top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a hOcht: Gabháil na hÉireann, Clár a Cúig: Teacht Thuatha Dé Danann


Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an cúigiú clár dár sraith ar ghabháil na hÉireann. An tseachtain seo caite, d’inis mé scéal theacht na bhFear Bolg daoibh. Inniu, leanfaimid ón scéal sin. Is é seo scéal teacht Thuatha Dé Danann.


An áit a d’fhágamar, bhí seacht mbliana is tríocha caite gan coimhlint ag na Fir Bolg. Ach d’athraigh seo Lá Bealtaine amháin.


Nuair a cuireadh Muintir Meimhidh d’Éirinn, chuaigh deichniúir dóibh ó Thuaidh. Shocraigh an dream seo i gceithre cathair. Ba iad, Dún Fáil i bhFailias; Dún Gor i nGoirias; Dún na Mara i Murias; agus Dún Fionn i bhFinias. Anseo, d’fhoghlaim siad fios, fáistine, agus draíocht. Tar éis dhá chéad bliain, nó mar sin, chinn siad a gcinniúint a fhíorú trí filleadh ar Inis Fáil. Ba í seo ainm eile ar Éirinn.


Sheol ceithre draoi go hÉirinn iad, le ceithre ciste.

Chuir Mórfeasa (a bhí mór le fios aige) eolas an domhain faoi cheilt sna snoiteáin ar an Lia Fáil. Ba chloch draíochta é seo a rinne gháir nuair a chuir fíorardrí na hÉireann lámh leis.

Thug Esras Sleá an Bhua dóibh. Deirtear nach theipeadh ar an duine ar bheartaigh an uirlis seo.

Thug Uiscias an Coire Ansic don Dagda. Deirtear nach bhféadfadh le duine siúil ón gCoire seo míshásta. Chuir sé deireadh le tart nó ocras ar bith a bhí ar duine ar chothaigh sé.

Agus ar deireadh, thug Seimhias an Claíomh Solais don cheannaire a bhí ar an ngrúpa seo. Nuada mac Éachtaigh ab ainm dó. Deirtear nach bhféadfá an Claíomh Solas a thruaill roimh ar bhlas sé fuil.


Ba é an Dagda ar bhailigh an cabhlach dóibh. Thóg sé bliain is lá air 300 long a bhailiú le chéile, ach ar deireadh, bhí an dream nua seo ullmhaithe le dul. Deirtear gurb é Danu máthair na déithe seo agus gurb é Béothach a n-athair. Is é seo is cúis lena n-ainm nua. Na Tuatha Dé Danann.


Thaistil an treibh seo ar feadh trí bhliain is trí oíche go dtí gur shroich siad Éirinn. Thuirling siad i gCorca Bealgatan i gConnachta ar Lá Bealtaine. Tháinig siad ar longa airgid i scamaill dhorcha. Nuair ar tháinig siad ar thalamh tirim, dhódh siad a gcuid longa. Anois, ní bheadh siad mealta le filleadh ó thuaidh. Shiúil siad agus ar deireadh, shocraigh siad ar Shliabh Rua na mBréifne.


Faoin am seo, chonaic na Fir Bolg gur tháinig treibh nua chuig Éirinn. Sheol Rí na bhFear Bolg, Eochaidh Mac Earc daoine le dul ag grinnfhéachaint ar Thuatha Dé Danann. Nuair a d’fhill na spiairí seo ar Theamhair, d’inis siad scéalta ar áilleacht an dream nua seo agus a mbua don ealaín ‘s don draíocht. Tháinig imní ar na Fir Bolg ansin.


“Céard a dhéanfaimid?” arsa duine dóibh.

“Ba chóir dúinn dul le hagallaimh leo,” arsa duine eile.

“Cinnte ach cé?” arsa an tríú duine.


Chas gach duine dóibh ar Sreang Mac Sengann agus labhair Eochaidh Mac Earc.


“Seolfaimid Sreang Mac Sengann. Is seisean an trodaire is fiachmhar atá againn. Chomh maith le sin, deirtear go bhfuil an dream seo an-álainn ar fad, mar sin, seolfaimid an duine is áille dúinne.”


D’aontaigh Sreang le seo agus chuaigh sé le hagallaimh le Tuatha Dé Danann. Bhuail sé le Draoi Thuatha Dé Danann. Cairbre ab ainm dó. Bhí ionadh ar an mbeirt acu go raibh Gaelainn ag an bhfear eile.


“Is maith liom do chuid sleánna. Níor mhaith liom a bheith ina gcoinne,” arsa Sreang.

“Táim tógtha le do chumraíocht cnáimh. Ós rud é go bhfeiceann gach duine de do threibh cosúil leat féin, is cinnte gur treibh forránta sibh,” arsa Cairbre.

