Déithe Daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fálte chuig an dara clár dár sraith ar Cheachtanna. Is é seo scéal Fled Bricreann.
I rith na Rúraíochta, roimh an Táin Bó Cuailgne, bhí clú agus cáil ag teacht ar Chú Chulainn. Bhí sé mar bhall de Ridirí na Craoibhe Rua. Mar chomhluadar aige, bhí Bricre Nimhtheanga. Bhí Cú Chulainn ach ina ghasúr faoin am seo ach bhí Bricre ina sheanshaighdiúir. Agus é i lár cath, d’fhulaing sé gortú ar fhág é gan a bheith in ann bia ná deoch ar bith a ithe ná a ól seachas min agus uisce. Tá sé le tuiscint gur éirigh sé searbh agus d’úsáid sé a teanga inniúl sin chun trioblóid a chruthu áit ar bith ar fhéad sé.
Lá amháin, shocraigh sé féasta a bheith aige agus cuireadh a thabhairt do na ridirí ar fad. Ní raibh mórán muinín ag Rí Uladh, Conchubhar Mac Nessa i mBricre. Mar sin, chuaigh sé chuig a phríomhdraoi, Sencha Mac Aillel. Mhothaigh Sencha airdeallach den cuireadh seo ach níor fhéad Conchubhar diúiltiú le cuireadh chomh fláithiúil sin. Mar sin, mhol Senchae dó glacadh leis an cuireadh ach le choinníoll a chur ar Bhricre. Is é an coinníoll ná nach mbeadh cead ag Bricre suígh sa halla féasta leo agus iad ag itheadh. Cuireadh ionadh ar Chonchubhar agus ar Shencha nuair a ghlac Bricre le na coinníollacha seo gan ghearáin.
Chuaigh Ridirí na Craoibhe Rua le Chonchubhar Mac Nessa. Ní raibh duine ar bith dóibh sásta le bheith ag dul go dTeach Bhricre. Cheap siad go léir go gcasadh sé iad ar fad ar a chéile. Ach thuig siad chomh maith, munar ghlac siad lena fhláithiúlacht, cuireadh sé iad go léir faoi gheasa. Cuireadh sé mac i gcoinne a athair, iníon i gcoinne máthair, bean i gcoinne bean. Ar a laghad le na coinníollacha socraithe air, ní bheadh mórán deis aige a ladar a chur isteach i gcúrsaí. Faraor, níor chuir seo stop lena iarrachtaí.
Agus iad ag taistil chun na féasta, bhuail Bricre le trí laochra Uladh. Bhuail sé le Laegaire Buadach, Connall Cearnach, agus Cú Chulainn agus iad ar a aonar dar ndóigh. Thosaigh sé á mholadh, ag insint don triúr dóibh gurb iadsan an laoch is cumhachtaí agus is láidre in Uladh. Ní amháin sin, ach gurb iadsan an troidaire is tábhachtaí do Ridirí na Craoibhe Rua.
Shroich na Ridirí is a dteaghlaigh Teach Bhricre agus teach iontach a bhí ann, beagnach chomh galánta le hEamhain Mhacha. Nuair a bhí gach duine suite agus réidh don dinnéar, thionlaic ochtar fear Bricre amach as an halla. Chuaigh sé gan ghearáin ach dírecah roimh ar shroich sé an doras ghlaoigh sé amach.
“Amharc thall ansin ar an Churadmhír. Is cinnte gur cheart go dtabharfar é don laochra is oillte in Éirinn.”
“B’shin mise,” arsa Laeghaire Buadach, Connall Cearnach, agus Cú Chulainn d’aon ghuth.
Le meangadh air, d’fhág Bricre. D’fhill sé ar a árasán, ar thóg sé go speisialta ionas gur fhéad sé fheiscint ar gach ní a tharla sa halla agus é imithe.
“Bheul, dar ndóigh, is ceart dom an Curadmhír a fháil, is mise tuairgnín tréan Bhreagh, casúr dearg-the na Mí, cuarthine dhearglasair,” arsa Laeghaire Buadach.
“Ach is mise laoch na dtroideanna agus na gcathanna. Tá tuilleadh bua bhainte agam agam thar na laochra eile Uladh. Ní féidir le ghaiscíoch ar bith anseo coimeád suas liom i gcath mar sin, is liomsa é” arsa Connall Cearnach.
“Tá dul amu ar an mbeirt daoibh. Is mise Cú Chulainn agus Cú Uladh. Níl laochra níos cáiliúil ná mé in Ulaidh, ná ar thalamh Éireann. Is mise buach i mBreagh, meirge geal na Life, grá geal Eamhain Mhacha, muirneach na mban céile agus na maighdean. Mar sin, is ceart dom an Curadmhír a itheadh,” arsa Cú Chulainn.
