Déithe Daoibh agus fáilte chuig an chéad chuid dár sraith cúig-chuid de Scéalta Scanrúil. Amach anseo, labhróimid faoi cúpla de na créatúir is scanrúil agus is uafásach i Miotais na hÉireann. Inniu, tosnóimid leis an bhean is scéiniúl gur féidir bualadh le, An Bhean Sí.
Tagann an Bhean Sí ó shean scéalta na hÉireann, roimh leictreachas agus na cathracha móra atá againn anois. Ach fós, bíonn sí le cloisteáil ag gol amach san oíche. As Gaeilge, is éasca le feiceáil cá áit as a dtagann a ainm, mar Bhean na Sí. Ach cé hí an chéad Bean Sí?
Mar Réamhtheachtaire an Bháis, tá bealaí éagsúla aici i gconas a dtugann sí amach a chuid rabhaidh. Deirtear gur tháinig an miotas den Bhean Sí ón Mór Ríghan, an Bhandia Triarach déanta suas ag Badb, Macha, agus Mórrigiú. I scéal na Tána, chonacamar teacht amach an Bhean Sí, nuair ar thug an Mór Ríghan a rabhadh do Chú Chulainn. Sheas sí san áth ag glanadh éadach agus cathéide de fuil. Deirtear gur thuig Cú Chulainn gur a chuid fola a bhí ann, ach chuaigh sé ag troid ar aon nós. Tar éis dó bás a fháil sa chath seo, d’eiteal an Mór Ríghan i gcorp phréacháin agus thuirling sí ar a ghualainn, ag fógairt a bhás. Mar sin, an í an Mór Ríghan an chéad Bean Sí? Is é seo creideamh fórmhór na ndaoine.
Ach céard faoin scread léanmhar? Cár as a tháinig sin? Deirtear nár bhféidir na Tuatha Dé Danann a mhárú, mar is déithe bithbheo iad. Ach fós, mharaíodh Ruadan, mac le Brighid agus Bres, agus is í seo an chéad uair a chualathas caoineadh in Éirinn tar éis bás duine éigin. Thosaigh Bríghid ag caoineadh is ag gol dá mac. I ndiaidh sin, tar éis bás duine ar bith, bheadh caointeoirí proifisiúnta ag leanúint na muintire, ag caoineadh don éagach. Mar sin, seans gurb í an Mór Rígan an fhíor Bhean Sí, ach is as Brighid a dtagann an scread léanmhar.
Agus, cén chosúlacht atá ar an mBean Sí? Bhuel, deirtear go mbíonn cumadh éagsúil uirthi ó am go h-am. Uaireanta, feiceann daoine í i gcrann, nó cromtha síos ar thaobh an bhóthair, ag caoineadh agus ag cíoradh a chuid gruaige fada. Uaireanta eile, seasann sí sna goirt, nó ar bharr chnoic. Nuair a sheasann sí, deirtear go bhfuil sí an-ard ar fad. Athraíonn a haghaidh anois is arís. Feictear í mar bhean óg, nó seanbhean. Chomh maith le seo, bíonn dath rua nó dath airgid ar a cuid gruaige. Caitheann sí gúna fada, bán, nó caitheann sí gúna ghlas le seál dubh timpeall uirthi. An t-aon nach athraíonn ná a cuid súile. I gcónaí, i gcónaí, bíonn dath dearg orthu, ní le fearg, ach le bhrón agus pian, ó a bheith ag gol go leanúnach.
