Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an tríú chlár dár sraith ar ghabháil na hÉireann. Go dtí seo, labhair mé faoin gcéad dá dream le teacht ar Éirinn. Bhásaigh an dá dream seo de phlá, agus ní de choimhlint. An tseachtain seo, chasfaidh mé ar an dtríú dream le teacht ar Éirinn, agus ar an mbealach a d’fhágadar. Is é seo an scéal ar Theacht na Muintire Neimhidh.
An áit a d’fhágamar sa scéal seo, ba é Tuan an t-aon duine de Muintir Phartholóin a bhí fágtha. Mhair sé tríocha bhliain ar a aonar ar thalamh Éireann go dtí gur chonaic sé grúpa eile ag teacht ar an leaslíne. Chuaigh sé ina bhfolach.
Deirtear gur tháinig Muintir Neimhidh chuig Éirinn ar cheathar long is daichead ón Mhuir Chaisp. Ba é Neimheadh an ceannaire ar na ndaoine seo. Thóg sé bliain go leith orthu teacht ar Eirinn. Faraor, níor éirigh le ach long amháin tuirlingt ar thalamh Éireann. Ba í seo long Neimhidh. Tar éis dhá lá déag dóibh a bheith lonnaithe anseo, bhásaigh bean Neimhidh. Macha ab ainm di. Deirtear go raibh sí ag glanadh Maigh agus bhásaigh sí den strus ‘s den stró a chuir sé ar a corp. Deir cúpla duine go raibh tairngreacht aici ansin den scriosadh a bhí le teacht sa Rúraíocht agus gurb sin is cúis lena bás. Bhí ceithre mac ag Neimeadh le Macha roimh a bás. Starn, Iarbone, Annind, agus Fergus Lethderg ab ainm dóibh.
Chuir Muintir Neimhidh 4 loch agus dhá magh déag ar thalamh Éireann. Chomh maith le sin, thóg siad dhá rath. Thóg siad Rath Chimbaith i Shemne. Thóg Clann Mhic Matan Munremar rath eile in Uí Nialláin, i dTuaisceart na tíre. Thóg sé lá amháin ar Bhoc, Roboc, Ruibhne agus Rotan an rath seo a thógáil agus mharaigh Nemheadh iad roimh éirí na gréine an lá dar gcionn.
Tar éis theip orthu i gcoinne na Parthalónach, d’fhill na Fomhóraigh ar Éirinn le díoltas ina n-incheann acu. Bhuail siad lena chéile i gcath ag Ros Fraechain. Bhuaigh Muintir Neimhidh an troid seo agus mharaigh siad Gann agus Sengann, rítheacha Fomhóracha. Throid siad arís i mBadbgna i gConnacht. Bhásaigh Artur mac Neimhidh, an chéad mac a bhí aige ar thalamh Éireann, sa chath i gCnamros i Laighean. Faoin am ar throid na Fomhóraigh i gcoinne Muintire Neimhidh arís i Murbolg, ba é Conand an ceannaire ar na bhFomhóraigh agus mharaigh sé Starn Mac Neimhidh.
Tar éis naoi mbliana in Éirinn, bhásaigh Neimheadh. Níor mharaíodh é i gcath, ach bhásaigh sé de phlá. Mharaigh an plá seo 3000 de Muintir Neimhidh chomh maith. Cuireadh é in Ard Neimhidh. Is féidir teacht ar seo ar an Oileán Mór i gCorcaigh.
I ndiaidh na tragóide seo, ní raibh bac ar na Fomhóraigh ag cur Muintir Neimhidh faoi chos. Chónaigh Conand sa Túr Gloin ar Oileán Thoraigh. Gach Samhain, d’éiligh sé dhá thrian de na páistí, gráinne agus bainne a bhí ag Muintir Neimhidh. Ní raibh rogha ag Muintir Neimhidh ach iad a íobairt.
Ar deireadh, bhí siad braon den éileamh seo agus le 6000 dóibh, d’ionsaigh siad Oileán Thoraigh. Throid trí mhíle dóibh ar thalamh agus an trí mhíle eile ar mhuir. Mharaigh siad Conand agus cheapfá gurb é sin deireadh leis an scéal. Ach faraor, níorb ea Conand an t-aon ceannaire a bhí ag na Fomhóraigh. Bhí Morc ann chomh maith agus mharaigh sé gach duine de Muintir Neimhidh seachas tríocha duine dóibh mar díoltas dá chara.
D’éiligh an tríocha seo. Scar siad óna chéile. Chuaigh trian amháin dóibh ó thuaidh. Chuaigh naonar eile chuig Albain le Fergus Lethderg. Bhí Mac Fergus leo agus Britán Mael ab ainm dó. Deirtear gurb é an dream seo sinsearaigh na mBriotanach. Chuaigh an trian deireanach ó theas chuig na Gréige. Fágadh Éire folamh ar feadh dhá céad bhliain i ndiaidh sin.
Bhuel, seachas Tuan Mac Starn. Is é Tuan a chonaic an scéal seo ag tarlúint. D’fhan sé slán ó na Fomhóraigh chomh maith le Muintir Neimhidh trí a bheith ag tiontú go chorpanna éagsúla. Thiontaigh sé ina phoc, ina thorc, ina iolar, agus ar deireadh, ina bhradán.
Is í sin ár scéal ar theacht na Muintire Neimhidh. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad scéal eile.
Comments