top of page
Writer's pictureProject Béaloideas

Sraith a Trí: Scéalta Scanrúla, Clár a Trí: Na Murúcha


Déithe daoibh agus fáilte chuig an tríú chuid dár sraith cúig-chuid ar Scéalta Scanrúla. An tseachtain seo caite, roinn muid scéal libh ar na Sí. An tseachtain seo, breathnóimid ar na Murúcha. Is iad seo na mná agus na fir a chónaíonn thíos faoin uisce.


Tá eolas ar na daoine seo ar fud an domhain agus glaotar téarmaí éagsúla orthu. Kulitu, Melusine, Sirens, Sea Nymphs, Selkie, Naiads, Rusalkas, Njuzu. Chónaigh na cine uisce éagsúla seo go léir faoin uisce. In Éirinn glaotar Murúcha ar an gcine seo. Glaotar Maighdeana Mhara orthu chomh maith.


Is créatúir álainne iad na mná den cine seo. Deirtear go mbíonn craiceann slim acu, seachas na gainní ar a droim. Caitheann siad gruaig fhada buí-ghlas faoina gcochailín draíochta. Go bunúsach tá a gcuid corp mar an gcéanna le crop mná daonna, seachas na gainní ar a droim agus baineann siad úsáid as a gcochaillíní draíochta le análú faoin uisce. Seo an áit ina bhfuil difríocht idir na Murúcha agus na Mhaighdean Mhara. Ón mbásta thíos, tá corp éisc ag na Mhaighdean Mhara. De gnáth is corp bhradáin atá acu ach tá cuntais ann a deir go mbíonn corp de phéist mhara acu.


Tá cuma iomlán éagsúl ar na bhfir den chine seo. Deirtear go mbíonn craiceann balscóideach acu agus srón dearg acu. Bíonn fiacla géara glasa acu agus gruaig le dath ghlas geal air. Tá cosa ar nós cine daonna acu ach deir cúpla cuntais go bhfuil eireaball beag, gainneach acu. Deirtear go bhfuil cuma an-ghránna orthu agus gurb í seo an chúis go mbíonn na mná ag lorg comhluadar ó bhFir Talaimh.


Tá scéalta ann faoi na teagmháil seo idir na Fir Talaimh agus na Mná Murúcha ar nós Beantiarna Ghallarais. Sa scéal seo, tháinig Risteard Mac Gearailt trasna ar bhean Murúcha ag suígh ar an dtrá, maidin amháin. Chonaic sé a cochailín draíochta agus gan fhios di, sciob sé é, agus í ag cíoradh a cuid gruaige. Tugann na cochailín draíochta an cumas fanach faoin uisce do na mná mhurúcha agus mar gheall ar ghníomh Risteard, bhí an bean uisce teanntaithe ar thalamh.


Chas an beirt acu le chéile agus thit siad i ngrá. Dúirt sí leis gur Rí na bhFarraige í a hathair agus chuala sé go raibh go leor airgid aici. Chuaigh siad le pósadh ach níor theastaigh ón sagairt iad a phósadh le chéile mar gur tháinig sí ón bhfarraige. Ghlaoigh sé iasc uirthi go minic go dtí go dúirt Risteard leis go raibh airgead ag a hathair. D’athraigh sin a intinn ar an dtort agus phós sé iad. Chaith siad blianta le chéile i dtógáil clainne ach coimeád Risteard greim docht ar an gcochaillín dearg sin. Tar éis trí pháistí a bheith acu le chéile, chuaigh Risteard amach lá amháin chuig an margaidh. D’fhág sé an cochaillín ina bhfolach sa teach agus nuair a bhí sé imithe, chuaigh an bhean sa tóir air. Níor tháining sí air, ach cheistigh sí a cuid páistí agus roinn siad léi an áit inar luígh an cochaillín. Thóg sí ar ais a cocaillín draíochta agus d’fhág sí slán lena clann. D’fhill sí ar ais chuig an usice, ar ais abhaile.


Nuair a d’fhill Risteard abhaile, chuardaigh sé a bhean ach dúirt na comharsan leis go raibh sí imithe, gur chonaic siad í ag súil chun na bhfarraige le caipín dearg. Níor athphós an fear. D’fhan sí ar a mhaighdean mhara le teacht ar ais ach níor fhill sí air riamh.


I ndáiríre, b’shin é ceann de na toradh is fearr a bhí ann le haghaidh teagmháil mar seo. Tá an-chuid scéalta ann inar ghaistigh fir, go háirithe iascairí, na Murúcha. De gnáth éalaíonn na mná ó na eangacha. Cúpla seachtain tar éis na fir ag filleadh abhaile, tagann breoiteacht orthu agus básann siad.


Chomh maith le seo, ní i gcónaí go mbíonn na Murúcha ar chomhmhéid linne. Tá scéal sna Annála den Ceithre Máistrí faoi murúch ar tháinig faoi thír san Albain. Bhí sí beagnach seasca méadair ar fad. Sin níos mór ná dhá fhad míol mór gorm. Bhí a cuid gruaige beagnach sé méadar ar fad, trí oiread airde gnáthfear. Samhlaigh sin! Tú amach ar long i lár na bhfarraige i rith na hoíche agus tagann lámh amach ón uisce dubh, le mhéara níos fada ná do chorp féin. Samhlaigh!


An scéal is scanrúil atá againn an na Murúcha ná scéal Port Láirge. Sa Dindsheanchas, tá scéal ann ar ainmniú Port Láirge. Dóibh siúd nach bhfuil a bhfuil acu, luíonn Port Láirge i nDeisceart na hÉireann, in aice leis an bhfarraige. Bhuel, lá amháin chuaigh Roth, mac Cithang, Rí Inis Áine, amach ar an bhfarraige. Bhí sé ag lorg Murúch mar go raibh scéalta cloiste aige faoin amhráin álainn a bhí aici. Rámhaigh sé thar an uisce go dtí gur tháinig sé trasna ar bhean ag snámh san uisce. Arís, bhí cuma álainn uirthi, le craiceann slim agus a leithead. Ach faoin uisce, bhí corp an péist mhara aici. Lean sí ag canadh agus Roth ag teacht níos giorra di. Nuair ar shroich sé í, chonaic sé tuilleadh mná san uisce, iad go léir ag canadh. D’ionsaigh na Murúcha ansin é agus d’ith siad é. D’fhág siad a leis agus snámh sé thar an naoú dtoinn go dtí gur shroich sé port in Éirinn. As sin, glaotar Port na Leise, nó Port Láirge ar an áit seo.


Sin é cúpla scéalta ar na Murúcha. Bígí linn an tseachtain seo chugainn dár gcéad créatúr eile.


1 view0 comments

Comments


bottom of page