Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an clár deireanach dár sraith ar Ghabháil na hÉireann. Go dtí seo, labhair muid faoi na dreamanna éagsúla miotaseolaíochta le teacht chun Éirinn. Labhair muid faoi feirmeoirí, gáiscígh, agus fiú déithe. Ach an tseachtain seo, chasfaimid ar na chéad daoine den chine daonna le teacht anseo. Is é seo scéal teachta na clainne Mhíle.
Faoin am seo sa scéal, bhí Tuatha Dé Danann i gceannas ar Éirinn. Tháinig an Chéad Treibh, chomh maith le na Parthalónaigh. Bhásaigh an dá dream seo de phlá. Tháinig Muintir Neimhidh agus díbrigh na Fomhóaigh iad le lámh láidir. D’fhill sliochtaigh de faicsean de Muintir Neimhidh. Glaodh Fir Bolg orthu agus d’fhan siad in Éirinn gan coimhlint ar feadh seacht mbliana is tríocha. Ag deireadh an téarma seo, tháinig Tuatha Dé Danann agus bhain siad cumhacht na tíre uathu. Chuaigh na Fir Bolg chuig na hOileáin agus chuig Iarthar na hÉireann. Chuir Tuatha Dé Danann deireadh le na Fomhóraigh. D’fhan siad i gcumhacht in Éirinn ar feadh na gcianta. B’iad Mac Coill, Mac Cécht agus Mac Gréine na hArdrítheacha deireanacha a bhí ar Éirinn ó Thuatha Dé Danann.
Lá amháin i rith riail na ndeartháireacha seo, chónaigh fear darbh ainm Íth san Ibéir. Is é seo an áit ina bhfaightear an Spáinn anois. Thóg a athair, Breogán túr san Ibéir agus dhreap Íth Mac Breogán an Túr seo. Bhreathnaigh sé siar agus bhí ionadh air tír a fheiceáil. Níor chreid a dheartháir, Breog, go raibh tír ar bith ann. Mar sin, d’fhág Íth ar long agus chuaigh sé thar lear. Tháinig sé go hÉirinn.
Nuair a chonaic sé an tír, bhain a lánsúil as ghach radharc a bhí le feiceáil ann.
“Is aoibhinn an tír í seo,” cheap sé.
Faoi dheireadh, tháinig sé chuig na hArdrítheacha agus bhí an tír le moladh aige. D’fhan sé i dTeamhair ach an oíche sin, dhúnmharaíodh é. Deir cúpla duine gur mharaigh na hArdrítheacha é. Deir daoine eile gur díreach uaisle a bhí ann. Níl le fios. Ach is cinnte le rá gur chuala an dream eile san Ibéir faoi.
Le sin, nuair a chuala rialtóirí na tíre, Eibher Donn agus Éiremhón faoi seo, líonadh a n-intinn le díoltas dá seanuncail. Chinn Clann Mhic Mhíle chuig Éirinn leis an díoltas seo a bhaint amach. Ba iad Eibher Donn agus Éiremhón beirt den chlann seo. Bhí ochtar dóibh san iomlán. An t-ainm iomlán a bhí orthu ná Clann Mhic Mhíle Espáinne. Deirtear gurb é saighdiúir na Spáinne an brí atá leis Míl Espáinne, agus b’iadsan a chlann mhic.
Bhailigh an t-ochtar seo airm le chéile agus sheol siad go hÉirinn. Bhain siad triail as tuirlingt ag Inbhear Sáille i nDeisceart Laighean ach theip orthu. Rinne siad iarracht arís tuirlingt gar go Sliabh Mis ach arís, theip orthu. Faoi dheireadh, tháinig siad chun cladaigh ag Inbhear Scéine.
Bhí a fhios ag Clann Mhic Mhíle gur chónaigh Ardrítheacha na hÉireann ar Chnoc na Teamhrach. Ach ar an ndrochuair, níorbh shios dóibh conas teacht ar an áit seo. Mar sin, chuaigh siad timpeall na tíre á lorg. Chonaic siad cnoc amháin agus dhreap siad chuig an barr. Tháinig siad ar bhean amháin ansin ar a haonar.
“Ní seo atá ann,” arsa duine amháin dóibh.
“Foist,” arsa Aimhirgin.
Chas sé ar an mbean.
“Is mise Aimhirgin. Labhraím ar son Clann Mhic Mhíle. Táimid anseo le díoltas a bhaint amach orthu siúd ar dhúnmharaigh ár seanuncail, Ith Mac Breogán. Cé tú féin?”