“An dtuig leat é sin a fhíorú?” arsa an bheirt eile.
Le sin, léim an bheirt ar Chú Chulainn, sleá agus claíomh ina lámha ag an triúr dóibh. Rinne siad dochar uafásach den halla agus a n-iarann ag bualadh as a chéile.
“A Rí,” arsa Sencha. “Ní iompar ceart é seo in aon chorr. Cuir stad leis láithreach.”
Fear cliste ab ea Conchubhar Mac Nessa agus mar sin, d’éist sé lena dhraoi. Shiúil sé isteach sa chomhrac gan uirlis troda air. Nuair ar éirigh sé gearr don triúr laochra stad siad lena troid agus thit a gcuid uirlisí ar an dtalamh le chling.
“A ghaiscígh. Tharraing sibh náire orainn anocht. Suígh síos anois,” arsa Conchubhar.
“Céard a dhéanfaimid faoin gCuradmhír?”
“Roinnfimid ionas go mbeidh an béile céanna ag achan duine. Agus socróimid cé hé an laoch is láidre ar lá eile.”
Mar sin, bhí síocháin sa halla. Agus mar a cheapfá, ní raibh Bricre pioc sásta le seo. D’fhág sé a arasán le dul sa tóir ar na mná a bhí na fir a bhí sa halla cheanna ag fanacht leo. Cuireadh moill ar na mná ag teacht chun na féasta mar sin, tháinig Bricre orthu taobh amuigh agus iad ag siúil. Bhuail sé le Féilime an Chroí Úir a bhí pósta le Laoghaire Buadach, Leannúir Ansa a bhí pósta le Chonnall Cearnaigh, agus Eimhear Foltchaín a bhí pósta le Chú Chulainn. Dúirt sé leis an triúr mná go mbeidh an chéad bhean le chos a chuir sa halla mar Bhanraíon na hÉireann. Thosaigh an triúr dóibh ag siúl sách gasta ach nuair a chonacadar céard a bhí ar siúl ag an mbeirt eile, rug siad ar a sciortaí agus thosadar ag rith. Leis an dtriúr bhean ag rith chomh tapaidh sin agus céad caoga beansheirbhísígh á leanúint, cheap na ridirí taobh istigh go raibh an halla á ionsú ag dream éigin. Rug siad ar a gclaíomhanna réidh le troid ach tháinig deireadh tobann leis an ruathar nuair a shroich na mná an doras.
An chéad rud eile, chuala na ridirí na mná taobh amuigh, ag labhairt lena gcéile. Is cogadh na bhfocal a bhí acu, an t-aon ní a ghearann níos daigne ná chlaíomh. D’aithin Laeghaire Buadach, Connall Cearnach, agus Cú Chulainn guthanna a mbean agus léim siad le cúnamh leo. Rith Laeghaire Buadach agus Connal Cearnach chun na taobhdoirse ach sháraigh Cú Chulainn a n-iarrachtaí. Chuir sé a mhéara faoin mballa agus d’ardaigh sé den talamh é. Agus an bheirt bean eile ag rith thar timpeall an halla, léimt Eimhear in aice lena fear agus isteach sa halla léi. Nuair ar bhog Cú Chulainn an balla, bhí Bricre ina árasán. Leis an creathadh go léir, d’éirigh Bricre míshocair agus thit sé amach an fhuinneog, ag tuirlingt sa shalachar. Lig Cú Chulainn don balla titim arís. Faoin am seo, bhí an halla nach mór scriosta.
D’fhill Bricre ar an bhféasta agus tháinig an deargbhuile air nuair a chonaic sé go raibh síocháin ann go fóill. Agus a chuid éadaí scriosta le shalachar, ba bheag nár aithníodh é. Chuir sé stad leis an mbia, ag fógairt nach mbainfeadh duine ar bith dóibh plaic eile dá bhéile go dtí gur shocraigh Cú Chulainn an teach arís.
Faoin am seo, bhí Cú Chulainn sách scriosta. Bhí sé tar éis a bheith ag troid i gcoinne beirt laoch eile, ní raibh tada le hitheadh aige agus d’iompar sé balla an halla go hiomlán saor den talamh. Ach, chrom sé a chloigeann, ag réitiú é féin leis an halla a shocrú arís. Go gairid i ndiaidh sin, thosaigh an féasta arís agus bhí an-chraic acu ar feadh naoi lá agus naoi oíche.
Shocraigh na laochra cé hé an laoch is fearr ar lá eile ach is scéal éagsúil é sin. Is é ár gceacht d’inniu gan ligint le ráflaí tú a scaradh ó do chomhghuallaithe, go háirithe nuair a thagann siad ó dhuine le bhéal bhinn.
Comentarios