Déithe daoibh, is mise Oisín Ó Dubhshláine agus fáilte chuig an chéad clár dár sraith ar Cheachtanna. Inniu, inseoidh mé daoibh scéal Bhodaigh an Chóta Lachna.
Lá amháin, sheas an Fianna ar chnoc i mBinn Édair. Chonacadar bád ag teacht isteach sa chuan.
“Cé hé sin?” arsa Cónan Maol.
“Níl sé le fios,” d’fhreagair Fionn.
“Bhuel, úsáid d’ordóg,” arsa Cónan Maol.
Níor bhac Fionn. Ní raibh cúis leis, tiocfadh an mairnéalaigh chucu go luath.
D’fhan an Fianna ar bharr an chnoic agus le sin, tháinig fear chucu.
“Cé tusa?” arsa Fionn.
“Is mise Cael an Iarainn. Táim tar éis a bheith ag taistil timpeall na hEorpa agus ó ghach tír ar thuirling mé uirthi, thóg mé cíos.”
“Maith duit,” arsa Fionn.
“Ní fhágfaidh mé go dtí go admhaítear mo thiarnacht.”
“Ní bhfaighfidh tú sin anseo, a chara,” arsa Fionn, meangadh ar a aghaidh.
“Cuirim an dúshlán seo ós do chomhair, mar sin,” arsa Cael. “Má’s féidir leat teacht ar duine ar bith gur féidir leo an lámh in uachtar a fháil orm i rás nó in iomrascáil, fágfaidh mé gan fadhb.”
“Bhuel, tá ár bhfear is gasta ar ais i dTeamhair, ach is féidir liom é a thabhairt liom anois,” arsa Fionn.
“Bailigh cibé duine ar mhaith leat. Ní eireoidh leo i mo choinne dála an scéil.”
Chuaigh Fionn mar sin, isteach sa choill ar a bhealach go Teamhair. Ní raibh sé ag siúl i bhfad nuair ar tháinig sé ar fhear sách ait. Bodach a bhí ann. Bhí a bhróga is a sciortaí casóige clúdaithe le salachar, chomh clúdaithe sin gur streachail an fear a chosa a chur in airde.
“Ceannaire an Fhianna, ag siúl sa choill… ar a aonar,” arsa an bodach.
“Táim sa tóir ar Caoilte Mac Rónan,” arsa Fionn. “Is gá dó rás a rith dom.”
“In aghaidh Cael an Iarainn?”
“An bhfuil sé chomh láidir is a deir sé”
“Faoin am ar chinn Caoilte an rás a rith, bheadh Cael críochnaithe,” arsa an Bodach.
“Céard is ceart dom a dhéanamh?” arsa Fionn.
“Rithfidh mé ina choinne,” arsa an Bodach.
Stan Fionn air ar feadh nóiméad.
“Bí píosa muinín agat ionam,” arsa an Bodach. “Cuir d’ordóg i do bhéal, muna bhfuil.”
Le sin, thóg Fionn a ordóg agus bhrúigh sé i gcoinne barr a bhéil é. Tógadh nasc idir a inchinn agus an Alltar agus mhothaigh sé eolas ag doirteadh anuas air.
Nuair ar bhain sé a ordóg, tháinig meangadh air.
“I do dhiaidh,” arsa Fionn.
D’fhill an bheirt acu ar an bhFianna. Nuair a chonaic Cael an Iarainn fear Fhionn, tháinig dath corcra ar a aghaidh.
“Is dóigh leat go rásfaidh mé i gcoinne bodach!”
“Ná bí buartha, a chroí,” arsa an Bodach. “Níl mo cháilíocht níos measa ná fuil an phrionsa is fíneálta.”
Níor fhreagair Cael, mar sin, chas an Bodach air arís.
“Cá fhad is mian leat a rith?”
“Ní rithim níos lú na seasca mhíle,” arsa Cael.
“B’shin an fad idir seo agus Sliabh Luachra,” arsa an Bodach.
“Is cuma liom, is luath a bhfágaim an tír seo, is fearr,” arsa Cael.
“Rachaimid amach inniu agus rithfidh muid ar ais ar maidin.”
Le sin, mharcaigh an bheirt amach chuig Sliabh Luachra i gCúige Mumhan. D’fhan siad ansin thar oíche. Thóg an Bodach bothán beag de chrainn ar leag sé. Níor chabhair Cael an Iarainn leis, mar sin, níor thug an Bodach cuireadh dó fanacht leis. Chuaigh an Bodach ag fiach agus mharaigh sé torc allta. Arís, níor ardaigh Cael lámh chúnta leis, mar sin, níor ith sé pioc.
