top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a hOcht: Gabháil na hÉireann, Clár a Dó: Teacht na Muintire Pharthalóin

Updated: Aug 18, 2022




Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte shuig an dara chlár dár sraith ar Ghabháil na hÉireann. An tseachtain seo caite, labhraíomar faoin gcéad dream le teacht ar Éirinn. An tseachtain seo, chasfaimid ar an dara dream. Is é seo scéal teachta na Muintire Phartholóin.


Trí chéad bliain tar éis teacht na chéad treibhe, chónaigh fear darbh ainm, Partholón sa Ghréig. Ba eisean mac na Rí. Ach mharaigh Partholón a athair ‘s a mháthair. Sa choimhlint seo, deirtear gur chaill sé a shúil chlé chomh maith. D’ionnarb daoine na Gréige é agus d’fhág sé lena mhuintir.


Tar éis seacht mbliana taistil, tháinig Muintir Partholóin ar Éirinn. Thuirling siad ag béal na habhann Ruachtaí. Glaotar Neidín nó Ceann Mara ar an áit seo anois. Thaistil an treibh seo timpeall an oileáin. Deirtear nár bhfaca siad ach magh amháin, chomh maith le trí lochanna agus naoi aibhneacha. Ghlan Partholón trí mhaigh eile agus tháinig seacht lochanna eile chun cinn. Chomh maith le sin, ghlan Itha, seirbhíseach Phartholón magh eile. Glaotar Magh Itha ar an áit seo. Is anseo ar bhuail na Partholónaigh le na Fomhóraigh.


Deirtear go raibh na Fomhóraigh ina gcónaí ar chósta Éirinn ar feadh 200 bliain roimh teacht na muintire Parthalóin. Mhair siad tríd a bheith ag iascaireacht. Faoin am seo, is Cíocal Grichenchos a bhí i gceannas orthu. Bhí 200 fir agus 600 mná sa threibh seo. Throid an dá treibh seo i gcoinne a chéile agus bhuaigh na Partholónaigh. Cuireadh na Fomhóraigh d’Éirinn agus maraíodh an Ghrichenchosach.


Tar éis trí chéad bliain, tháinig Muintir Partholóin ar Shean Mhagh Ealta Edair. Faoin am seo bhí naoi míle dóibh sa threibh: cúig mhíle fir agus ceithre mhíle mná. Bhí triúr mhac ag Partholón lena bhean Delgnat. Chomh maith le sin, bhí iníon acu. Macha ab ainm di. Bhí mac ag deartháir Partholóin. Glaotar Tuan air.


Nuair a shroich na Partholónaigh Sean Mhagh Ealta Edair, bhuail plá leo. Maraíodh gach duine dóibh. De bharr seo, athraíodh ainm na háite seo. Anois glaotar Tamhlacht Muintir Partholóin air, nó díreach Tamhlacht.


Dúirt mé gur mharaíodh gach duine den treibh seo, ach ní shin go díreach. D’éiligh duine amháin dóibh. D’éiligh Tuan. D’éirigh leis fanacht beo ar feadh tríocha bliain lena chuid draíocht. Agus ansin, chonaic sé dream eile ag teacht ar an leaslíne. Ach is scéal eile é sin.


B’shin é ár scéal ar theacht na Muintire Phartholóin. Bígí linn an tseachtain seo chugainn, dár gcéad scéal eile.


0 views0 comments

Comments


bottom of page