Déithe Daoibh. Rachel Nic Aoidh is ainm dom agus fáilte chuig an chéad cuid dár sraith sé chuid ar Bheatha agus Bás. Sa sraith seo, féachfaimid ar chuid de na laochra finnscéalacha i Miotaseolaíocht na hÉireann, agus foghlaimeoimid faoi conas agus cén chúis ar bhfuair siad báis. An tseachtain seo beimid ag féachaint ar bhás Oisín.
Mar is eol daoibh go léir, tá scéal Oisín agus Niamh í dTír na nÓg ar cheann de na scéalta is aithne i Miotaseolaíocht na hÉireann. Ach má tá cuid agaibh anseo le foghlaim, seo roinnt faisnéise ar Oisín.
Ba mhac é Oisín leis an laochra Fionn Mac Chumaill, ceannaire na bhFianna. D’fhás Oisín suas mar an fear is áille, leis an gcroí is íne agus na gníomhais is cróga. Mar ghasúr, d’éirigh leis sna tástálacha chun dul isteach sna Fianna, lena n-áirítear rudaí cosúil le bheith curtha suas go dtí an choim agus tú féin a chosaint ó na Fianna, nó ocht leabhar filíochta a fhoghlaim agus a bheith in ann iad a chanadh leis an áilleacht sin a thabharfadh gach duine le deora.
Ba ghearr go raibh Oisín ina cheannaire ar cheann de na dream sna Fianna, agus cheap gach duine go raibh sé ar aon lena athair. Bhí grá acu go léir dó, agus canadh a cháil ar fud na tíre.
Lá amháin, bhí Oisín ag faire ar éirí na gréine ar an dtrá. Bhreathnaigh sé ar sholas na gréine ag iompú ina fhís de bhean ag marcaíocht ar chapall bán síos cosán órga na farraige. Agus í ag druidim leis, chonaic sé gurb í an bhean is áille dá bhfaca sé riamh.
Chuaigh an bhean chuige agus dúirt sí leis gur Niamh Cinn Óir as Tír na nÓg is ainm di. Chuala sí na scéalta faoina chrógacht agus a chroí íon, agus theastaigh sé uithi. D’inis sí dó faoi Thír na nÓg, agus faoin gcaoi ar thír gan bhrón ná éadóchas a bhí ann, áit nár bhog am ann agus a bhféadfadh laoch fanacht láidir go deo. D’iarr sí air bogadh ansin léi agus a bheith ina fear céile di.
Agus a chroí lán de ghrá do Niamh agus grá don eachtra, léim Oisín ar chúl an chapall bháin agus mharcaigh an beirt acu trasna na dtonnta go Tír na nÓg. Ansin, phós sé Niamh agus tháinig sé le bheith ina fear céile grámhar di. Bhí triúr páiste acu le chéile agus grá mór acu dá chéile.
Go minic, theastaigh uaidh Oisín filleadh abhaile agus a theaghlaigh a fheiceáil, ach d’eagródh Niamh fiach nó siamsaíocht chun é a bhaint óna chuma. Tar éis an chuma ar thrí bliana, ní fhéadfadh sé neamhaird a dhéanamh ar a phian níos mó. Bhí an Fianna uaidh, agus theastaigh uaidh labhairt lena athair.
Lá amháin, d’fhiafraigh sé de Niamh an bhféadfadh sé cuairt a thabhairt ar Éirinn arís. D’inis Niamh dó faoin gcaoi a ndeachaigh am go mall agus go difriúil i dTír na nÓg, agus faoin gcaoi nach raibh an tír a raibh grá aige dó uair amháin ann a thuilleadh. Bhí Oisín trína chéile le seo a chloisteáil, ach b’éigean dó é a fheiceáil é féin sula bhféadfadh sé bogadh ar aghaidh. Mar sin chuir Niamh é ar a capall bán, agus dúirt sí leis is cuma chad a tharlaíonn, nach bhféadfadh sé a chos a chasadh den chapall agus ar thalamh na hÉireann nó nach bhfillfeadh sé ar ais uithi féin agus ar a leanaí go deo.
Agus mar sin d’fhág sé Tír na nÓg, agus tháinig sé an bealach ar fad ar ais go tír nach bhféadfadh sé a aithint. Rinneadh na foraoisí go léir inar fhánaigh sé leis na Fianna a chrapadh síos, agus a iompú ina bhféarach. Agus é ag taisteal, ní raibh ach daoine beaga, lag agus liath le feiceáil. D’fhás fiailí agus féar fiáine ar ghach dún cloiche. Ní raibh aon rud fágtha d’Éirinn a raibh aithne aige air tráth.
Nuair a chuir sé ceist ar na daoine faoi Fionn agus na Fianna, rinne siad gáire ina aghaidh as a chreidiúint i scéalta amaideacha, amhail is go raibh siad fíor riamh. Bhí a chroí briste, agus mar sin chas sé ar a chapall agus rinne sé a bhealach ar ais go Niamh agus a chlann.
Agus é ag imeacht, tháinig sé ar trí chéad fear i bpáirc a bhí ag iarraidh bollán a bhogadh le luamhán, ach bhí sé i bhfad ró-mhór dóibh. Lena chroí íon agus a chuid crógacht, dúirt Oisín leo seasamh amach as an mbealach, chlaon sé anonn ar an gcapall agus chaith sé an chloch le lámh amháin. Ach nuair a chaith sé é, bhris an diallait ar an gcapall agus thit Oisín ar an dtalamh.
An nóiméad a mhothaigh se an ithir, thosaigh na cianta ina raibh sé imithe ag teacht suas leis agus d’fhás sé ina sheanfhear go gasta. Chas an capall agus rith sé ar ais trasna na farraige. Ghlan gruaig Oisín bhán, chuaigh a matáin in olcas agus thit a chuid fiacal amach. Go mall, bhí sé ag fáil bháis. Bhí iontas ar na daoine timpeall air nuair a chonaic siad an fear láidir álainn seo ag iompú ina fhear ársa díreach os a gcomhair. Ag an am seo, bhí Naomh Pádraig in Éirinn. D’aimsigh Naomh Pádraig Oisín, agus mar sin d’inis Oisín dó gach cuntas ar na bhFianna, arb é gach rud atá ar eolas againn inniu, ó Fhionn go Oisín. Lena scéal críochnaithe, fuair Oisín bás ansin ar an dtalamh, ag fágáil a bhean agus a leanaí ina dhiaidh.
Tá Oisín ar cheann de na laochra is cáiliúla agus is iomráití i Miotaseolaíocht na hÉireann, agus tá a bhás ar cheann de na cinn is brónaí. Fuair Oisín bás ar son tír nár aithin é a thuilleadh, agus rinne sé é sin le cineáltas ina chroí. Mhair scéalta Niamh agus Oisín tríd na haoiseanna agus tá finscéal Thír na nÓg fós ann inniu.
Seo é scéal Bás Oisín. Bígí linn an tseachtain seo chugainn le haghaidh ár gcéad scéal eile.
Comments