh Liath Macha gar do Chú Chulainn fiú.
“Is mí-thuar é sin, cinnte,” arsa Laeg.
“Is cinnte go bhfuil,” arsa Cú Chulainn ag casadh ar a chapall. “Ní raibh tú chomh mímhúinte seo liom ariamh.”
Chas an Liath Macha chuige agus lig sé deora fola aonarach ar chos Chú Chulainn. Cuireadh an dá chapaill faoi gcréachta agus ar aghaidh le Cú Chulainn agus Laeg. Chuadar thar Eamhain Macha agus níor bhféidir le Leabharcham ná Emer fiú stop a chur leo. Níor stad siad go dtí gur shroich siad teach máthar Chú Chulainn.
Anseo, thug Deichtre fíon dá mac ach nuair a chuir sé a bheola leis, bhlas sé fuil. Dhoirt sé an soitheach ar an dtalamh. Athlíon sí an cuach agus arís bhlas Cú Chulainn fuil. Don tríú uair líon Deichtre an cuach agus is lán le fuil a bhí sé. Rinne Cú Chulainn smidiríní den chuach agus d’fhág sé a mháthair ansin, ag casadh a aghaidh ar an dtroid le teacht.
Is anseo ar chonaic Cú Chulainn bean ag nígh cathéide de fuil san áth. Thuig sé gurb a chathéidí a bhí á nígh aici agus gur chomhartha é seo go raibh bás ag drudim leis. Choinnigh sé air go dtí gur shroich sé triúr bhan ar thaobh an bhóthair. Thairgeadar píosa feola mhadra dó. Anois, tar éis dó an chéad Cú Chulainn a mharú agus é ina ghásúr, bhí Cú Chulainn anois faoi gheasa gan feoil madra a bhlasadh. Ach chomh maith le sin, bhí gach gaiscíoch in Éirinn faoi gheasa gan fláithiúlacht ar bith a dhiúltiú. Mar sin, ghlac Cú Chulainn leis an mbéile seo agus chaill sé a neart i leath dá chorp. Chreidtear gurb iad an Mórríghan na mná ar thairg an bia seo dó.
Lean Cú Chulainn agus Laeg an bóthar Meadhon-Luachair agus chuadar timpeall ar Shliabh Fuad go dtí gur shroich siad Erc Mac Cairbre ar an mbóthar. Faoin am seo, bhailigh Erc fórsaí Laighean agus bhailigh Lugaid Mac Cú Roí fórsaí Mumhan le chéile le harm Medb. Chuir an bheirt acu na gaiscígh ag troid agus triúr draoi ina measc.
Chuaigh Cú Chulainn chomh fada leis an gcéad draoi.
“Tabhair dom do shleá,” arsa an draoi.
“Teastaíonn sé uaim i bhfad níos mó ná a dteastaíonn sé uait, a chara,” arsa Cú Chulainn.
“Muna dtugann tú dom é, cuirfidh mé drochainm ort,” arsa an draoi.
“Ní chuirfeadh drochainm orm de bharr mo dhiúltiú roimhe seo,” arsa Cú Chulainn.
Le sin, chaith sé an slea trí chloigeann an draoi. Bhailigh Lugaid Mac Cú Roí an sleá seo agus chas sé ar na hiníonacha Calatin.
“Cé a mharófar leis an sleá seo?” d’fhiafraigh sé.
“Marofar rí leis an sleá seo,” d’fhreagair siad.
Chaith Lugaid an sleá ar ais ar Chú Chulainn ach theip air é a bhuladh. In áit sin, mharaigh sé Laeg, Rí na gCarbadóirí.
“An lá seo, seasfaidh mé mar throidaire agus mar charbadóir,” arsa Cú Chulainn agus d’fhág sé slán lena chara.
Bhuail sé ansin leis an dara draoi.
“Tabhair dom do shleá,” arsa an draoi.
“Teastaíonn sé uaim i bhfad níos mó ná a dteastaíonn sé uait, a chara,” arsa Cú Chulainn.
“Muna dtugann tú dom é, cuirfidh mé drochainm ar Chúige Uladh.”
““Ní chuirfeadh drochainm ar Chúige Uladh de bharr mo dhiúltiú roimhe seo,” arsa Cú Chulainn.
Le sin, chuir Cú Chulainn a shleá trí chloiginn an dara draoi. An uair seo, bhailigh Erc Mac Cairbre an sleá.
“Cé a mharófar leis an sleá seo?” d’fhiafraigh sé ar iníonacha Calatin.
“Marofar rí leis an sleá seo,” d’fhreagair siad.
Chaith Lugaid an sleá agus d’eitil se tríd an Liath Macha, Rí na gCapaill. Scaoil Cú Chulainn leis agus d’fhág sé slán le chara eile. Tháinig sé chomh fada leis an dtríú draoi.
“Cú Chulainn, tabhair dom do shleá,” arsa an draoi
“Teastaíonn sé uaim i bhfad níos mó ná a dteastaíonn sé uait, a chara,” arsa Cú Chulainn.
“Muna dtugann tú dom é, cuirfidh mé drochainm ar do ghaolta.”
“Ní shroichfidh scéal na catha seo mo ghaolta, ní fiú fillfidh mé orthu. Níl mórán saoil fágtha ionam,” arsa Cú Chulainn.
Le sin, chuir Cú Chulainn a shleá trí chloiginn an tríú draoi. Arís, bhailigh Lugaid Mac Cú Roí an sleá. Don uair deireanach, chas sé ar iníonacha Calatin.
“Cé a mharófar leis an sleá seo?” d’fhiafraigh sé.
“Marofar rí leis an sleá seo,” d’fhreagair siad.
Chaith sé an sleá agus d’eitil sé trí chorp Chú Chulainn, Rí Laochra na hÉireann. Thuig Cú Chulainn go raibh deireadh taghta lena shaol nuair a thit a phutóga as. D’fhág Dubh Saingleand Cú Chulainn ansin ach d’éirigh sé fós.
“Tá fonn orm deoch uisce a ghlacadh,” arsa Cú Chulainn.
“Ligfimid duit dul chuig an loch má gheallann tú filleadh orainn,” arsa na fir.
“Muna bhfillim, tar agus bhailligh mé,” d’fhreagair Cú Chulainn.
Bhailigh Cú Chulainn a phutóga agus chuaigh sé chuig an loch. D’ól sé uaidh agus ghlan sé a chorp. Thuisligh sé aníos barr cnoic. Ceangall sé a chorp le ghallán, ionas go bhfaighfeadh sé bás agus é ag seasamh.
Ní shé go dtí gur thuirling fiach dubh ar a ghualainn gur tháinig na fir eile gar dó. Sheas Lugaid os comhair Cú Chulainn agus bhain se a cheann de. Nuair a bhí seo déanta aige, thit claíomh Chú Chulainn dá lámh agus scar sé lámh Lugaid óna chorp. Le sin, bhain Lugaid lámh Chú Chulainn de agus is ansin a deirtear go múchadh a sholas laoich.
Is é sin ár scéal ar bhás Chú Chulainn. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.
Commentaires