“Cé sibh féin?” arsa Sreang.

“Is mise Cairbre, Draoi den Tuatha Dé Danann. Is as Tuaisceart den Domhain muid. Agus tú féin?”

“Is mise Sreang Mac Sengann, Tréanfhear na bhFear Bolg. Céard atá uaibh?”

“Is mian linn socrú anseo ar Inis Fáil ach fágfaimid sibh, Fir Bolg, le leath na tíre. Ní mhian linn cliseadh libh.”


D’fhill Sreang agus dúirt a mhéad le Eochaidh mac Earc. Chuir na Fir Bolg chun vóta é agus chinn siad nach ngéillfidís tada do Thuatha Dé Danann. Nuair a chuala Tuatha Dé Danann an cinneadh seo, bheartaigh siad féin cúlú go Sliabh Bealgatan. Ach, níor chúlaigh gach duine dóibh.


D’fhág na Mórrígna Tuatha Dé Danann le cúlú. Chuaigh an tríúr deirfiúr draíochta seo go baile Fhear Bolg i dTeamhair. Chaith Badhb, Macha, agus an Mórríghan cith draíochta ar an gcathair, ag cruthú ceo draíochta timpeall air. Freisin, chaith siad cith fola is cith tine orthu, agus na Fir Bolg ag iarraidh iad féin a ullmhú le troid i gcoinne Tuatha Dé Danann. Lean na Mórrígna ar aghaidh ar feadh trí lá ‘s trí oíche. Ar an dtríú lá, d’fhág draoi na bhFear Bolg, Ceasard a phobaill agus chan seacht bhfocaill draíochta. Ar deireadh, chúlaigh na Mórrígna lena muintir.


D’fhág na Fir Bolg gan moill agus níor stad siad go dtí gur shroich siad Loch Oirbsean. Chonaic Tuatha Dé Danann iad ag teacht aníos orthu.


“Tá aon chath déag dóibh acu,” arsa an Dagda.

“Agus againne?” arsa Nuada.

“Seacht gcath,” arsa an Dagda.

“Racfaimid in agallaimh arís leo. Seol an tAos Dána.”


Chuaigh an tAos Dána mar sin. Ceathrar Draoi a bhí ann. Cairbre, Aodh, Aodán agus Dualchas nic Dianchéachta. Theip orthu lena dtairscint. Cuireadh an scéal ar ais chuig Tuatha Dé Danann. Bhreathnaigh Nuada Mac Éachtaigh agus an Dagda ar a gcuid rogha nuair a lig an Badhb scréach. Thuig siad nach raibh rogha ar bith fágtha ach troid.


Ar lá na cinniúna, d’éirigh Eochaidh Mac Earc agus chuaigh sé chuig tobar uisce leis fein a ghlanadh. Agus é ar a aonar, tháinig triúr Thuatha Dé Danann aniar aduaidh air.


“Éirigh,” d’ordaigh siad. “Ní mharódh muid fear agus é ar a ghlúinne.”


Is ansin ar tháinig Fir Bolg le cúnamh lena Rí. Níor éirigh leis an dtriúr seo Rí na bhFear Bolg a mharú agus chúlaigh siad, ag glacadh leo luibheanna agus lusra agus iad ag rith.


Ar thaobh Thuatha Dé Danann, sheas Nuada Mac Éachtaigh leis an Dagda, Oghma an tréanfhear, Dianchéacht agus Dualchas. Sheas an tAos Dána taobh leo. In aice leo sin, sheas Déithe na hOileachta: Gobhann an Ghabha, Luchta an tSaoir, agus Créidhne an Cheardaí. Taobh thiar dóibh, sheas Tuireann lena triúr mhic: Uar, Uachar, agus Iucharba. Taobh leo sin arís, sheas Ordán agus a thriúr mhic: Beadhg, Tadhg, agus Rinde. Ar an dtaobh eile, sheas na Mórrígna laobh le Bé Chuille. Ar deireadh sheas Cáinte Mór lena triúr mhic: Cú, Cian, agus Ceithear ós comhair an seacht gcath eile a bhí acu.


Ar an dtaobh eile den machaire, sheas Eochaidh Mac Earc, Rí na bhFear Bolg. Taobh leis, sheas Callarn agus Tallarn; Sreang Mac Seangann agus Ollghán; Riarach agus Rúrach; Mearán agus Mullán. Taobh thiar, sheas aon chath déag eile. Le gháir chun catha, chlis an dá dream seo le chéile.