Tá an-chuid scéalta an ag daoine faoina teagmháil leis an Bhean Sí. Mar a dhúirt mé, tugann sé a chuid rabhaidh i mbéalaí éagsúla. Uaireanta feictear í ag seasamh, nó cromtha síos ag caoineadh is ag scread gad stad gan staonadh gar go áit chónaithe an duine le bhás a fháil. Uaireanta eile, cnagann sí ar an ndoras faoi thrí. Tá sé riachtanach, nach osclaíonn tú an doras nuair a chloiseann tú seo, nó tógfar tú chomh maith. Anois is arís, fágann an Bhean Sí cíor dhubh ar leac fuinneoige, nó fiú i lár an bhóthair. Arís, tá sé riachtanach nach gcuireann tú lámh leis an chíor dhubh seo, agus cinnte, ná thóg isteach sa dteach leat é, nó tiocfaidh sí chugat go sciobtha.
Tá cúpla teoiric ar ché a chloiseann an Bhean Sí. Deir cúpla foinse go gcloiseann ach cúig muintir Éireannach a scairt. Is iad sin, Muintir Uí Bhriain, Muintir Uí Néill, Muintir Uí Ghrádaigh, Muintir Uí Chonchúir, agus Muintir Uí Chaomhánaigh. Deirtear go leanann sí na tréibheanna seo mar gur theaghlaigh uasal iad. Deir foinsí eile go dtugann sí a chuid rabhadh go haon muintir le Ó/Ní nó Mac/Nic ina n-ainm. An chúis le seo ná go chreidtear go bhfuil fuil de chlann Mhíle acu. B’iad sin ceann de na chéad grúpaí le teacht chuig Éire. Ach, deirtear fresin go bhfuil an Bhean Sí cloiste ag teaghlach ar tháinig le na Normánaigh. Chomh maith le seo, deirtear go mbíonn triúr Mná Sí (nó níos mó) ag caoineadh, ós rud é go bhfuil duine suntasach chun bás a fháil. De bharr seo, tá’s againn go bhfuil níos mó ná Bhean Sí amháin. Mar sin, seans go bhfuil ceann ag gach teaghlach in Éirinn. Ní bhogann an Bhean Sí, tá sí lonnaithe anseo in Éirinn, go háirithe i deisceart na hÉireann. Mar sin, creidim féin gur féidir le duine ar bith ina chónaí anseo in Éirinn í a chloisteáil, má éisteann siad géar go leor.
Anois, seo hé an méid is mó eolas ar bhailigh muid ar an mBean Sí. Ach tá i bhfad níos mó eolas ann ar na teagmhálacha a bhí ag an-chuid daoine in Éirinn aici.
Bhí fear amuigh faoin tuath san aimsir fadó. Bhí sé ag baint móna insan bportach. Bhí se déanach nuair a d’fhág sé an portach sa tráthnóna agus bhí deifir air abhaile, mar bhí tórramh sa bhaile.
Nuair a bhí se in aice an trianse, chonaic sé bean, agus í ag ní síos insan trianse agus culaith gheal uirthi. Chuaigh sé chomh fhada léi. Chuir se “Bail ó Dhia” Críostaí uirthi. Tháinig fearg uirthi. Lean sí é agus dúirt sí go dtrarraingeoidh sí an gruaig dá chloigeann. Dúirt an fear “fan amuigh ar mhaithe leat féin nó buailfeadh mé leis an speil tú.” Nuair a bhí sé ag dul go dtí an teach tórramh, lean sí é go dtí an doras agus rug sí lán a chruaib de ghruaig dá mhullach.
Bíonn sí i gcónaí ag gol is ag caoineadh in aice le tobar nó le claiseanna uisce. Níl sé ceart bac léi mar tá sí an-contráilte le daoine gan aon mhaith a bheith agat aige. Deir na seandaoine go mbíonn sí ag caoinadh i ndiaidh nuair a bhíonn siad ag fáil báis agus go mbíonn sí in aice an teach. Ní bhíonn sí ag caoinadh ach i ndiaidh cuid de na daoine.
Tháinig an scéal seo Cluain Chumhra i gcontae Ciarraí, ar shuíomh dúchais.
Sin é ár scéal ar an mBean Sí. Beidh créatúr nua againn an tseachtain seo chugainn. Bígí linn.
Comments