top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a hOcht: Gabháil na hÉireann, Clár a Ceathair: Teacht na bhFear Bolg


Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an ceathrú chlár dár sraith ar Ghabháil na hÉireann. An tseachtain seo caite, labhair muid faoi teacht agus imeacht na Muintire Neimhidh. Chasfaimid inniu ar a sleachta a d’fhill ar Éirinn. Is é seo scéal Theacht na bhFear Bolg.


Nuair a d’éiligh Muinitir Neimhidh ó na Fomhóraigh, chuaigh deichniúr dóibh ó theas chun na Gréige. Mar mhalairt ar thearmann a chur ar fáil dóibh, caitheadh leis an dream seo mar sclábhaí. D’iompar siad chuile rud a bhí acu ar mhálaí ar a mbolg. Deirtear gurb é seo is cúis leis an ainm Fir Bolg, a dtugadh dóibh. Bhí an bua ag na Fir Bolg sa thalmhaíocht, agus d’iompar siad ithir thorthúil leo i gcónaí. Deirtear gur adhraigh siad an talún mar dhia dóibh.


Tar éis dhá céad bliain sa Ghréig, d’éirigh na Fir Bolg amach agus d’éiligh siad. Tháinig cúig mhíle dóibh chuig Éirinn. Nuair ar tháinig siad, roinn siad an tír i gcúig. Ba é Dela an ceannaire ar na Fir Bolg agus bhí cúigear mac aige. Thóg siad cúige amháin dóibh féin. Bhí Gann i gceannas ar Mhumhan Thuaidh, bhí Sengann i gceannas ar Mhumhan Theas. Thóg Genann Connachta agus Redraige Uladh. Fágfadh sin Sláine, an mac is óige i gceannas ar Laighean.


Ní amháin gur chruthaigh na Fir Bolg na Cúige, ach is iadsan ar bhunaigh an tArdríocht in Éirinn. Ba é Sláine Mac Dela an chéad Ardrí a bhí ar Éirinn agus lonnaigh sé i dTeamhair. Bhí bean ag Sláine agus Fuad ab ainm di. Bhí dhá dream sa Fir Bolg. Glaotar na Fir Gailióin ar an dream ar lean é. Deirtear go dtagann Gailíoin ó ghae, an seanainm a bhí as sleá. Glaotar Fir Domnann ar an dream eile den Fir Bolg. Ceaptar go bhfuil nasc idir Domnann agus an domhain. An ea go raibh na Fir Gailíoin ina dtrodairí, agus go raibh na Fir Domnann ina bhfeirmeoirí?


Lean an Ardríocht ar aghaidh ar fea seacht mbliana is tríocha. D’fhan na Fir Bolg ar Éirinn gan fadhb ar bith ó dream eile don tréimhse seo. Go dtí gur tháinig an chéad treibh eile go hÉirinn ar longa airgid. Ach is scéal eile é sin.


Is é sin ár scéal ar Theacht na bhFear Bolg. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.


0 views0 comments

Comments


bottom of page