top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a Naoi: Scéalta Scanrúla II, Clár a Trí: An Fear Gorta agus an Féar Gortach.

Déithe Daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an tríú clár dár sraith ar Scéalta Scanrúla a Dó. Tá súil agam nach bhfuil ocras oraibh mar an tseachtain seo, chasfaimid ar an bhFear Gorta.


Cé hé an Fear Gorta? Deirtear gur fear cnaíte atá ann. Fear atá ocras chomh mór agus crualách air, gur is beag nach cnámharlach amháin atá ann. Glaotar Taibhse an Ocrais air. Deirtear go siúlann sé na tíre in amanna de Ghorta.


Má bhualann sé leat, seans go iarrfaidh sé ort rud éigin beag a thabhairt dó. Píosa airgid, nó bia, b’fhéidir. Má thugann tú an cineáltas seo dó, tabharfaidh sé ádh mór duit. Ach, má chaitheann tú go cruálach agus bíonn tú drochbhéasach leis, chaithfidh sé mallachtaí ort. Sna cásanna seo, taitníonn sé leis a ocras a roinnt le daoine, mar sin, seans go gcuirfidh sé mallacht ort nach mbeidh tú sásta ariamh arís, is cuma cé mhéad bia a n-itheann tú, fanfaidh a ocras ort.


Féar Gortach

Is cosúil go bhfuil an Fear Gorta gaolta le Féar Gortach. Céard é Féar Gortach? Is éard atá i bhFéar Gortach, ná píosa féar a thrasnaíonn duine agus tagann ocras tobann orthu. Is féidir an féar seo a fhesicint ar fud na tíre. De gnáth, is féar fada atá ann, le dath níos gile air ná an féar slántúil timpeall air.


Ocras

Tagann an Fear Gorta chuig daoine má chuireann siad dí-mheas ar áit atá beannaithe ag na Sí. Is féidir dí-mheas a dhéanamh ar na Sí trí béile a ithe taobh amuig, ach gan pioc de a ligeann titim ar an dtalamh. De réir dealraimh, cuireann seo isteach ar na Daoine Maithe. Má bhualann tú leis de bharr seo, ceartaigh cibé a rinne tú. Bí cinnte chomh maith, agus tú amach ag siúl, go mbíonn crústa aráinn nó gráinne i do phóca agat, sa seans go thrasnaíonn tú féar gortach. De gnáth, má thrasnaíonn tú Féar Gortach, tugann ach píosa beag bia faoiseamh duit. De gnáth.


Pat Owens

Tá scéal ann faoi fear darbh ainm Pat Mac Eoghain. Bhí Pat ag teacht abhaile ó Mullagh sa Chabhán agus tháing an Fear Gorta chuige. Chuir sé lámh leis agus d’éirigh Pat an-lag ar fad. Chomh lag sin, go raibh air luígh síos ar an dtalamh.

Bhí ar Phat é féin a tharraingt abhaile ar an dtalamh. Ní raibh sé ceart go dtí gur bhlas sé bia.


An Uaimh

Bhí fear ag rothaíocht abhaile san Uaimh lá amháin agus bhuail an Fear Gorta leis. Bhí air é féin a tharraingt abhaile ar a chuig glúine.


Dennis Ó Ceallaigh

Chuaigh Donnacha Ó Ceallaigh agus a dheartháir ag fiach lá amháin i gCeann Torc i gContae an Chláir. Bhíodar sa tóir ar ghiorriacha. D’éirigh Donnacha lag agus ocrasach agus an bheirt acu ag fiach. Thosaigh sé ag gearán den ocras ach níor éist a dheartháir leis. D’éirigh leo beir ar ghiorria amháin. Bhí Donnacha ag bánú gach soicind agus le sin, dúirt a dheartháir leis filleadh abhaile. Chuaigh Donnacha. D’éirigh se níos laige agus níos laige nuair a shroich sé balla. An t-aon a bhí air déanamh ná an balla seo a thrasnú agus bheadh a bhaile os a chomhair amach. Ach níor fhéad sé é a dhéanamh. D’fhéach sé ina lámh agus chonaic sé go raibh sé tar éis fionnadh an ghiorria a bhaint dá cheathrú. Le sin, bhain sé plaic as ceathrú nocht an ghiorria. Gan sin, mharódh an t-ocras é. Tar éis dó an ceathrú a itheadh, bhí sé go breá.


Conclúid

Is é sin ár scéal ar an bhFear Gorta agus an Féar Gortach. Bígí linn amach anseo dár gcéad scéal eile.

0 views0 comments

Comments


bottom of page