“Is mise Banba, bean le Mac Coill, Ardrí na hÉireann.”
“An gcabhróidh tú linn inár dtoisc?”
“Cabhróidh, ar choinníoll amháin.”
“Abair é.”
“Má bhuann tú cumhacht na tíre seo, ní mór daoibh í a ainmnigh domsa.”
“Glaofar Banba ar an dtír seo i gcónaí nuair a bhuann muid í,” gheall Aimhirgin.
Lean siad orthu ag lorg Cnoc na Teamhrach, nuair a tháinig siad ar chnoc mór eile. Anois, dhreap siad go barr Sliabh Eibhline agus tháinig siad ar bhean aonarach eile.
Lig cuid do Chlann Mhic Mhíle shainosna.
“Foist,” arsa Aimhirgin.
Chas sé ar an mbean.
“Is mise Aimhirgin. Labhraím ar son Clann Mhic Mhíle. Táimid anseo le díoltas a bhaint amach orthu siúd ar dhúnmharaigh ár seanuncail, Ith Mac Breogán. Cé tú féin?”
“Is mise Fódhla, bean le Mac Cécht, Ardrí na hÉireann.”
“An gcabhróidh tú linn inár dtoisc?”
“Cabhróidh, ar choinníoll amháin.”
“Abair é.”
“Má bhuann tú cumhacht na tíre seo, ní mór daoibh í a ainmnigh domsa.”
“Glaofar Fódhla ar an dtír seo i gcónaí nuair a bhuann muid í,” gheall Aimhirgin.
D’fhág na gaíscígh agus bhí ciall go leor acu gan cheistigh conas a ghlaofaidís Banba agus Fódhla ar an dtír seo. Bhí ciall acu gan buille a chuir ar Aimhirgin.
Tháinig siad go lár na tíre agus arís chonaic siad cnoc mór. Dhreap siad go barr Cnoc Uisneach, an áit inar chuir na hArdrítheacha corp Lugh tar éis dóibh é a dhúnmharú. Is anseo ar bhuail Clann Mhic Mhíle le bean aonarach eile. Níor lig duine dóibh osna an uair seo, ach ba bheag nár thit siad ina laige. Nóiméad amháin, is spéirbhean ar chonaic siad os a gcomhair amach. Ach, i gcaochadh den súil, thiontaigh siad ina harracht. Gan soicind, d’athraigh sí. Aghaidh álainn, aghaidh arrachtach, aghaidh álainn, aghaidh arrachtach. Bhí imní ar na gaiscígh, ach chuir Aimhirgin é féin in iúl dtí, cibé scéal. done
“Is mise Aimhirgin. Labhraím ar son Clann Mhic Mhíle. Táimid anseo le díoltas a bhaint amach orthu siúd ar dhúnmharaigh ár seanuncail, Ith Mac Breogán. Cé tú féin?”
“Is mise Ériú, bean le Mac Gréine, Ardrí na hÉireann.”
“An gcabhróidh tú linn inár dtoisc?”
“Cabhróidh, ar choinníoll amháin.”
“Abair é.”
“Má bhuann tú cumhacht na tíre seo, ní mór daoibh í a ainmnigh domsa.”
Thosaigh Donn Mac Mhíle ag gáire.
“Mo leithscéal, ach b’shin a dúirt beirt do dheirfiúracha linn chomh maith, agus fós, níor thángamar ar Chnoc na Teamhrach go fóill. Níl cúnamh ar bith agaibh dúinn.”
“Donn Mac Mhíle,” dúirt Ériú, ag casadh air.
“B’shin mise.”
“Ní mhairfidh tú anseo. Bhásfaidh tú ar mhuir. Is sin mar a chríochnófar do scoth.”
Níor labhair duine ar bith dóibh.
“Glaofar Ériú ar an dtír seo i gcónaí nuair a bhuann muid í,” gheall Aimhirgin di.
Threoraigh Ériú Clainne Mhic Mhíle chun Teamhrach ansin. Nuair a tháinig siad ar na hArdrítheacha, bhí an triúr in adharca a chéile. Ba héasca do Chlann Mhic Mhíle a fheiceáil nach raibh ag éirí go maith leo le chéile agus go rabhadar masla amháin eile ó uirlisí a bhaint amach ar a chéile.
“Is mise an rí is tábhachtaí, éist le m’ainm, Mac Coill,” arsa Mac Coill. (39)“Coimeádann an coll eolas an domhan. Gan é, níl eolas ar bith againn ar an tsaol.”