Tar éis dó leath den torc a itheadh, chodail an Bodach go sámh. Níor éirigh chomh maith sin le Chael.
D’éirigh Cael ar dtús, go moc ar maidin agus thug sé cic don Bodach.
“Cuirfimid tús leis an rás anois,” arsa Cael an Iarainn.
“Ní rithim go dtí go bhfuil leor coladh faighte agam. Lean ort, a stór, agus tiocfaidh mé ort go gasta,” arsa an Bodach.
Chaith Cael an Iarainn seilleadh in aice an Bodach agus le sin, thosaigh sé ag rith.
Tar éis leor coladh, d’éirigh an Bodach agus cumadh réchúiseach air. D’ith sé an chuid eile den torc agus le sin, lean sé Cael. Ní shé gur rith sé, ach ag léimt is ag bocléimt a bhí sé. Deirtear gur chuaigh sé chomh sciobtha sin gur rith sé ar chos amháin, gur mhair an méad sin am idir é ag cur cos amháin agus an cos eile ar an dtalamh.
Go luath, tháinig sé aníos ar Chael an Iarainn.
“Ní raibh bricfeasta ar bith agat, a chroí,” arsa an Bodach.
“Níl ocras ar bith orm,” arsa Cael.
“Bhuel, d’ith mé bricfeasta, agus tá ocras orm fós,” arsa an Bodach.
Le sin, léim an Bodach arís agus chuaigh sé as radharc Chael. Tháinig sé ar dhris lán le sméara dubha. Le lámha ar nós sluasaid, thaosc sé na sméara dubha isteach in a bhéal. Agus é ag itheadh, chuaigh Cael an Iarainn thar. Léim an Bodach agus rith an bheirt acu taobh le taobh ar feadh tamaill. Chonaic an Bodach go raibh meangadh doicheallach ar aghaidh Chael.
“An inseoidh mé scéal grinn duit?” arsa Cael.
“Céard é?” arsa an Bodach.
“Bhíothas díreach ag breathnú le haoibhneas ar do sciortaí casóige,” arsa Cael.
“An raibh?” arsa an Bodach, ionadh air.
“Bhí, cinnte… nuair a chonaic mé iad teanntaithe i gcrainn, tríocha mhíle ó shin.”
Le sin, thosaigh Cael ag gáire agus an Bodach ag casadh ar ais lena sciortaí casóige a bhailliú. Faoin am ar tháinig sé orthu, ba bheag nár bhain Cael Binn Édair amach. Léim an Bodach agus bhog sé ós comhair na gaoithe, bhog sé chomh gasta sin. Chuaigh sé thar Chael gan focal uaidh ach tháinig ocras air arís.
Stad sé chun sméara dubha a bhailliú arís, ach bhí Cael ag teacht aníos air. Níor fhéad sé iad a itheadh, mar sin líon sé a chasóg leis agus ar aghaidh leis arís.
Ar deireadh, shroich sé barr Binn Édair agus thit sé ar an dtalamh, ag líonadh a bhéal le sméara dubha. Thosaigh an Fianna ag scread is ag béic timpeall air, ag ceiliúradh.
Ach bhí fear amháin nach raibh sásta. Tháinig Cael an Iarainn aníos an chnoic, a chlaíomh ina lámh aige. D’iompaigh sé a chlaíomh le cheann an Bhodaigh a bhaint de. Ach, an chéad rud eile, is ceann Chael a bhí ar an dtalamh, agus an Bodach fós ag itheadh. Sheas an Bodach agus chaith sé ceann Chael ar ais a ghualainn, ach droim ar ais a bhí sé!
Gan focal eile, chaith sé Cael ar ais ina bhád agus le cic, sheol sé ar ais go Theasal é. Stan gaiscígh na bhFianna air ansin.
“Cé tú féin? Ní díreach bodach atá ionat,” arsa Cónan Maol.
Ag coachadh a súil dóibh, d’ardaigh an Bodach gaoth agus thiontaigh sé ina ghaiscíoch láidir agus álainn, roimh dó léimt isteach sa Mhuir Ceilteach.
“Cé a bhí ann?” arsa na fir.
Thug Fionn meangadh dó.
“Dia na Farraige,” arsa seisean. “Manannán. Manannán Mac Lir.”
Mar sin b’shin é scéal Bhodaigh an Chóta Lachna agus is í na ceachtanna anseo ná: gan breithiúnas a chaitheamh ar duine ar bith, agus cinnte, i gcóinne, bí géiniúil nuair a chaileann tú.
Comments