Throid siad go fiachmhar ar feadh tamaill fada. Faoi deireadh an lae, ba mhinic na cairn a bhí déanta de cnámha na dtrodairí. Agus an grian ag dul i luí, sheas Nuada Mac Éachtaigh i gcoinne an tréanfhear álainn, Sreang Mac Seangann. Bhuail Nuada an Claíomh Solais i gcoinne gathanna Sreanga. Níor éirigh le duine dóibh buille a bhualadh ar an bhfear eile, go dtí gur thug Sreang sheanbhuille agus thit lámh Nuada chun talún. Lig Nuada sheanbhéic agus le trí léimt, bhí an Dagda ós a chomhair leis a chosaint. Chúlaigh Sreang agus Tuatha Dé Danann ag bailiú timpeall ar a Rí. D’éirigh an ghealach agus scar an dá dream óna gcéille don lae.


Agus an troid ag leanúint, níos luaithe sa lá, chuir an tAos Dána draíocht lochanna na hÉireann. Gach uair a chuaigh duine de na Fir Bolg lena dtart a shásamh chúlaigh an t-uisce uathu. Mar sin, d’éirigh an tart iontu agus d’éirigh arís gan faoiseamh. Tháinig tart ar Eochaidh Mac Earc agus chuaigh sé go Loch Oirbsean, Loch Measc, Loch Carra, fiú Loch Conn, gan tairbhe. Faoi dheireadh, tháinig sé ar abhainn na Sionainne. Ní raibh draíocht an Aosa Dána láidir go leor tionchar a bheith aige ar aibhneacha na hÉireann.


D’ól sé anseo, ach lean an triúr fhir ar bhuail leis ar maidin é. Triúr Mac Meimhidh a bhí iontu. Throid an ceathrar seo go dtí gur mheath siad go léir. Glaotar Carn Eachach ar an áit seo anois.


An maidin dar gcionn, níorb fhéidir le na Fir Bolg teacht ar a Rí, mar sin, chuaigh Ceasard le hagallaimh le Tuatha Dé Danann. D’aontaigh siad ach fear amháin ón dá thaobh a sheoladh amach an lá seo. Nuair a d’fhág Ceasard, chuaigh Tuatha Dé Danann i mbun comhrá.


“Rachaidh mé,” arsa Oghma.

“Rachaidh, cinnte,” arsa an Dagda.

“Easaontú,” arsa Nuada mac Éachtaigh.

“Tá tú fós ar leathláimh, a rí,” arsa Dianchéacht.

“Táim ach ag troid ar son leath na hÉirinn,” arsa Nuada.


Le sin, sheas Nuada Mac Éachtaigh ar an machaire i gcoinne cé eile, ach Sreang mac Sengann, an fear ar chuir ar leathláimh sa chéad áit é.


“Má’s rud é go bhfuil onóir agat, ceanglóidh tú lámh amháin taobh thair de do dhroim,” arsa Nuada.

“Bhíomar ar chomhchéim lena chéile inné nuair a throideamar. Níl ormsa gur chaill tú do lámh.”

“Is tusa ar bhain é.”

“Fiú le sin, is gá duitse an iarmhairt a fhulaingt, ní mise.”


Le sin, thosaigh an bheirt fear ag troid arís: Nuada leis an gClaíomh Solais, agus Sreang lena gcuid sleánna. Bhreathnaigh gach súil sa mhachaire go géar orthu. Leagadh Nuada as a sheasamh agus thit sé ar an dtalamh. Bhreathnaigh Sreang Mac Sengann anuas air agus le shainbhéic, d’ardaigh sé a gha. Ach in áit é a shocrú i gcolainn Nuada, chuir sé sa thalamh é.


“Géillim,” arsa Sreang.


Le sin, roinn an dá dream Éire. Shocraigh na Fir Bolg i gConnachta. Ghlac Tuatha Dé Danann na ceithre cúige eile. Thóg na Fir Bolg dúnta ar na hoileáin cosúil le hÁrainn, Acaill, agus Inis Bó Finne.


Anois, bhí síocháin sa tír. Ach ní sin deireadh leis an scéal.


Lá amháin, shuígh spéirbhean ar an dtrá. Eireach Lí ab ainm dí. Chonaic sí fear ag druidim ar na dtonnta agus tháinig sé chuici. Bhí fáinne ór aige ar ghach mhéar. Tar éis caint is comhrá, thug sí comhluadar don bhfear seo agus luí siad le chéile. Is ansin ar ghinneadh Breas. Chuaigh an fear le fágáil agus thosaigh Eireach Lí ag sileadh deora.


“Céard is cúis le seo?” arsa an fear.

“Níl d’aimn ar eolas agam. Níl a fhios agam má bhfeicfidh mé arís thú.”