“Éist leat, a dhreatháir! Gan an céachta, ní bhainfí bia ar bith den talamh. Bhásfódh muid go léir den ocras. Bheadh muid stiúctha,” arsa Mac Cécht.
“Tá dul amu ar an mbeirt daoibh,” arsa Mac Gréine. (46)“Is í an ghrian an rud is tábhachtaí dúinn. Gan í, ní mhaireann rud ar bith ar an Domhain seo. Is ise a dtugann fuinneamh dúinn.”
Thosaigh na hArdrítheacha ag maslú a chéile arís, gan fhios de ché a bhí ag labhairt. Bhuail Aimhirgin a chlaíomh ar a sciath go glormhór.
“Éist liom anois, a hArdrítheacha. Is mise Aimhirgin. Labhraím ar son Clann Mhic Mhíle. Táimid anseo le díoltas a bhaint amach orthu siúd ar dhúnmharaigh ár seanuncail, Ith Mac Breogán.”
“Bheul, ós rud é gur theastaigh uaidh an tír a bhaint uainn, ní chuirfí mileán orainn,” arsa Mac Coill.
“Tháinig sé ag lorg tearmainn anseo. Agus mharaigh sibh é.”
“Níl cuimhne ar bith agam ar seo,” arsa Mac Cécht.
“Is cuma, cibé bhealach. Bainfimid an tír seo uaibh. Is muidne atá i gceannas ar an dtír seo anois.”
“Ní shea,” arsa Mac Gréine.
“Admhaigh gur mharaigh sibh é, nó téigh chun catha inár gcoinne. Is iad seo bhur roghanna.”
“Ní mhian linn dul chun catha i bhur gcoinne…” arsa Mac Coill.
“Ach, ní adhmháilfidh muid locht ar bith,” chríochnaigh Mac Cécht.
“Cogadh a bheidh ann mar sin,” arsa Aimhirgin.
“Fan, fan, fan ar feadh buimeata,” arsa Mac Gréine. “Níor throideamar i gcath ar feadh tamall. Níl muid ullmhaithe in aon chorr. Ach cuirfimid an dúshlán seo ós bhur gcomhair.”
“Lean ort,” arsa Aimhirgin.
“Tá an-bua againn don draíocht. Téigh amach agus seol trasna an naoú dtonn. Má éiríonn libh teacht chun cladaigh arís, géillfimid an tír daoibh,” arsa Mac Gréine.
D’aontaigh Clann Mhic Mhíle leis an dúshlán seo agus chuaigh siad amach trasna an naoú dtonn. Chomh luath is ar thrasnaigh, d’ardaigh draoithe Thuatha Dé Danann anfa draíochta timpeal na tíre. Chlúdaígh imlíne na tíre le cheo agus shéid báisteach agus gaoithe láidre i gcoinne Clann Mhic Mhíle agus iad ag teacht ar air ar Éirinn.
I rith na stoirme, thuig Arranán Mac Mhíle nach stoirm nádúrtha a bhí ann ar chorr ar bith. Dhreap sé an chrainn seoil agus bhreathnaigh sé ar Éirinn. Faraor, tháinig gaoth láidir agus chath sé é den chrann seoil. Thuirling sé ar ais sa long agus bhásaigh sé ansin.
Rinne Donn Mac Mhíle iarracht seoladh i gcoinne na stoirme agus bhris an t-anfa a long. Chlis sé i gcoinne carraigeacha faoin uisce agus bhásaigh sé ansin. Tháinig a chorp chuig an Tarbh, oileán beag in aice le Béarra. Glaotar Teach Duinn ar an áit seo anois. Is geata é don Alltar, an áit ina bhfanann anamacha dóibh siúd ar bhásaigh, roimh a théann siad ar aghaidh chuig an Alltar.
Bhásaigh Ir an tslí céanna agus cuireadh a chorp ar Sceilig Mhícheál. Bhádh beirt dearháireacha eile chomh maith.
Fágadh Aimhigin, Ébher Fionn, agus Éiremhón agus a gcuid gaiscíoch ansin. Labhair Aimhirgin Rosc Seilbhe (a dtagann ó Sheilbh Inse Fódla le Diarmuid Johnson). Dúirt sé:
“Gairm na bhfó, gairm na gcloch
Iath Éireann - is liom a gairm
Gairm na ngleann, gairm na loch
Úir Éireann - is liom a gairm”
Deirtear gur dhúirt sé seo le hurraim a thabhairt d’Ériú. Nuair a chríochnaigh sé, cuireadh deireadh leis an anfa. D’éirigh le Clann Mhic Mhíle teacht chun cladaigh agus is é Aimhirgin an chéad duine dóibh le chos a chur ar an ngainneamh. D’inis sé rosc eile.
