top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a hOcht: Tógáil na hÉireann, Clár a hAon: An Chéad Treibh


Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an chéad clár dár sraith ar Thógáil na hÉireann. An tseachtain seo, roinnfidh mé an scéal den chéad treibh le teacht ar Éirinn.


Gan tús ró-iontach a chuir leis an scéal seo, tá firicí an scéil seo sách conspóideach. Is seanscéal atá ann agus dar ndóigh is na manaigh ar scríobh ar dtús é. Mar sin, níl cinnteacht an ós rud é gur scéal bréagstairiúil nó deargchumadóireacht atá ann. Don chúis seo, roinnfidh mé an bunleagan den scéal libh agus ansin casfaidh mé súil ar na neamhshasmhachtaí.


Ceithre mhíle bliain ó shin bhí tuile ann in aice na Meánmhara agus an Mheaspatáim. Deirtear gur chónaigh an príomhcharachtair sa réigiún seo agus deirtear léi chun trí bhád a thógáil. Thóg sí naonúr mná céad is daichead léi chomh maith le tríúr fhir. Ar na longa seo, sheol siad thiar ón dtuile. D’éirigh leo teacht ar Éirinn agus tháinig siad chun talún ansin. Ní raibh mórán san áit agus le ach triúr fhir leo, theip orthu an áit a dhaonnadh. Bhásaigh siad go léir.


Sa scéal bíobálta, is í Cessair an ceannaire ar an ngrúpa seo. Is iníon í le Bith. Deirtear gur mac é Bith le Noah ach níl tagairt déanta de sa Bhíobla. Níor lig Noah do Bhith ná Chessair teacht ar a Áirc leis mar sin thóg Cessair a cuid long féin. Sheol sí chuig Éirinn agus tháinig sí chun talún ansin. Bhí céad caoga mná ar na longa nuair a d’fhág siad, agus tríur fhir. Ach, agus iad ag déanamh iarracht teacht chun talún i nDún na mBarc, bádh dhá long. Mar sin, bhí Cessair fágtha in Éirinn le naonúr mná is daichead eile. Is iad na fir a bhí leo ná Bith, athair Chessair; Ladhra, an píolóta; agus Fintan Mac Bóchra.


Phós Cessair Fintan; phós Bith Bairrfhind; agus phós Ladhra Alba. Ach, thuig na mná seo nach mbeadh mórán seans ag an dtreibh an tír a dhaonnadh ós rud é go raibh ach trí phéire dóibh ar an oiléan. Mar sin, roinn na mná na fir. Agus is mar seo mar a chuaigh sé.


Luígh Fintan le seachtar déag dóibh. Tar éis Cessair, is iad: Loth, Luam, Mall, Mar Froechar, Femur, Faible, Foroll, Cipir, Torrian, Tamall, Tam, Abba, Alla, Baichne, agus Sille. Luígh Bith le seachtar déag eile. Tar éis Bairrfhind, is iad: Sella, Della. Duib, Addeos, Fotra, Triage, Nera, Buana, Tamall, Tanna, Nathra, Leos, Fodarg, Rodarg, Dos, agus Clos. Agus fágadh Ladhra leis an seisiúr déag eile. Dar ndóigh, a bhean, Alba agus i ndiaidh sin: Bona, Albor, Ail, Gothiam, German, Aithne, Inde, Rodarg, Rinne, Inchor, Ain, Irrand, Espa, Sine, agus Samoll.


Luaim na hainmneacha seo mar deirtear gurb iadsan Máithreacha Dúchasacha an Domhain, le hAlba do na Breatanaigh agus Espa do na Spánnaigh. Ach má’s fíor sin, cén fáth a bhfuil Tamall agus Rodarg ann faoi dhó?


Ar deireadh, bhásaigh Bith agus Ladhra den tuirse. Le caoga mná anois le shásamh, theith Fintan. Deirtear gur thiontaigh sé ina bhradán, ansin ina iolar, agus ar deireadh ina sheabhac. Filleann sé ar Éirinn mar fhear arís agus tagann sé chuig an Ardrí faoin am sin, Diarmuid Mac Cearbhaill. Le sin, roinneann sé leis, stair iomlán na hÉireann. Fiú sa leagan seo den scéal, tá cinniúnt éagsúil ag Fintan. Deirtear gur thiontaigh sé ina bhradán agus gur thit sé sa Bhóinn. Is ansin ar ith sé naoi gcnó coille le heolas ar fad an Domhain agus is eisean an Bradán Feasa.


Sa leagan seo, is éasca le feiceáil iarrachtaí na Críostaithe scéalta na hÉireann a nascadh le scéalta a reiligiún, trí ghaol a chruthú idir Cessair, an chéad bean le cos a chuir ar thalamh Éireann agus Noah.


Mar sin, sa leagan eile, níl trácht ar bith ar Noah ná Cessair. Deirtear gur Bhanbha an chéad bean le cos a chuir ar thalamh Éireann, in áit Cessair. Sa leagan seo, is iad Banbha, Fódhla agus Ériú an triúr príomhbhean sa scéal agus phós siad Mac Coill, Mac Cécht, agus Mac Gréine. Tháinig céad caoga mná agus an triúr fhir slán ar Éirinn. Mar an gcéanna, rinne siad iarracht an tír a dhaonnadh agus theip orthu. Más rud é gur lean an leagan seo slí scéal Chessair, is Mac Coill a thiontódh ina bhradán agus a thitfeadh sa Bhóinn.


An fadhb leis an leagan seo ná gur Tuatha Dé Danann iad an seisiúr ainmnithe. Is iad Banbha, Fódhla, agus Ériú ainmneacha atá ar Bhandia Triarach na hÉireann. Géilleann an leagan seo leis an nós gur ghlaodh ceann de na hainmneacha seo ar an dtír seo i gcónaí. Ach fágtar an fadhb de na fir chéile. Is clann mhic iad le Cermait, mac leis an nDagda. Is iad na Tuatha Dé Danann an cúigiú dream le teacht ar Éirinn. Mar sin, conas a raibh seisiúr dóibh anseo breis is míle bliain rompu?


Sin é scéal an chéad treibh le teacht ar Éirinn. Bígí linn, an tseachtain seo chugainn, dár gcéad scéal eile.


0 views0 comments

Comments


bottom of page