“Feicfidh, cinnte. Is mise Rí na bhFomhórach, Eolchain Deilbhe. Agus nuair a éiríonn ár mac, Breas Mac Deilbhe ina bhfear, feicfidh tú arís mé.”

“Tabhair fianaise ghealltanais dom.”

“Tóg an fáinne seo. Ná tabhair do fhear ar bith eile é agus coimead leat i gcónaí é. Nuair a éiríonn le Breas, beidh ach fear amháin sa thír a bheidh oiriúnach don órnasc seo. Is é sin an fear is gá duit é a thabhairt dó.”


Le sin, d’fhág Eolchain Deilbhe. Rug Eireach Lí ar Bhreas agus d’fhás sé go tapaidh. I gceann seachtain, bhí aois coicíse aige. Faoi coicíse, bhí aois míosa air. I gcaochadh den tsúil, bhí aois sé mbliana déag air. Is ansin ar chuaigh sé go Teamhair.


Agus Breas ag fásadh aníos, bhí fadhb i dTeamhair. Bhí rí ar leathláimh ag Tuatha Dé Danann. Theastaigh uaidh Dianchéacht lámh nua a thabhairt don rí. Ní raibh mórán muinín ag Nuada. Bheartaigh Dianchéacht ‘s a mhic, Miach agus Oirmiach súil chait a chur ar an doirseoir a bhí ar leathshúile, chun an rí a spreagadh. Rinneadh amhlaidh, ach bhí fadhb ann. Ní raibh an doirseoir in ann díriú agus é ag faire i rith an lae. Agus san oíche, chonaic sé gach luch ‘s éan agus é ag iarraidh dul i luí.


Chuaigh Miach Mac Dianchéachta sa tóir ar lámh oiriúnach a thabhairt don rí agus tháinig sé ar lámh amháin. Ba leis Modhain an Mhuicí an lámh seo. Arís, dhiúltaigh Nuada leis an lámh go faoiseamh Modhain. Gan rogha ar bith eile, d’fhiafraigh Nuada orthu lámh airgid a dhearadh dó. Dhear Dianchéacht, Miach agus Oirmiach an lámh seo, agus chruthaigh siad é le cabhair Gobhann. Glaotar Nuada Airgeadlámh ar an Rí as sin amach.


Is anois, ar tháinig Breas chig Teamhair. Ní raibh Tuatha Dé Danann ró-shásta le Nuada agus a lámh nua. Chreid siad gur mí-ádh a bhí ann. Nuair a chonaic siad Breas Mac Deilbhe, bhí an-chuid dóibh go hiomlán gafa leis. Chuir Tuatha Dé Danann chun vóta é. Chuir an Dagda stad leis an vóta.


“A ghasúr, chuir do lámh ar an Lia Fáil.”


Rinne Breas amhlaidh, ach fuaim ar bith a rinne sé dó.


Lig Tuatha Dé Danann shean osna.


“Éist, éist liom anois,” arsa Nuada. “Táim ar leathláimh. Tabharfaimid ceannaireacht bliana don ghasúr óg seo.”


D’aontaigh Tuatha Dé Danann ansin agus ba eisean an dara Ardrí den Tuatha Dé Danann a bhí ar Éire. Faraor, bhí dul amu iomlán ar Thuatha Dé Danann trí Bhreas a thofa mar cheannaire. Ach is saga iomlán é sin.


Le gearrscéal a dhéanamh as, chuir Breas cáin ar chuileadh rud in Éirinn agus chruthaigh sé aontas le na Fomhóraigh. Nuair a bhfuair Nuada a fhíorlámh ar ais, buíochas le Miach, chuir Tuatha Dé Danann Breas d’Éirinn. Chuaigh Breas le cúnamh a fháil ó Bhalor Drochsúil ansin. Ghinneadh Lugh Lámhfhada agus mharaigh sé Balor sa Dara Chath Maigh Tuireadh. Bhí síocháin in Éirinn, don mhórchuid i ndiaidh sin. Maraíodh Nuada sa Dara Chath Maigh Tuireadh, mar sin, bhí Lugh ina Ardrí ar Éirinn chomh maith leis an Dagda. Mharaigh garmhic an Dagda Lugh, tar éis dó a n-athair a dhúnmharú. I ndiaidh sin, roinn an triúr seo ardríocht na hÉireann. Mac Coill, Mac Cécht agus Mac Gréine ab ainm dóibh.


Is iadsan a bhí i gceannas nuair ar tháinig an dream miotaseolaíoch deireanach ar Éirinn. Ach is scéal eile é sin.


B’shin é ár scéal ar Theacht Thuatha Dé Danann. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.


29 views0 comments

Comments


bottom of page