“Gaoth ar mhuir mé, tonn ar lear
Buir bóchna mé, damh seacht mbeann,
Drúcht gréine mé, seabhac ar aill.
Torc i ngleann, lus caoin.
Eo in eas mé, loch i má,
Brí na ndán mé, ga creiche.
Dealbh éirime mé, splanc thine.
Gaoth ar mhuir mé, tonn ar lear.”
Ar an ndrochuair, níor choimeád na hArdrítheacha a gheallúint agus chuaigh Tuatha Dé Danann chun catha i gcoinne Clann Mhic Mhíle agus a n-airm. Throid Bandéithe an Fhlaithis: Banba, Fódhla agus Ériú i gcoinne an t-airm seo ach mharaíodh iad. Bíodh sin mar atá, choimeád Clann Mhic Mhíle a gheallúint dóibh agus ghlaoigh siad Banba, Fódla nó Ériú ar an dtír i gcónaí. Le triúr deartháir fágtha, chuaigh siad sa tóir ar Ardrítheacha na hÉireann. Throid siad ina gcoinne ag Tailltin, deartháir i gcoinne deartháír, Tuatha Dé Danann i gcoinne Clann Mhic Mhíle. Ar deireadh, le díoltas ina n-intinn, d’éirigh le Clann Mhic Mhíle, agus chuir siad deireadh le Mac Coill, Mac Cécht, agus Mac Gréine.
Chúlaigh Tuatha Dé Danann ansin. Thug an Dagda Sídhe dóibh siúd a bhí fágtha. Chuaigh sé féin go Sí Lachtmha. D’fhill Aengus Óg ar Sí an Bhrú. Chomh maith le sin, chuaigh Tuatha Dé Danann Sí Rúa, Sí Chealtraí, Sí na mBan Fionn, Sí Bhrí Leith, Sí Dhá Eala, Sí na mBeach, Sí Chruachan, agus Sí Feamhain. Níor bhaineadh a chumhacht iomlán ach an oiread. I ndiaidh an chatha, chuir siad stop le arbhar agus báinne ag teacht chuig Clann Mhíle. D’aontaigh an dá dream seo ansin, go rialóidh Clann Mhíle an domhain thuas, agus go mbeadh Tuatha Dé Danann i gceannas ar an Alltar.
Do Chlann Mhíle iad féin, is iadsan sinsear na Gaeil. Cine Daonna i ndáiríre. Níor ghlac Aimhirgin ról ceannaireachta tar éis dóibh an tír a bhua. In áit sin, ba iad Éiremhón agus Ébher Fionn a bhí i gceannas ar an dtír. Bhásaigh Ébher Donn ar mhuir. Rialaidh Éiremhón sa Tuaisceart agus rialaidh Ébher Fionn sa Deisceart. Ach mar is eol dúin anois, ní mhaireann Ardríocht roinnte ró-fhada.
Ní raibh Ébher Fionn an t-Ardríocht a roinnt, mar sin, chuaigh sé chun chatha i gcoinne a dheartháir Éiremhón ag Airgeadros. Bhásaigh sé agus bhuaigh Éiremhón Ardríocht na hÉireann. Shocraigh sé i Rath Oinn agus shocraigh ceannairí éagsúla ar na Cúigí chomh maith. Ba sliocht é Crimhthann Sciathbhéal de Fir Domnann, agus ba eisean a bhí mar Rí Laighean. Roinn Clann Mhic Ébher Fionn Ríocht Mhumhan. Ér, Orbha, Ferón, agus Ferghna ab ainm dóibh. Rialaigh Clann Mhic Uicce thar Chonnacht. Ún agus Étan ab ainm dóibh. Agus ar deireadh, ba é Ébher Mac Ír a bhí i gceannas ar Ulaidh.
Ba é sin ár scéal ar Theacht na Clainne Mhic Mhíle ar Éirinn. Chomh maith le sin, is é seo deireadh lenár sraith ar Ghabháil na hÉireann. Tá súil againn gur bhain sibh sult as. Bígí linn i gceann coicíse dár gcéad scéal eile.
Comments